Tugaimid cuireadh duit Spás Tearmainn a chur isteach i do lá, agus deich nóiméad a chaitheamh ag guí anois láithreach, agus tú ag suí os comhair do ríomhaire, le cabhair ó threoir scáileáin agus le scrioptúr a roghnaítear go speisialta gach lá.
Tugaimid cuireadh duit machnamh a dhéanamh an tseachtain seo
Is ionann gach duine dínn agus leabhar, leabhar faoi ghrásta, cé nach eol dúinn é. Is mithid duit do leabhar a oscailt. Má osclaíonn tú na leathanaigh, aimseoidh tú na príomh-théamaí agus na carachtair lárnacha. Is féidir leat machnamh ar an dóigh a chumfar na caibidlí de do shaol atá le teacht.
Is scéal faoi leith do scéalsa, scéal nach mbeidh a leithéid arís ann. É ina chéad eagrán, agus gan seans go bhfoilseofar an dara heagrán. Tá do scéal gan críoch go fóill; beidh neart leathanach eile ann – tá súil agat – le líonadh fós. B’fhéidir go gceapann tú nach bhfuil san chuntas ach gnáthscéal nach bhfuil róspéisiúil, agus cuid mhaith de leamh go leor. B’fhéidir gurb í an tsamhail atá agat díot féin ná mac (nó iníon) atá ag streachailt leat go ciúin socair; agus nach gcuirfeadh foilsitheoir ar bith le splanc céille spéis i do bheatha mar ábhar leabhair a mbeadh díol ar bith air, gan trácht ar ábhar móréilimh a bheith ann.
Ach nuair a ritheann sé leat go bhfuil comh-údar i mbun na scríbhinne leat, tagann athrú ar an scéal (go litriúil agus go meafarach). Féachann tú siar le spéis úr ar na caibidlí atá scríofa go dtí seo. Feiceann tú, de réir a chéile, cad tá ar siúl ag an scríbhneoir eile, an scríbhneoir taibhsiúil seo – Dia. Nochtar duit go bhfuil snáithe agus éirim an scéil thar a bheith saibhir suimiúil. Cuireadh tús le plota an scéil i bhfad siar, 13.7 billiún bliain ó shin (ar a laghad, ar feadh ár n-eolais), nuair a tháinig ann don chosmas áitiúil seo mar a bhfuilimid inniu. Ní leabhairín le clúdach bog a bheidh san scéal seo leat, ach morscéal toirtiúil.
B’fhéidir go mbeidh de ghnás agat dul i gcomhairle le do scáthscríbhneoir faoi dhearadh na chéad chaibidle eile, agus an ceann ina dhiaidh sin. De réir mar a bhreathnaíonn tú ar aghaidh, feicfidh tú nach tusa a scríobhfaidh an caibidil deiridh. Caibidil iarbháis a bheidh inti, agus is é Dia a scríobhfaidh. Ach ní chuirfear deireadh leis le lánstad. Ní hea: scríobhfar leathstad, an rud a dtugaimid ‘bás’ air, agus ansin ar aghaidh arís leis an phlota ar scála spreagúil nach bhféadfá a shamhlú. Feicfear ansin nach bhfuil ins na caibidlí tosaigh, a scríobhadh le dua ar an saol seo, ach réamhrá gairid do na himleabhair gan teorainn a bheidh le scríobh faoin saol atá le teacht, agus faoi do ról iontu. Níl cur síos ná insint scéil againn go fóill ar a bhfuil le tarlú. Ach bainfidh tú lánsásamh as na gaolmhaireachtaí a chothóidh tú ar an saol sin.



