Tugaimid cuireadh duit Spás Tearmainn a chur isteach i do lá, agus deich nóiméad a chaitheamh ag guí anois láithreach, agus tú ag suí os comhair do ríomhaire, le cabhair ó threoir scáileáin agus le scrioptúr a roghnaítear go speisialta gach lá.
Tugaimid cuireadh duit machnamh a dhéanamh an tseachtain seo
Bun agus barr na beatha Críostaí is ea na gaolmhaireachtaí a bhaineann léi. Creideann Críostaithe nach Pearsa aonair amháin é Dia, ach trí Phearsa san aon, agus gur gaolmhaireacht le luachmhaireacht agus le lúcháir gan teorainn an gaol atá idir an trí Phearsa. Creidimid, lena chois sin, gur mian leis an Diacht Thrí-aonta sin is Dia a lúcháir a roinnt orainn. Eascraíonn chuile rud dá bhfuil san Chosmas s’againne as cuspóir seo a tionscadail maidir leis an domhan.
Mar sin, is ionann gach ceann de na sacraimintí agus teagmháil phearsanta le Críost. Ag gach céim thábhachtach i mo shaol, bíonn Críost ansin le fáiltiú romham. Réitíonn sé cúrsaí i dtreo is gur féidir leis casadh liom ag am breithe, in aois oógántachta, ar ócáid phósta, i dtráthanna breoiteachta, ar uair mo bháis. Tagann sé mar aoi fáilteach san Eocairist chun mé a shaibhriú ar bhealaí speisialta. Éisteann a phobal lena Bhriathar agus freagraíonn siad oiread agus is féidir. Suímid chun boird i gcuibhreann Íosa san Chomaoineach.
Tá baint, freisin, ag an pheaca le gaolmhaireachtaí. Ní hionann é agus rialacha an bhóthair a shárú agus tú ag tiomáint. Tarlaíonn sé nuair a stracaim mianach luachmhar na ngaolmhaireachtaí daonna agus diaga. Gortaím mé féin, daoine eile, Dia. Tá níos mó i gceist i sacraimint an athnhuintearais ná liosta de pheacaí a aithris . Ciallaíonn sí gaolmhaireacht a athnuachan. ‘Imigh anois, agus ná déan peaca feasta.’
Nuair a chomhlánófar stair an duine, beidh ceiliúradh síoraí dea-ghaolmhaireachta le fáil agam, ag eascairt as lúcháir i nDia agus i ndaoine eile. Sna flaithis beidh chuile dhuine ina chara le cách eile.
Ins an bhás, casfaidh mé le Dia grámhar ceanúil a bhfuil dídean ullmhaithe aige faoi mo choinne. Pé leigheas is gá dom maidir le mo chumas chun grá a thabhairt, déanfar é ansin. Is ionann an creideamh Críostí a chleachtadh agus maireachtáil de réir gaolmhaireachtaí bronnta na beatha.



