User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-10-05

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.

Saoirse

An rud is mó a chuireann bac orm i dtaobh saoirse 
ná an claonadh atá ionama bheith gafa le mianta 
nó cuspóirí áirithe a shroicheadh – eagla, dóchas agus uaillmhian.
Cuirim srian ar an tsaoirse ionam chun fás agus forbairt a iniúchadh.
Iarraim ar Dhia cabhrú liom chun an tsaoirse ionam féin a aithint
agus chun glacadh le dúshláin nua
a threoróidh mé ar chúrsa de réir toil Dé.

Tabhair faoi deara

Cén áit a bhraithim dóchas, uchtach agus fás i mo shaol?
Ag breathnú siar tamall b’fhéidir go raibh eachtraí agus ócáidí a chabhraigh liom fás.
Déanfad deimhin am agus spás a thabhairt dóibh seo sa todhchaí.

Briathar Dé

Lúcás 10:1-12

Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann. Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d’aon duine ar an mbóthar. Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach. Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’ Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’ Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodom an lá úd ná ag an gcathair sin.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Ar cheann de na tíolacthaí móra is mian le hÍosa a roinnt linn tá an tsíocháin, agus is mian leis go roinnfeadh muide lena chéile í freisin.
  • B'fhéidir gur féidir liom iad siúd a thabhairt chun cuimhne a dtig liom an tsíocháin a roinnt leo. Conas a airím nuair a dhiúltaítear do mo dhea-mhéin? Is féidir liom a iarraidh ar an Tiarna mo dhiongbháilteacht a neartú maidir le bheith ag breith na síochána agus an grásta a iarraidh air le go mbeidh ar mo chumas an 'comhrac cáiréiseach' a dhéanamh nuair a chastar freasúra orm.

Comhrá

A Íosa, labhraíonn tú liom trí chomhrá na soiscéal.
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghlaoch Dé.
Cabhraigh liom saothar do láimhe a aithint i ngnáthimeachtaí an lae.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

Feasacht ar Láithreacht Dé

Dá mbeadh duine ag fiafraí díot focal eile a thabhairt ar Dhia bheadh an focal ‘Láithreacht’ oiriúnach. Nuair a d’fhiafraigh Maois de Dhia cérbh é, d’fhreagair Dia ‘Is mise an té atá ann’ agus ciallaíonn sin ‘Táim i láthair.’Tá Dia ag rá go fírinneach ‘beidh mé ann duit.’Tá Dia i láthair go smior i ngach rud agus ionainn i slí speisialta. Ciallaíonn Imeánúéil – ainm Íosa – ‘Tá Dia linn.’ Críochnaíonn Soiscéal Mhatha leis an ráiteas iontach; ‘Táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.’
(Sliocht as Finding God in all Things le Brian Grogan SJ)

Cleachtadh Coirp

Suigh i do chathaoir, go díreach, compordach, le taca le do dhroim. Bíodh do chorp suaimhneach (gan chromadh), do chosa ar an urlár agus do lámha ar a sochracht.

Is féidir leat do shúile a dhúnadh nó a dhíriú ar phointe áirithe os do chomhair amach. Bíodh d’aire go hiomlán anois ar mhothucháin do choirp, ag bogadh d’aire ó chuid amháin go cuid eile den chorp, cé go bhfuil sé níos fearr fanacht ar chuid amháin chomh fada agus is féidir. Is féidir tosú le do chosa agus gluaiseacht aníos tríd do chorp. Bíodh d’aire dírithe ar an rud a mhothaíonn tú. Má thá tú míchompordach nó tochasach nó fonn gluaiseachta ort ná bí buartha – déan an mhíchompord a aithint agus lean ort le d’aire dírithe ar a mhothaíonn tú i do chorp.

Cé nach bhfágann ár n-aigne ar ár suaimhneas sinn ró-fhada ní gá a bheith buartha faoi na ceisteanna a ardaíonn sí, ar nós: ‘Cad ab áil liom a bheith i mbun na gníomhaíochta seo?'; 'An bhfuilim ag meilt ama?'; nó 'An bhfuil aon bhaint ag an ngníomhaíocht seo le paidreoireacht?' Déan na smaointe seo a aithint agus lean ar aghaidh leis an ngníomhaíocht coirp.

