Sacred Space User Settings Menu

Urnaí laethúil 2012-04-18

I láthair Dé

Iarraim ar Dhia cabhrú liom
bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
fáilte a chur roimh Dhia i rith an tréimhse urnaithe seo,
grá agus seirbhís níos mó a thabhairt Dó.

Saoirse

Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.

Tabhair faoi deara

Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud?
Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea,
iarraim maithiúnas air.

Briathar Dé

Eoin 3:16:21

Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin

gur thug sé a Aonghin Mic uaidh

i dtreo, gach duine a chreideann ann,

nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol

a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol

ach chun go slánófaí an saol tríd.

An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,

ach an té nach gcreideann ann,

tá daorbhreith tugtha air cheana féin,

mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

Agus an daorbhreith, is mar seo í:

mar gur tháinig an solas isteach sa saol,

agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas

de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.

Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,

bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,

le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

Ach an té a dhéanann an fhírinne,

tagann sé chun an tsolais,

chun go dtaispeáinfí gur i nDia

a rinneadh a ghníomhartha.”

 

Smaointí ar Scrioptúir an lae

  • Tá sé ráite, dá gcaillfí na Soiscéil go léir seachas an chéad véarsa den sliocht thuas, gur leor é mar lón anama dúinn chun muid a shlánú. ‘Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a Aonghin Mic!’ Seo bun agus barr an Dea-Scéil, agus ní foláir dom bheith buíoch de, go síor suthain.

  • Bealach eile chun an Tiomna Nua a choimriú ná an frása ‘AR SON’ a úsáid. Tá Dia ‘ar ár son’ go huile is go hiomlán, agus iarrann sé orainn go léir bheith ‘ar a shon’ agus ‘ar son’ a chéile. Ní bhaineann srian ná sreang, col ná cealg, leis an ghrá atá ag Dia dúinn. Ní foláir nó go mbeadh mo ghrá ar an dul céanna.

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím
Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn
agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena
chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Toggle Music

More Sacred Space

In touch