User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2017-09-15

Láthair Dé

Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.

Saoirse

"Ní chreidfeadh crann mór gan chuma go bhféadfadh sé bheith ina dhealbh,
le meas ag a lán air mar éacht dealbhóireachta,
agus ní ghéillfeadh sé do shiséal an dealbhóra a aithníonn,
toisc gur ginias é, cad is féidir leis a chruthú as". (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé ligean do mo Chruthaitheoir mé a mhúnlú.

Tabhair faoi deara

Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.

Briathar Dé

Eoin 19:25-27

Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Bhí ar Mhuire fancht faoin gCrois. Samhlaím a raibh ar siúl ina croí ag an am tábhachtach seo i saol Íosa.
  • Tugaim chun cuimhne ócáidí fulaingthe. Tógaim chun na Croise iad. Iarraim ar Mhuire mé a theagasc chun bheith buartha faoi na hócáidí seo, chun muinín agus grá lán creidimh agus grá comhbhách a mhothú.

Comhrá

A Thiarna, uaireanta déanaim machnamh
ar na focail a rithfeadh liom dá mbuailfinn leat.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat
as a bheith in éineacht liom de shíor,
go háirithe in am an ghátair
nuair a bhíonn tú liom i slí speisialta.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

Tuilleadh Spás Tearmainn

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha