Urnaí laethúil 2012-04-12
Briathar Dé
Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d'aithin siad é i mbriseadh an aráin. Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: "Síocháin daoibh!" Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. Ach dúirt sé leo: "Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa." Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
Is maith le hÍosa ithe i gcomhluadar daoine, seachas ina aonar. Samhlaigh thú féin ag réiteach béile duit féin agus d’Íosa – gan ach an bheirt agaibh!. Tagann loinnir ina shúile nuair a fheiceann sé an méid atá réitithe agat. Féach mar a bheannaíonn sé thú agus ansin an bia agus an deoch. Conas mar a chuireann sé thú ar do shuaimhneas? Cén sórt comhrá a dhéanann tú leis?
Tháinig cathú ar chuid de na luath-Chríostaithe, agus amhras orthu fhéidir nach bhfaca na chéad deisceabail ach taibhse, b’fhéidir. Is féidir domsa freisin bheith in amhras réaltacht agus nithiúlacht Íosa ina aiséirí. An é nach gcreidim in Íosa ach nuair a fheicim é ar an chrois? Guím go ndiongbhálfar mo chreideamh go bhfuil Íosa tar éis aiséirí go fírinneach, agus go bhfuil sé i láthair agam agus ag an domhan i gcónaí.
Amen
- Guí leis an Pápa
- Is feidir machnamh a dhéanamh leis an Phápa le haghaidh a Intinne an mhí seo
- Léachtaí Aifrinn an lae inniu
- Léachtaí Aifrinn Dé Domhnaigh seo chugainn
- Na léachtaí ó Cumann na Sagart/Caitlicigh ar an nGréasán