Sacred Space User Settings Menu

Urnaí laethúil 2012-04-18

I láthair Dé

Tá Dia i mo chuideachta, ach níos mó ná sin, tá sé ionam.
Is é a thugann dom mo 'bheith ann'.
Cuimhním ar an Dia seo ionam a thugann beatha dom.
Tá Sé i mbualadh mo chroí, i dtuile agus trá m'anála,
i ngluaiseachtaí m'aigne, i mo shaol ar fad.

Saoirse

Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.

Tabhair faoi deara

Agus fhios agam go bhfuil grá gan choinníollacha ag Dia domsa,
is féidir liom a bheith macánta faoi chonas mar atáim.
Conas mar a bhí an lá liom? Agus conas a bhraithim anois?
Labhraim go macánta le Dia.

Briathar Dé

Eoin 3:16:21

Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin

gur thug sé a Aonghin Mic uaidh

i dtreo, gach duine a chreideann ann,

nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol

a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol

ach chun go slánófaí an saol tríd.

An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,

ach an té nach gcreideann ann,

tá daorbhreith tugtha air cheana féin,

mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

Agus an daorbhreith, is mar seo í:

mar gur tháinig an solas isteach sa saol,

agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas

de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.

Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,

bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,

le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

Ach an té a dhéanann an fhírinne,

tagann sé chun an tsolais,

chun go dtaispeáinfí gur i nDia

a rinneadh a ghníomhartha.”

 

Smaointí ar Scrioptúir an lae

  • Tá sé ráite, dá gcaillfí na Soiscéil go léir seachas an chéad véarsa den sliocht thuas, gur leor é mar lón anama dúinn chun muid a shlánú. ‘Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a Aonghin Mic!’ Seo bun agus barr an Dea-Scéil, agus ní foláir dom bheith buíoch de, go síor suthain.

  • Bealach eile chun an Tiomna Nua a choimriú ná an frása ‘AR SON’ a úsáid. Tá Dia ‘ar ár son’ go huile is go hiomlán, agus iarrann sé orainn go léir bheith ‘ar a shon’ agus ‘ar son’ a chéile. Ní bhaineann srian ná sreang, col ná cealg, leis an ghrá atá ag Dia dúinn. Ní foláir nó go mbeadh mo ghrá ar an dul céanna.

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Toggle Music