Samhlaigh go bhfeiceann tú Íosa suite taobh leat. Taispeánann sé seo do chreideamh trí do chuid samhlaíochta. Níl Íosa i láthair mar a shamhlaímid ach is cinnte go bhfuil Íosa linn agus cabhraíonn ár gcuid samhlaíochta linn chun a bheith aireach faoi seo. Anois, labhair le hÍosa agus muna bhfuil éinne timpeall labhair os ard – i nguth ciúin, séimh. Éist le hÍosa, mar a fhreagraíonn sé thú, a bhfuil á rá aige leat nó a shamhlaíonn tú a bheith á rá aige leat. Sin í an difríocht idir smaoineamh agus guí. De ghnáth nuair a bhímid ag smaoineamh bímid ag caint linn féin. Nuair a bhímid ag guí bímid ag caint is ag déanamh comhrá le Dia.
Anthony de Mello SJ, Sadhana lch. 78-79
Glaonn Naomh Iognáid ‘colloquy’ ar an gcomhrá seo agus deir sé:
Déantar an comhrá faoi mar a labhródh cairde le chéile nó mar a labhródh seirbhíseach lena mháistir, ag iarraidh air gar a dhéanamh dó nó á cháineadh féin mar gheall ar choir éigin nó ag insint a chúrsaí féin dó agus ag lorg a chomhairle mar gheall orthu. … Sa chomhrá is ceart a bheith ag achainí agus ag réasúnaíocht de réir an ábhair. Is é sin le rá, faoi mar a bheadh duine faoi chathú nó faoi shólás, nó ag lorg suáilce seachas a chéile, nó á réiteach féin chun dul sa treo seo nó i dtreo eile, nó fós gur mian leis brón nó lúcháir a dhéanamh agus é sin go léir de réir ábhar a chointeampláide, agus ar deireadh thiar, an rud a iarraidh a bhfuil sé ag tnúth leis go mór i gcúrsaí áirithe.
Na Cleachtaí Spioradálta uimhir 54,199
B’fhéidir go gcabhródh na nithe seo a leanas: Íocón de Chríost, An Chros Chéasta (crois), íomhá d’Aiséirí Chríost, nó íocón den Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa.