Urnaí laethúil 2012-04-16
Briathar Dé
Bhí ar na Fairísinigh duine darbh ainm Níocodaemas, uachtarán ar na Giúdaigh. Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: "Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis." D'fhreagair Íosa: "Amen, Amen," ar sé leis, "mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil." Dúirt Níocodaemas leis: "Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d'fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?" D'fhreagair Íosa: "Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé. An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í; an ghin ón Spiorad is spiorad í. Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat: 'Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.' Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála san ag gach duine a ghintear ón Spiorad."
Smaointí ar Scrioptúir an lae
Is tráthúil urnaí a dhéanamh teacht na hoíche. Tá cúrsaí an lae ag druidim chun suain ansin, agus is lú seans go gcuirfear isteacht orm. Baineann a cuid féin den rúndiamhracht leis an oíche féin, rud a chuidíonn liom mé féin a chur i dtiúin le rúndiamhracht Dé. Is gnás le manaigh guí istóiche ar feadh a saoil: nach dtig liomsa an rud céanna a dhéanamh ar feadh cúpla nóiméad ar a laghad sula dtéim a chodladh?
Nuair a ligim don Dea-Spiorad mé a threorú, cuirtear diminsean nua ingearach le mo bheatha. Níl mé sáinnithe in oabar feasta, ag maireachtáil ar phlána lom dhá thoise. Bíogtar mé. Airím Dia níos mó sa timpeall. Airím daoine freisin as an úire, mar íomhánna Dé, neacha iontacha nach bhfaighidh bás. Airím mé féin mar iompróir ghrá Dé, atá le roinnt agam ar dhaoine eile. Déantar spiorad le breis saoirse díom, agus breis sonais agam.
Amen
- Guí leis an Pápa
- Is feidir machnamh a dhéanamh leis an Phápa le haghaidh a Intinne an mhí seo
- Léachtaí Aifrinn an lae inniu
- Léachtaí Aifrinn Dé Domhnaigh seo chugainn
- Na léachtaí ó Cumann na Sagart/Caitlicigh ar an nGréasán