Cúrsa Spioradálta Aidbhinteach: – ‘Teachtairí Áthais’

Do chéad fáilte go dtí Cúrsa Spioradálta Aidbhinteach na bliana seo. Is éard é cúrsa spioradálta Aidbhinte am aireachais spioradálta ionas go mbeifear níos réitithe i gcomhair theacht Chríost isteach sa saol seo againn i mbliana. Déanfaidh muid ár marana ar roinnt eachtraí de chuid scéal na Nollag atá sean-chloiste againn le treoir a thabhairt dár nguí. Léigh an Intreoir chun tosú.