Tugaimid cuireadh duit Spás Tearmainn a chur isteach i do lá, agus deich nóiméad a chaitheamh ag guí anois láithreach, agus tú ag suí os comhair do ríomhaire, le cabhair ó threoir scáileáin agus le scrioptúr a roghnaítear go speisialta gach lá.
Tugaimid cuireadh duit machnamh a dhéanamh an tseachtain seo
Anois agus an t-earrach linn, is fiú a rá go mbíonn rian den earrach, den tús nua, le fáil i ngach urnaí. B’fhéidir gur fusa linn análú a dhéanamh le cúlú an gheimhridh agus an fhuachta. An t-am a chaithimid le hurnaí, cuireann sé beogacht inár gcolainn agus inár meon araon. Ar ndóigh, is le Dia gach tráth ama agus gach séasúr, agus ní féidir linn obair Dé a theorannú do aon tréimhse amháin den bhliain; ach mar sin féin, le teacht an Earraigh, is féidir linn spiorad na hóige a mhothú arís agus ath-spreagadh a fháil ó obair athnuachana an Chruthaitheora ag an am seo bliana. Nach mar sin a mhothaigh Raifteirí ar bhóithre Mhaigh Eo dhá chéad bliain ó shin?
Ach ní thagann an t-earrach go héasca i gcónaí, ná riamh, b’fhéidir. Bíonn pian i gceist, fiú do na crainn féin, agus iad ag cur a mbachlóga úra amach trína sean-chroiceann seirgthe adhmaid. Agus ar uaire, tarlaíonn nach n-eiríonn le bachlóg briseadh tríd ar chor ar bith go dtí an bheatha nua.
Is é is cuspóir don urnaí cur ar ár gcumas ár bhfailte agus ár n-oscailteacht roimh Dhia a mhéadú. Sin é, go beacht, gnó na hurnaí. Bíonn an urnaí suairc seal, ach duairc dúshlánach leis, sealanna eile. Bíonn milseacht is seirbhe faoi leith le blaiseadh ar an dúshlán seo a nglactar leis in ainm an ghrá. Bíonn orainn rud éigin is mór againn a scaoileadh uainn ionas gur féidir linn breith ar rud atá níos fearr ná é. Is ionann oscailteacht don ghrá agus bheith oscailte roimh shuáilcí ollmhóra ó Dhia an Cruthaitheoir.
Ar nós an earraigh, tugann ár n-urnaí séimhe agus sólás áirithe léi, séimhe agus sólás Dé.
Daoine a dhéanann urnaí, cothaítear iad faoi rún ciúin ón taobh istigh amach. Ritheann súlach na beatha diaga trína gcuisleanna. Cuireann sé ar a gcumas freagra níos féile a thabhairt nuair a iarrtar orthu rud a dhéanamh in ainm an ghrá.



