Le roinnt bliain anois tá Tearmann ag cuidiú leis na milliúin daoine urnaí a dhéanamh. Tugann an suíomh gréasáin gléas atá cruinn beacht do shlua gan áireamh guí a dhéanamh ar a chonlán féin - am ar bith, áit ar bith – ach san am céanna leis an tuiscint gur chuid iad de chomhluadar atá ag guí ar fud an domhain.
Is as spioradáltacht Iognáid Naofa Loyola, Bascach a mhair sa séú haois déag, a fhaightear an inspioráid le haghaidh an Spáis Tearmainn. Bhí léargas Iognáid Loyola ar oibriú Dé le croí an duine ina chúnamh mór don iliomad daoine leis na céadta bliain agus is mó ná riamh an cúnamh é sa lá atá inniu ann.
Is é Próbhans na hÉireann de Chumann Íosa - na hÍosánaigh - a chruthaigh an Spás Tearmainn. Ba in oifigí Lárionad Cumarsáide na nÍosánach in Éirinn sa bhliain 1999 a cuireadh tús leis an suíomh. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur cuireadh a lán teangacha eile leis.
Tá lógó an Spáis Tearmainn bunaithe ar mhóitíf sheanbhunaithe de chuid na nÍosánach ar minic a thugtar “gal gréine” air. Úsáidtear an mhóitíf seo timpeall ar an IHS, mónagram ar ainm Íosa. Tá rós an chompáis - patrún a úsáidtear chun príomhairde na loingseoireachta a thaispeáint - bunaithe ar íomhá an ghathaithe a bhaineann le teagasc an tSoiscéil a fhorleathadh, agus ar an Spás Tearmainn a bheith ag trasnú teorainneacha, mar a dhein na hÍosánaigh leis na céadta bliain, chun críocha nua a bhaint amach agus an Soiscéal a scaipeadh ó thuaidh, ó dheas, siar agus soir. Baineann an ghluaiseacht, an fhionnachtain, an taiscéaladh, an treoshuíomh agus an bláthú go léir atá le tuiscint as an lógó leis an eagnaíocht agus leis an urnaí arb é cuspóir an Spáis Tearmainn iad a chur chun cinn. Glacadh an marc reatha sa bhliain 2011.
Leas a bhaint as Spás Tearmainn
B’fhéidir go mbraithfeá é a bheith ait urnaí a dhéanamh os comhair do ríomhaire, os comhair scáileáin nó ar do ghuthán cliste, go háirithe má tá daoine timpeall ort nó fothram ar siúl a chuirfeadh ar mearaí tú. Ach tá Dia gach áit, timpeall orainn, É ag taobhú linn, fiú amháin nuair is lú súil againn leis. Agus an t-eolas sin againn - agus tar éis dúinn taithí a fháil - is féidir linn urnaí a dhéanamh áit ar bith!
Tá an suíomh seo á thairiscint againn duit chun tú a threorú trí sheisiún urnaí i sé chéim. San áireamh ansin, tá do cholainn agus d’aigne a réiteach le haghaidh na hurnaí agus d’urnaí a chríochnú le machnamh ar shliocht as an scrioptúr a roghnaíodh go sonrach don lá.
Is iad na sé chéim atá i gceist:
- Láithreacht Dé
- An tSaoirse
- An Comhfhios
- An Briathar
- An Comhrá
- An Clabhsúr
Cé gur sa chéad phearsa - “mé” - atá na paidreacha scríofa, tá siad ann ‘le déanamh’ seachas le léamh amach. Is cleachtadh nó machnamh de shaghas gach céim, agus í dírithe ar chabhrú leat teagmháil a dhéanamh le Dia agus le láithreacht Dé i do shaol.
Tá treoracha le haghaidh urnaí ar fáil freisin. Is téacsanna tacaíochta na treoracha seo le haghaidh urnaí. Tá siad ann chun cuidiú leis an ghuíodóir tuiscint níos doimhne a fháil ar an urnaí atá á taispeáint. Bíonn moltaí iontu maidir le conas cuma chuí a réiteach duit féin, maidir le hullmhú, agus maidir leis an timpeallacht a oireann duit, chun guí. Cuidíonn na moltaí le duine na toscaí a aithint is fearr a chuideoidh leis nó léi cluas a thabhairt do bhriathar Dé.
Na téacsanna as an Scrioptúr
An Bíobla Naofa. Cóipcheart 1981. An Sagart. Úsáidtear le cead.
Ábhar eile
Is leis an Spás Naofa an cóipcheart ar gach ábhar eile ar an suíomh seo againne. Téigh i dteagmháil leis an oifig chun tuilleadh eolais a fháil - féach na sonraí teagmhála. Deineadh an cur i láthair, an t-ábhar agus na téacsanna a úsáidtear ar an suíomh a fhorbairt i gcomhar leis an ngréasán foirne teanga ar fud na cruinne. Is féidir cead chun atáirgeadh a dhéanamh ar aon ábhar as na leaganacha teanga a sheoladh chuig na heagarthóirí teanga áitiúla - féach an leathanach Teagmhála ar an leagan cuí chun na mionsonraí a fháil.