Más mian leat is féidir athrá a dhéanamh ar fhrása Naomh Pól, ‘Mar is ann a mhairimid agus a ghluaisimid agus atáimid’.

(Curtha in oiriúint ó God of Surprises le Gerry W Hughes SJ)

Default
Presence

Cleachtadh Análaithe

Díríonn an ghníomhaíocht seo ár n-aire ar mhothucháin análaithe isteach is amach, gan rithim d’análaithe a athrú d’aon ghnó.

Dírigh d’aire ar an aer fuar ag dul isteach trí phollairí do shróine agus ar an aer te le linn duit easanálú. I dtosach b’fhéidir go mbeifeá gafa le d’análú agus go n-éireodh d’análú mírialta ach de ghnáth ní leanann sé seo ar aghaidh. Má leanann, ní mholtar duit leanúint ar aghaidh leis an ngníomhaíocht  ag an bpointe seo.

Le linn na gníomhaíochta seo tugann daoine faoi deara go n-athraíonn patrún a n-análaithe, éiríonn an t-análú níos doimhne agus níos moille agus braitheann siad codlatach. Is gníomhaíocht mhaith í seo inti féin ach is féidir í a úsáid mar phaidir chomh maith agus mianta uilig do chroí a shamhlú le linn análaithe isteach agus géilleadh do Dhia i ngach rud ar nós buarthaí, imní, peacaí, ciontaí agus aiféala uilig do chroí a scaoileah amach le linn easanálaithe.

Tá sé tábhachtach gan aon bhreithiúnas a thabhairt ort féin le linn na gníomhaíochta seo. Dírigh d’aire ar na buarthaí seo go léir a scaoileadh uait agus gan greim a choimeád orthu amhail is gur thaisce luachmhar iad.

(Curtha in oiriúint ó God of Surprises le Gerry W Hughes SJ)

Default
Presence

Cleachtadh Éisteachta

Suigh i do chathaoir - díreach agus compordach, le taca le do dhroim. Tabhair faoi deara na fuaimeanna a chloiseann tú, fuaimeanna i bhfad uait, gan bacadh iad a ainmniú.

Tabhair faoi deara fuaimeanna atá níos séimhe, níos ciúine, agus fuaimeanna atá níos gaire duit. Éist, bí aireach maidir leis na fuaimeanna sin.

Éist le buille do chroí féin, lag, ach is í rithim do bheatha féin í.

Éist le fuaim an toist i d’áit urnaí, an tost ionat féin.

Éist mar seo ar feadh cúpla nóiméad.

(Curtha in oiriúint ó Praying in Lent le Dónal Neary SJ)

Default
Presence

Paidir Thraidisiúnta

Ag Críost an síol
Ag Críost an fómhar;
In iothlainn Dé
Go dtugtar sinn.

Ag Críost an mhuir
Ag Críost an t-iasc;
I líonta Dé
Go gcastar sinn.

Ó fhás go haois
Is ó aois go bás
Do dhá lámh, a Chríost,
Anall tharainn.

Ó bhás go críoch,
Nach críoch ach athfhás,
I bParthas na ngrás,
Go rabhmaid.

Default
Presence

Saoirse

Cabhraíonn an phaidir seo linn chun sinn a chur ar fáil do Dhia. Seo mar a chuireann Naomh Iognáid síos ar an bpaidir seo; ‘Sa réamhurnaí iarraim de ghrásta ar ár dTiarna m’intinn, mo ghníomhartha agus mo bhearta uile a dhíriú d’aon aidhm chun seirbhís agus moladh an Rí.’(Na Cleachtaí Spioradálta, uimhir 46). B’fhéidir go mbeadh na focail seo cabhraitheach:

A Thiarna, is é mo ghuí ná ullmhú go maith don seal paidreoireachta seo.
Teastaíonn uaim mé féin a ullmhú chun a bheith aireach agus ar fáil duitse.
Cabhraigh liom mo mhianta a bheith soiléir agus glanchroíoch.
Tá an oiread sin de mhianta frithráiteacha agam.
Bím gafa le nithe neamhthábhachtacha agus nach maireann.
Tá a fhios agam má thugaim mo chroí duit,
go mbeidh gach a dhéanaim de réir mo chroí úrnua.

