Sacred Space User Settings Menu

Urnaí laethúil 2012-04-14

I láthair Dé

Moillim ar feadh nóiméid i láthair Dé.
Tá Dia timpeall orm, tá sé i ngach ball dem' chorp.
Tá sé i ndoimhneacht mo chroí.

Saoirse

"Ní chreidfeadh crann mór gan chuma go bhféadfadh sé bheith ina dhealbh,
le meas ag a lán air mar éacht dealbhóireachta,
agus ní ghéillfeadh sé do shiséal an dealbhóra a aithníonn,
toisc gur ginias é, cad is féidir leis a chruthú as". (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé ligean do mo Chruthaitheoir mé a mhúnlú.

Tabhair faoi deara

Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud? Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea, iarraim maithiúnas air.

Briathar Dé

Marcus 16:9-15

Anois, tar éis d'ardaigh Íosa, go luath ar an gcéad lá den tseachtain, bhí an chuma air ar dtús Mary Magdalene, óna raibh a chaith sé amach seacht demons. Chuaigh sí amach agus inis dóibh siúd a bhí leis, fad is a bhí siad ag caoineadh agus ag gol. Ach nuair a chuala siad go raibh sé beo agus a bhí le feiceáil ag a, nach mbeadh siad chreideann sé. Tar éis seo an chuma air i bhfoirm eile le dhá cheann acu, mar a bhí ag siúl siad isteach sa tír. Agus chuaigh siad ar ais agus d'inis an chuid eile, ach ní raibh siad Creidim leo. Níos déanaí an chuma air féin mar an cheann déag a bhí ina suí siad ar an tábla; agus upbraided sé leo as a n-easpa creidimh agus stubbornness, toisc nach raibh chreid siad siúd a chonaic é tar éis a d'ardaigh sé. Agus dúirt sé leo: "Gabh isteach ar fud an tsaoil agus ar an dea-scéal a fhógairt le cruthú iomlán.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

  • Ba bhean í an chéad fhinné ar aiséirí Íosa. Ní hamhlaidh a tharla sin de thimpiste! Ach ins an saol seo s’againn, is ró-mhinc nach bhfaigheann na mná ach cuid Pháidín den mheacan! Ins an Eaglais níl cead acu labhairt. Níl sin de réir intinn Dé, mar is léir ó Íosa. A Thiarna, cad is féidir liom a dhéanamh chun lán-pháirtíocht na mbantrachta a chur chun cinn ins an tionól Críostaí?

  • Ní chuireann ár n-easpa creidimh as don Tiarna aiséirithe! Faoi thrí, insítear dúinn ins an Soiscéal seo ‘nár chreid’ finnéithe ar Íosa. Is é mo ghuí : ‘A Thiarna, creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh!’ (féach Marcas 9:24)

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím
Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn
agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena
chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Toggle Music

More Sacred Space

In touch