User Settings

Intinn an Phápa

Nollaig 2014
An ofráil laethiúil: 

A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach athás is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá (thíos) agus ar m'intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

 

 

Intinní an mí seo:
Uilechoiteann: 

Go dtuga breith an tSlánaitheora síocháin agus dóchas do lucht na dea-thola go léir.

 

Ar son na Soiscéalaíochta: 

Go raibh tuismsitheoirí ina bhfíor-shoiscéalaithe, agus go dtuga siad dá gclann bronntanas an chreidimh mar oidhreacht luachmhar.

 

Machnamh ar Uilechoiteann: 

Solas Dé i nDúlaíocht an Dóchais

Nuair a bhí gach uile ní faoi chiúnas caoin
agus an oíche i lár a mearchúrsa,
léim do bhriathar uilechumhachtach anuas ó na flaithis,
óna chathaoir ríoga, isteach i lár na tíre damnaithe,
mar churadh cruachroíoch agus claíomh géar do reachta
dho-athraithe ina láimh aige [Leabhar na hEagna 18:14-16].

Le ceithre chéad bliain roimh bhreith Íosa, bhí an neamh druidte i gcoinne Iosraeil. Ní raibh fáidh ná taoiseach ann arbh fhéidir leis Briathar an Tiarna a léiriú don phobal lena dtreorú ná le sólás a thabhairt dóibh, sólás a chuirfeadh dóchas ar lasadh ina gcroí. Bhí Dia ina thost, é  bodhar nó ina chodladh mar a cháin an duine a chum Salm 44.

I measc gleithearánacht an tsaoil úd ní raibh aon chroí seachas croí Mhuire na nGrás a bhí ciúin go leor le briathar Dé a chlos agus a thabhairt chuige féin. Bhí Iosrael ag feitheamh ach is dócha nach raibh an feitheamh sin chomh geal sin le dóchas: dúlaíocht an dóchais a bhí ann ar shlí nó sr shlí eile. “Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad”. [Salm 74:9]. Nach minic a cluineadh guth truamhéileach an Salmaí ag cur ceist ar Dhia: “Cá fhad?”, “Cá fhad?” Bhí Dia ag feitheamh fosta leis an gciúnas rí-chaoin sin a oirfeadh do theacht a Bhriathair.

Nuair a bhíonn tráth na dochraide ár gcrá is furasta an dóchas a chailliúint agus amhras orainne an bhfuil Dia ag éisteacht lenár n-éamh in aon chor. Ach is buan é gealltanas Dé: “Cuirfidh mé naimhdeas idir tú, an diabhail,  agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa.Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil [Gein 3:15] Le barr dilse dá bhriathar,  “nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí, d’fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne. [Gal 4:4].
Is gleithearánach an saol atá ann inniu agus easpa ciúnais ár gcrá agus ár ndíriú ar bhóthar nach dtreoraíonn sinn chun Dé. An ciúnas sin a thug an chéad Nollaig dúinn, tá sé báite anois i gcallán Nollag an lae inniu. An bochtanas sin a shíolraigh an ciúnas i gcroí Mhuire agus a mhaisigh breith Íosa an oíche úd i mBeithil, cá bhfuil sé le fáil anois faoi bhréag-challaí saol an lae inniu gona mhaisiúcháin tinsil agus na soilsí a fhógraíonn bréaga nuair is é is gá dúinn go géar an solas sin a sheolas chun na fíorbheatha le léiriú na fírinne, solas Mhic Dé, agus sólás na síochána.

Más ea go n-iarann an Pápa Proinsias orainn bheith ag guí an Nollaig seo go dtuga an Slánaitheoir síocháin agus dóchas do lucht na dea-thola go léir, nach minic a chuala muid an glaoch céanna ó Phápaí eile ón chéad oíche Nollag i leith,  nuair a thug na hAingil moladh do Dhia agus d’fhógair síocháin do lucht pháirte Dé?

Síocháin agus dóchas a iarrann an Pápa Proinsias in mbliana; toradh ar urnaí na hEaglaise fá choinne maithiúnais, cothromais agus síocháin a d’iarr an Pápa Benedict XIV tá seacht mbliana ó shin, agus is iomaí bua dá leithéid a d’iarr sé ag an am céanna agus ó shin i leith. Is léir ó Shoiscéal Naomh Eoin gurb é Íosa an t-aon duine ar féidir leis mianta ár gcroí a aimsiú: “Cad é atá uaibh?” [Eoin 1:38] Arán an ea? Nó solas? Nó an fhírinne nó an bheatha féin? Cibé ar bith atá uainn sé Íosa  féin é: “Is mise an t-arán beo”, “Is mise solas an tsaoil”, “Mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha”.

