User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Matha 2:16-18

Briathar Dé

Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe. An uair sin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: "Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó."

Matha 2:16-18
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Tá eagla ar Héaród go mbainfidh an leanbh seo an choróin de. Mar sin, ní foláir do Héaród é a mharú. Ach ní theastaíonn ó Íosa ach flúirse na beatha agus an tsaoirse fhírinneach a thabhairt dó.
    • Taistealaím im shamhlaíocht leis an Teaghlach Naofa agus iad ar a gcoimheád chun na hÉigipte. Iompraím an leanbh im ucht ionas gur féidir le Muire a scíth a ligean tamaillín. Gabhann siad buiochas liom, agus briseann sé sin mo chroí. B’fhéidir go dtagann na deora le mo shúile. Ansin, cuireann glór beag i gcuimhne dom na teaghlaigh theifeacha go léir atá ar fud an domhain go dearóil inniu. Iarraim a fháil amach cad is féidir liom a dhéanamh chun cabhrú leo.

    • Féile bhrónach eile, ag comóradh ár fuilteach Héaróid, agus briseadh croí mháithreacha na leanaí. Agus muid ag téarnamh tar éis na Nollag, tá áiteanna eile ar fud an domhain -- agus fiú inár dtír féin -- ag fulaingt de dheasca buamaí, sileadh foladh, agus marú. A Thiarna, coinnigh mo chroí ar oscailt don bhrón a bheidh romham.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha