• Mórchiúnas

    Dún do shúile ionas go mbí cúpla nóiméad agat le ciúnas a aimsiú istigh ionat féin

    Agus tú ag tusú ar an am marana seo, dún do shúile ionas go mbí cúpla nóiméad agat le ciúnas a aimsiú istigh ionat féin. Tá tú anseo le solas nua a scairteadh ar do shaol. Iarr a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leis na mianta is doimhne ionat. A Thiarna Íosa, dúirt tú go mba tusa solas an domhain agus ‘an bealach, an fhírinne agus an bheatha’ seo againne. Taispeáin dom an chaoi le taisteal i do theannta-sa tráth seo na hAidbhinte chun úire solais agus chugat-sa.

  • Scrioptúr

    Matha 2:1-2

    Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a  réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”

  • Machnamh

    Cén réalta, mar a déarfá, a chorraíos do mhian-sa i mbliana?
    • Is é an cuireadh i gcomhair an chúrsa spioradálta Aidbhinte seo marana nó machnamh a dhéanamh ar roinnt gnéithe de scéal soiscéalach na Saithe nó na dTrí Rí agus smaoineamh orthu le linn guí. Deir na Saoithe linn sa dara caibidil de Shoiscéal Mhatha: ‘chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.’ Dá réir sin, thosaigh a n-aistear le nóiméad iontais. Tharlódh gur réalteolaithe nó astrlaithe iad a chonaic neart réaltaí ach bhí an ceann seo éagsúil. Is é an mheabhair a bhain siad aisti go mba chomhartha nuachta ar leith í. B’in é faoi deara dóibh tosú amach ar aistear fada. Féadfaimid a rá go dtosaíonn an scéal seo le lonrú réalta nua agus le dúiseacht mhian na Saoithe.
    • Aistrímis an méid sin i gcomhair eachtra na hAidbhinte. Tá dán cáiliúil le T. S. Eliot a thráchtas ar ‘mheascadh cuimhne agus méine’. Tá muid-ne ag cuimhneamh ar shean-scéal agus ag ligean dó a ghabháil i gcion ar an dóchas atá againn san am i láthair. Cén réalta, mar a déarfá, a chorraíos do mhian-sa i mbliana? Cén solas nua a mheallas thú amach asat féin? Is bealach amháin dílseachta don solas a ghlaos orainn an t-aistear Aidbhinte. Go deimhin, is le glaoch a thosaíos an scéal seo, solas i bhfad uainn. Ar dtús ní mór dúinn stopadh agus an solas úd a aithint. Ansin ní mór dúinn misneach a bheith againn go gceadaí muid dó ár mian a dhúiseacht. Agus ar deireadh, tharlódh go gcothódh an mhian sin gluaiseacht, gluaiseacht dílseachta don solas.
  • Machnamh

    Bíodh foighne agat leat féin agus tú ag iarraidh guí
    • Solas, mian agus gluaiseacht. Tá an chaoi a dtéann na trí rud seo i gcion ar a chéile i gceart-lár scéal na Saoithe agus i gceart-lár ár gCreidimh agus ár nguí freisin. Féach leis an méid sin a chruthú i do staid féin anois. An aithníonn tú an solas atá ag sméideadh ort agus an bhfuil tú in ann ainm a chur air? An bhfuil tú in ann teagmháil a dhéanamh leis an mian is doimhne ionat an tráth seo de do shaol? Cén ghluaiseacht nó treo inmheánach a mholtar duit an tráth Aidbhinte seo? Sa Soiscéal, insíonn scéal na Saoithe dúinn faoi ghluaiseacht le haghaidh Críost a aimsiú, aistear dílseachta don solas, a mbaineann dorchadas agus contúirt leis scaití (mar a fheicfeas muid).
    • Scríob C. S. Lewis babhta gurb é an gléas a n-aithníonn tú Dia tríd thú féin ar fad.  Ní mór do theileascóp a bheith glan lena chuid oibre a dhéanamh. Mura mbí, beidh na réaltaí doiléir. Dá réir sin ní mór meon áirithe a bheith agat leis an solas a ghlaos ort a aimsiú. Bíodh foighne agat leat féin agus tú ag iarraidh guí. Tharlódh go dtógfadh sé scaitheamh ort éirí socair. Bhí se chomh dóigh go bhfaca daoine go leor an réalta ach go mba iad na Saoithe amháin a raibh sé de bhealach leo í a aithint mar ghlaoch ar leith.
  • Labhair le Dia

    Tabhair faoi deara an dóchas nó an mhian a chorrós thú
    • Tá téama na méine fíor-thábhachtach mar phointe tosaigh sa saol spioradálta. Nuair a labhair Naomh Pól le scoth-aicme na hAtaeine, mheabhraigh sé dóibh go raibh gach uile dhuine ag cuartú Dé ag ‘féachaint an mbeidís ag meabhrú na slí chuige agus go n-aimseoidís é., (Gníomhartha 17: 27). Is iomaí salm a thugas guth líofa do chleachtadh na méine seo: ‘A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m’anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh tur tirim gan uisce’ (Salm 63). Seans gur tuiscint ar a bhfuil de dhíth is cionsiocair leis an mian seo. Féadfaidh tú guí go hionraic anois faoina bhfuil de dhíth ort i do shaol anois agus lig cead don ghníomh sin iompú ina chuartú dearfach – ar nós na Saoaithe úd ag tosú amach ar aistear aisteach. Dúirt Naomh Agaistín babhta go mba chomhartha an réalta ar an mian ba bhunúsaí iontu agus dúirt sé: ‘Tugtar solas duit ach ní ionat féin atá a fhoinse.’ Tá an Spiorad do do threorú agus dá ghealladh duit agus ‘líonfar [d]’anam mar a líonfaí le fleá é’. (Salm 63). Féadfar do leochaileacht tosaigh a iompú ina fionnachtain áthasach, ar nós a tharlaíos i scéal na Saoithe.
    • Teastaíonn sprioc ón mian. Deireadh Naomh Iognáid go láidir go mba cheart grásta áirithe a iarraidh sula dtéití i mbun guí. Céard tá uainn ag tús an chúrsa Aidbhinte seo? Féadfar é a shamhlú ar bhealaí éagsúla. Féadfaidh mé a bhfuil de dhíth i mo shaol a admháil. Féadfaidh mé an solas a thugas cuireadh dom a aithint agus a bheith dílis dó. Féadfaidh mé, mar a dúirt Iognáid, ‘eolas inmheánach ar an Tiarna a iarraidh ionas go gcuire mé aithne air agus go leana mé é.’ Bain muinín as an Tiarna agus é ag glaoch ort lena chuartú an Aidbhint seo, agus gur féidir lena ghealladh a theacht fíor duit-se sna seachtainí seo.: ‘lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh’ (Matha 7:7). Tharla sé sin ar bhealaí drámatúla do na Saoithe mar a fheicfeas muid.
    • Siod cúpla moladh deireanach don chéad chuid seo den chúrsa spioradálta. Má tá aon cheo a chuaigh i gcion ort go mór, sin pointe iontach tosaigh i gcomhair marana nó machnaimh. Fan leis agus déan do chuid féin de, ach cuir thú féin i láthair Dé ar dtús. Déan go réidh: níl aon chall le deifir. Tabhair faoi deara an dóchas nó an mhian a chorrós thú. Agus bí cinnte nach taobh le do chuid cainte féin a bheas tú. Is cuid den ghuí an éisteacht freisin, mar a dúirt Máire Oilibhéir, ‘ciúnas ar féidir le glór eile labhairt ann’. ‘Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é’ (Eoin 1: 5).
Abhaile