Nuair a luann an Pápa síocháin, ní mór dúinn smaoineamh ar an tsíocháin sin nach féidir leis an domhan ná spiorad saolta a chur ar fáil choíche – síocháin a bhí Íosa Mac Dé in ann a bhronnadh orainn trína bhreith agus trína a bhás agus aiséirí, an tsíocháin sin  a d’fhógair na hAingil an chéad oíche Nollag agus a chuaigh íosa ag cur  ar bun i ngach focal a labhair sé agus i ngach míorúilt a rinne sé agus le linn gach béile a d’ith sé leis na peacaigh bhochta ar thaitin leo teagmháil leis. Más mian linn an tsíocháin sin a thuiscint i gceart, ní mór duinn cuimhneamh ar a ndúirt an Pápa Pól VI tráth: “ ‘an chóir’  is ainm nua don tsíocháin”. Muna mbíonn an tsíocháin bunaithe ar an chóir agus ar an chothromas, níl inti ach síothú éamh na mbocht.
Mar an gcéanna nuair a luann an Pápa dóchas, ní mór dúinn bheith ag smaoineamh ar an dóchas sin is Íosa féin ann: “Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh”, mar a dúirt Naomh Pól [Col 1:27]. Is é Íosa féin an tsíocháin agus an dóchas is dual dúinn a iarraidh mar thoradh na Nollag.

- Seán Ó Cearbhalláin S.J, as Timire an Chroí Naofa, Eagrán an Gheimhridh 2014

 

Machnamh ar Intinn ar son na Soiscéaláiochta

Bronntanas Luachmhar an Chreidimh

Ócáid áthais agus bróid ar leith i saol lanúine is ea giniúint agus saolú linbh dóibh.  Is álainn mar a chuir Muire in iúl d’Eiliosaibeit sa Móradh (Magnificat, Lúc. 47-53) an t-aiteas agus an t-iontas a bhí uirthi faoi leanbh a bheith sa mbroinn aici féin agus Eiliosabeit agus léirigh sí ann freisin a tuiscint ar mhiorúilt na beatha agus na cruthaíochta.  Is intuigthe gur gá ardchúram a dhéanamh de shláinte na máthar agus a linbh le linn tréimhse an toircheasa agus méadaíonn ar an riachtanas sin ag ócáid na breithe.  Riachtanas an chúraim, fanann sé leis na tuistí go buan ón am sin amach agus iad ag féachaint le leas a gclainne a dhéanamh chomh maith agus a thig leo agus is intuigthe go bhfuil a dhíol féin den imní ag gabháil le tógáil clainne.

Cuma cé na hathruithe chun feabhais nó a mhalairt atá tagtha ar an saol, ní bheadh aon cheist ach gur buntáiste ar leith do pháistí é athair agus máthair a bheith mar bhaill teaghlaigh acu agus iad páirteach ina dtabhairt suas.  Ní amháin go ritheann sé seo le réasún ach tá fianaise na socheolaíochta mar thaca leis.  (Dar ndóigh, bíonn cúinsí ann uaireanta a fhágann nach mbíonn a dtuistí féin ag páistí agus go mbíonn siad ag brath ar dhuine eile i ról altromaí nó a chomhionann.)  Na tuistí úd a dhéanann faillí ar chúis amháin nó eile i dtógáil a gclainne is annamh nach n-admhóidís níos faide anonn gurb é sin an botún is mó a rinne siad ina saol agus gurb é freisin an chúis is mó aiféala atá acu. 

Is maith mar atá tábhacht an teaghlaidh curtha in iúl i dteachtaireacht an Phápa Benedict XVI do Cheiliúradh an Lá Domhanda Síochána 2008:
‘An teaghlach nádúrtha atá ina chomaoin dlúth beatha agus grá, agus é bunaithe ar phósadh idir fear agus bean, is é “an príomhláthair é do ‘dhaonú’ na pearsan agus na sochaí”, agus is “cliabhán grá agus beatha é”… is é an teaghlach an t-oide síochána is túisce agus an t-oide nach féidir déanamh dá éamais.’

Dírítear ár n-aird sa ráiteas sin ar phointí an-bhunúsacha faoin duine agus an tsochaí ach dá fheabhas an leagan amach atá á shuíomh i dteachtaireacht an Phápa áfach, is ró-mhinic nach faoi na dálaí idéalacha sin a mhaireann an-chuid páistí ar na saolta seo.  Cor nua sa saol comhaimseartha, mar shampla, is ea an t-éileamh atá á dhéanamh le tamall anuas go gceadófaí socruithe teaghlaigh nach é an teaghlach nádúrtha é agus é bunaithe ar an athair agus an mháthair.  I leataobh ón ábhar conspóideach sin, is féidir go mbeadh saol corrach casta agus go fiú dainséarach i ndán do pháistí áirithe ar a n-aistear ón óige go dtí an aois.  Castar cuid mhaith páistí i gcúinsí saoil  fíordheacra gan aon neart acu féin air.  Más ea féin, is díol iontais agus is údar buíochais agus dóchais é go n-éiríonn lena lán díobh dúshláin uafásacha a shárú agus teacht slán ó thaobh iompair, meoin agus sláinte pearsanta.

San amhrán molta áite, Cnocáinín Aerach Chill Mhuire, is i leith na réimsí, ‘I múineadh, in iompar, i gclúchirt ‘s i gcáil,’ a éilítear dea-cháilíochtaí sa duine.  Meabhraíonn sin dúinn go mbíonn gné oiliúna agus comhairle ag dul le tógáil páistí anuas ar an gcothú agus ar an gcumhdach is dual dóibh agus tharlódh gur sa réimse sin a éiríonn an dúshlán is mó do thuistí.  Ar láimh amháin, ba inmhianta fál cosanta a thógáil idir páistí agus uafáis an tsaoil d’fhonn nach ndéanfaí a n-aimhleas.  Ar an láimh eile áfach, ní bheadh sé ciallmhar fál go haer a dhéanamh dhe agus páistí a fhágáil dall ar thaithí an tsaoil mar b’fhearrde go mór fada iad a bheith in ann an baol agus an bhagairt a aithint.  Is caol go deimhin an cosán atá le siúl ag an tuiste tuisceanach idir iomarca ligin agus iomarca sriain i gcás a bpáistí agus ní hé an chuid is fusa den aistear an rogha stuama a dhéanamh bunaithe ar aois agus ar aibíocht an mhic nó na hiníne.  Lena chois seo, bíonn ar an tuiste tarraingt ar an stuaim agus ar an ngaois chun dea-chaidreamh lena gclann a chothú.

Is údar imní ar leith ar na saolta seo an méid ábhair atá á fhoilsiú sna meáin idir chlóite agus leictreonach arb é a chuspóir díolaíocht agus brabach a mhéadú ach gurb é a thoradh go ndéantar mar a bheadh earra de chuid an mhargaidh den duine.  Ar thaobh amháin, cothaítear an dearcadh gurb é an féinsásamh an príomhchuspóir agus ar an taobh eile tugtar le fios gur féidir aon tuiscint den cheart agus den mhoráltacht a chaitheamh i dtraipisí  ar son fonn a bheith ar an duine beart áirithe a dhéanamh.  Is dúshslán nach beag é don duine i gcoitinne ach go speisialta ina cháil tuismitheora  an ceann is fearr a fháil ar rabairne an tomhaltais agus ar an éiteas coibhneasaíoch.   Dúshlán eile sna cúrsaí seo – agus feachtais thréana tacaíochta laistiar dhíobh - is ea go bhfuil normalú á dhéanamh ar iompar a bhíodh á áireamh ag an gcoitiantacht agus ag teagasca na Críostaíochta mar iompar corr, mí-normálta.  Dar ndóigh, ní hé gur fineaméan nua sa saol na béasa saoil agus iompair atá i gceist agus a bhfuiltear ag éileamh ceart dlí srl dóibh.  Is é fírinne an scéil go mba chuid den saol a leithéid ariamh anall ach go raibh sé faoi cheilt agus ar chúla téarmaí don gcuid is mó.  Ní bhíonn na dúshláin seo ann i ngan fhios don duine óg gan dabht ar a aistear pearsanta féin.  Dá mhéad iad na dúshláin a chothaíonn na cúrsaí seo do thuistí, tá méar ar eolas ar fáil dóibh is féidir a roinnt lena bpáistí mar chabhair ar aistear an tsaoil.

