Briathar Dé
Lúcás 5:27-32
Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: "Lean mise." D'fhág sé gach aon ní, d'éirigh agus lean é. Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann. Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: "Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?" Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt: "Ní ag na daoine folláine a bhíonn gá le lia, ach ag na daoine tinne. Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a bhfuilim tagtha á nglaoch chun aithrí."
Smaointí ar Scrioptúir an lae
Ag an am sin, ba iad na poibleacánaigh (na bailitheoirí cánach) na daoine ba shuaraí amuigh, de réir thuairimí an phobail.. Ach tugann Íosa a dhúshlán faoi thuairimí claonta a linne. Gaireann sé ar Léiví (is é sin, Naomh Matha), agus leis an ghairm sin músclaíonn sé é chun na féidearthachtaí daonna atá aige a aithint, agus meas a thabhairt dó féin dá réir. Tugann Matha droim láimhe feasta le bord na cánach chun suí i gcuibhreann le hÍosa ag béile na féile maithiúnais. Tá an trócaire le haimsiú i gcónaí i gcroílár mhisean Íosa.
A Thiarna, is ábhar sóláis dom an chaoi a síneann tú do lámh i dtreo an pheacaigh. Maith dom na hócáidí sin nuair a ligim do mo chlaontuairimí tionchar a imirt orm; agus breithiúnas míchothrom a thabhairt, nó daoine a chur ó dhoras dá bharr. Is mian liom suí i gcuibhreann leat, agus is cuma liom cé eile a bhíonn i láthair! Deonaigh an grásta dom freagairt ar do ghairm orm – agus tú a a leanúint pé treo a ngabhann tú.
Amen
- Guí leis an Pápa
- Is feidir machnamh a dhéanamh leis an Phápa le haghaidh a Intinne an mhí seo
- Léachtaí Aifrinn an lae inniu
- Léachtaí Aifrinn Dé Domhnaigh seo chugainn
- Na léachtaí ó Cumann na Sagart/Caitlicigh ar an nGréasán