Sacred Space User Settings Menu

Urnaí laethúil 2012-04-12

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá
m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo
chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo
Dé istigh ionam.

Saoirse

"Is beag duine a aithníonn an áilleacht a chruthódh Dia
dá ligfidis dó iad a mhúnlú." (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé muinín iomlán a bheith agam as a ghrá.

Tabhair faoi deara

Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud?
Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea,
iarraim maithiúnas air.

Briathar Dé

Lucas 24:35-40

Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d'aithin siad é i mbriseadh an aráin. Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: "Síocháin daoibh!" Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. Ach dúirt sé leo: "Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa." Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

  • Is maith le hÍosa ithe i gcomhluadar daoine, seachas ina aonar. Samhlaigh thú féin ag réiteach béile duit féin agus d’Íosa – gan ach an bheirt agaibh!. Tagann loinnir ina shúile nuair a fheiceann sé an méid atá réitithe agat. Féach mar a bheannaíonn sé thú agus ansin an bia agus an deoch. Conas mar a chuireann sé thú ar do shuaimhneas? Cén sórt comhrá a dhéanann tú leis?

  • Tháinig cathú ar chuid de na luath-Chríostaithe, agus amhras orthu fhéidir nach bhfaca na chéad deisceabail ach taibhse, b’fhéidir. Is féidir domsa freisin bheith in amhras réaltacht agus nithiúlacht Íosa ina aiséirí. An é nach gcreidim in Íosa ach nuair a fheicim é ar an chrois? Guím go ndiongbhálfar mo chreideamh go bhfuil Íosa tar éis aiséirí go fírinneach, agus go bhfuil sé i láthair agam agus ag an domhan i gcónaí.

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Toggle Music