Mar shampla, sa Tiomna Nua is mar oilithreach a chastar Íosa orainn in an-chuid de na hinsintí.  Thug seisean an bóthar air féin chun an Dea-scéala a fhógairt agus chun a chur i dtuiscint do dhaoine go raibh Dia ina guideachta.  Na tuairiscí stairiúla sin a thugtar sna soiscéalta ní insintí fánacha scéaltacha iad.  Cuirtear in iúl iontu thairis sin turas an duine go seachtrach agus go hinmheánach agus insíonn siad céard é croí lár bheatha an duine agus céard is brí leis.  Insíonn Matha dhúinn (18: 1-5, 10) an ráiteas a rinne Íosa faoi pháistí: ‘Deirim libh go fírinneach, muna gcasa sibh arís chun a bheith ar nós na leanaí ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhFlaitheas choíche’.  Shonraigh Íosa ansin gurb í uirísleacht an linbh an tréith is tábhachtaí agus is inmhianaithe don duine fásta.  Ceadaíonn na tuistí tuisceanacha do thréithe naíonda amhail trust, aiteas, agus súgradh a dhul i bhfeidhm orthu agus is fearrde an daonnacht iontu féin dá thoradh.   Ach tá taobh eile leis na focail sin de chuid Íosa arbh fhiú éisteacht leis.  Tá sé i gceist gur íomhá é spleáchas an pháiste de spleáchas an uile dhuine ar Dhia.  Ach fanann Dia le freagra uainn.  Ní chuirtear iallach ar bith, ach ina ionad sin an grá dochloíte a mheallann ach nach gcuireann brú.

Tá cur síos ag Robert Frost ina dhán cáiliúil, ‘The Road Not Taken’ ar dhá ród mhalartacha:  “Two roads diverged in a yellow wood,”;  roghnaigh seisean “the one less traveled by,” agus adeir sé faoin rogha, “made all the difference.”B’fhéidir ámh nach bonn iontach daingean é ‘an ród seo romham’ a roghnú ar son nach bhfuil sé siúlta ag mórán daoine eile. Ar a laghad ar bith, bíonn an cheist ann cén chríoch a bheas air, críoch an tslánaithe nó an bhasctha?  Sa litir chuig na Galataigh 3: 10-14 is díol suntais mar a chuir Pól an dá fhocal contrártha ‘mallacht’ agus ‘beannacht’ inár láthair.  Sna ranna sin tráchtann Pól ar dhá shlí mhalartacha sa saol freisin:  mallacht is críoch don chéad rogha (v.10), beannacht is críoch don rogha eile (v.14).

Is fíor an ráiteas é gur iomaí craiceann a chuireann an óige de ar an aistear tríd an saol.  Agus iad ag dul trí na gnáthchéimeanna fáis agus aibíochta gabhann siad chucu a gcuid dílseachtaí féin agus dar ndóigh ní gá go gcloífeadh siad le dílseachtaí uile a dtuistí.  Is é mian croí gach tuiste nach ar strae ar bhealach díobhálach a thabharfaidh na dílseachtaí difriúla sin a gclann ach go gcuirfidh siad chun tairbhe an grinneas agus an breithiúnas a chothagh na tuistí iontu chun go rachaidh siad ar bhealach a leasa pé rogha a dhéanann siad.  An t-aistear a chuireann muid dínn mar thuistí in éineacht lenár bpáistí, faoi mar a mheabhraigh Naomh Eoin Pól II dúinn i gcomhthéacs eile, is comhlíonadh é ar scéal míorúilteach na cruthaíochta agus is cosán é chun a bheith rannpháirteach i mbeatha Dé féin.   Is cosán é chuig iomlánú ar dhaonnacht ár mbeatha féin; is modh é le bheith rannpháirteach i ngrá dochreite Dé.   Réalt eolais fán na slí ar chúrsa an tsaoil is ea oidhreacht agus bronntanas luachmhar an chreidimh.

- P.É. Mac Cába, as Timire an Chroí Naofa, Eagrán an Gheimhridh 2014

Tuilleadh Spás Tearmainn

Teagmhála

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha