Urnaí laethúil 2012-04-17
Saoirse
"Ní chreidfeadh crann mór gan chuma go bhféadfadh sé bheith ina dhealbh,
le meas ag a lán air mar éacht dealbhóireachta,
agus ní ghéillfeadh sé do shiséal an dealbhóra a aithníonn,
toisc gur ginias é, cad is féidir leis a chruthú as". (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé ligean do mo Chruthaitheoir mé a mhúnlú.
Briathar Dé
Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:
' Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.'
Séideann an ghaoth mar is áil léi.
Is clos duit a glór,
ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí.
A dála san ag gach duine a ghintear ón Spiorad."
D'fhreagair Níocodaemas: "Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?" ar sé leis. D'fhreagair Íosa: "Is oide in Iosrael thú," ar sé leis, "agus nach eol duit na nithe sin!
Go deimhin féin a deirim leat,
an ní is eol dúinn is air a labhraimid,
agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise,
ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
Má inis mé nithe talmhaí daoibh,
agus nach gcreideann sibh,
cén chaoi a chreidfidh sibh,
má insím nithe neamhaí daoibh?
Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh,
ach an té a tháinig anuas ó neamh,
Mac an Duine [atá ar neamh].
Faoi mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach,
sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,
i dtreo, gach duine a chreideann ann,
go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
Labhraíonn Íosa faoi ‘nithe neamhaí’, ach caithimid bunús ár saoil ag caint faoi ‘nithe talmhaí’. A Thiarna, daingnigh mé i ndílseacht do mo thráth laethúil urnaí ionas gur féidir linn araon, mise agus tusa, dreas comhrá a dhéanamh i dtaobh an diminsean diaga atá ag sní tríd an uile ní ar an saol.
Tá diminsean diaga le gach duine. Tá doimhneas inár gcroí mar a gcónaíonn Dia. Is é sin ár dtearman naofa. Saothraíonn Dia ansin, ar dhoimhneas atá níos doimhne ná réimse na síceolaíochta. Is den Diagacht ár DNA.
Amen
- Guí leis an Pápa
- Is feidir machnamh a dhéanamh leis an Phápa le haghaidh a Intinne an mhí seo
- Léachtaí Aifrinn an lae inniu
- Léachtaí Aifrinn Dé Domhnaigh seo chugainn
- Na léachtaí ó Cumann na Sagart/Caitlicigh ar an nGréasán