Is asatsa atá mo mhuinín, a Thiarna - ionam féin, gach iarracht,
gach teagmháil, gach smaoineamh, gach frustrachas,
agus gach atá le sárú agam ag an am paidreoireachta seo.
A Thiarna, is leatsa mé. Go ndéantar do thoil. Amen.

Cad is brí le Scrúdú Coinsiasa?

Más fíor go bhfuil Dia gníomhach i ngach gné dár saol, conas a aithnímid é seo agus conas a dhéanaimid frithfhreagairt ar ghníomhú Dé in ár saol.

Ag deireadh an lae go háirithe roimh dhul a chodladh – toisc go mbíonn ár n-intinn an-ghníomhach ag tabhairt eachtraí an lae chun cuimhne – bíonn sé deacair orainn dul a chodladh.

Tá an Scrúdú Coinsiasa bunaithe ar chlaonadh nádúrtha na hintinne. Cabhraíonn sé linn a bheith airdeallach do láithreacht Dé agus gníomhú Dé in ár saol laethúil, a bheith ag faire amach do na huaireanta a bhímid ag comhoibriú le grásta Dé agus na huaireanta a dhiúltaímid aird a thabhairt ar láithreacht Dé ionainn.

Conas Scrúdú Coinsiasa a dhéanamh

Lig do d’intinn ‘súil siar’ a dhéanamh ar an lá atá thart gan aon bhreithiúnas a thabhairt ort féin - gan mholadh gan cháineadh – ach ag díriú ar na hócáidí buíochais. Bíonn tráthanna maithe sna laethanta is anróití. B’fhéidir go dtugaimid buíochas do Dhia as ucht braon báistí a fheiceáil nó go bhfuilimid buíoch toisc go bhfuil radharc na súl againn ar chor ar bith. Nuair a thugann daoine faoin gcleachtadh seo bíonn ionadh orthu de ghnáth faoi na heispéiris mhaithe go léir a bhí acu i rith an lae a bheadh caillte acu de bharr eispéireas amháin a bhí pianmhar.
Is ceart moladh agus buíochas a thabhairt do Dhia as na heispéiris mhaithe a bhíonn againn.

Tar éis buíochas a thabhairt is í an chéad chéim eile ná ár gcuid mothúchán agus giúmar a thabhairt chun cuimhne ach arís gan aon fhéinbhreithiúnas a thabhairt orthu. Bí in éineacht le Críost ag an am seo agus impigh air an dearcadh a fholaíonn na héispéiris i rith an lae a thaispeáint duit. An rud is tábhachtaí ná gan ainilís a dhéanamh ar ár n-eispéireas ach machnamh a dhéanamh air i láthair Chríost agus a ligean dó a thaispeáint dúinn cén áit ar ghlacamar le láithreacht Chríost agus cén áit ar dhiúltaíomar dá láithreacht.

Gabh buíochas le Críost as ucht na n-amanna a cheadaíomar dá ghlóir soilsiú orainn agus iarr maithiúnas ar son na n-amanna a dhiúltaíomar. Tugann Críost maithiúnas dúinn i gcónaí. Tuigeann sé ár laigí níos fearr ná mar a thuigimid féin iad. Nuair a admhaímid ár gcuid laigí athraíonn siad go neart. ‘Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir’ (2 Corantaigh 12:10). Is féidir linn críochnú le paidir ghearr chun a iarraidh ar Dhia cabhair agus grásta a thabahairt dúinn don lá amárach.

Default
Consciousness

Paidir do Scrúdú Coinsiasa

A Thiarna, tá aithne níos fearr agat orm ná mar atá agam orm féin. Bíonn do spiorad i láthair gach nóiméad de mo shaol. Táim an-bhuíoch díot as ucht an ghrásta a bhronnann tú go fial orm agus as an gcuireadh buan, séimh a thugann tú dom a ligean duit a bheith i mo shaol.
Maith dom na hamanna a dhiúltaíos an cuireadh sin agus gur dhúnas mé féin amach uait. Cabhraigh liom amárach chun do láithreacht a aithint i mo shaol, chun a bheith oscailte a ligean duit a bheith ag obair ionam ar mhaithe le do ghlóir. Amen.

Default
Consciousness

Ag Éisteacht leis an mBriathar

Léigh an sliocht go mall cúpla uair, bí ag faire amach d’aon fhocal nó frása a sheasann amach duit agus fan leis chomh fada agus is mian leat sula dtosaíonn tú ag machnamh ar aon cheann eile.

Tá an próiseas seo cosúil le milseán a dhúil. Ní gá anailís a dhéanamh ar an bhfrása díreach mar nach mbrisfeá milseán suas i smidiríní agus scrúdú ceimiceach a dhéanamh air sula mblaisfeá é.

Go minic dírítear ár n-aire ar riachtanais ár n-aigne fhochomhfhiosach i bhfrása áirithe i bhfad sula mbíonn ár n-aigne chomhfhiosach feasach ar chúis na tarraingthe seo. Sin é an fáth gur maith an rud é fanacht le frása chomh fada agus is féidir gan iarracht a dhéanamh anailís a dhéanamh air.

Bíonn gach saghas ábhar seachráin ag rith trí m’aigne ach ait go leor bíonn na smaointe ar strae seo mar ábhar paidreoireachta go minic. Dealraítear dom go mbíonn an frása Scrioptúir mar thóirsholas agus mar threoir a oibríonn trí m’aigne de chuimhní cinn, smaointe, brionglóidí, mianta, dóchas agus eagla agus guím as an meascán seo de bhriathar Dé, mo smaointe inmheánacha agus mo chuid mothúchán féin.

An Scrioptúr mar Thóirsholas

Déanann an chéad véarsa den Bhíobla, ‘Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí’ -  cur síos ar chúrsaí an tsaoil mar atá i láthair na huaire, ní ar ócáid atá thart. Nuair a bhím ag guí leis na Scrioptúir bím ag ligean do Dhia a bheith i láthair i ndorchadas agus anord mo shaoil.

Nuair a ligim do bhriathar Dé a bheith bainteach le cúraimí mo shaoil tarlaíonn iontais, mar tá Dia na n-iontas i láthair. Tá sé tábhachtach nach gceilfinn anord mo shaoil ó bhriathar Dé nó uaim féin. Táimid chomh hoilte sin uaireanta nach nglacaimid le haon mhothúcháin diúltacha in ár bpaidreacha go háirithe mothúcháin diúltacha faoi Dhia. Caithfimid fás as an oiliúint seo - ár smaointe agus ár gcuid mothúchán a chur in iúl do Dhia gan bhac - le muinín againn go nglacfaidh Dia linn faoi mar a táimid. Níl aon mhaitheas i gcur i gcéill i láthair Dé, Dia a thuigeann sinn níos fearr ná mar a thuigimid sinn féin.

Nuair a shoilsíonn briathar Dé i do chroí níl aon smaoineamh, mothúchán ná mian nach bhféadfadh a bheith ina ábhar paidreoireachta duit nuair a thuigeann tú go ngránn Dia thú mar atá tú - go bhfuil a Spiorad in ann i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d’iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn.

Default
Scripture

Ag Déileáil le hÁbhar Seachráin

Le linn dúinn a bheith i mbun urnaí d’fhéadfadh ár n-aigne a bheith ag cur thar moill le ceisteanna agus le hábhar seachráin. Cá bhfios dom nach bhfuil dul amú orm? Cá bhfios dom gurb í seo an fhírinne? – go ndéanann Dia cumarsáid tríothu i ndáiríre. An gcreidim i nDia i ndáiríre? Is ceisteanna macánta iad seo ach ní gá iad a fhreagairt láithreach. Nuair a bhíonn leanbh buartha san oíche ardaíonn an mháthair é/í agus socraíonn sé/sí síos arís. Dá mbeadh an leanbh ag cur ceisteanna casta, dúshlánacha ar an máthair agus ag lorg freagraí cuimsitheacha bheadh sé sin deacair. Uaireanta, le linn ár gcuid urnaí, bímid ar nós an linbh sin má dhiúltaímid éisteacht le Dia go dtí go bhfreastalaíonn sé ar an gcritéir a leagaimid féin síos. Déanaimid cumarsáid le Dia i dtosach in ár gcroíthe. Níl an croí lagintinneach: Tá cúiseanna níos doimhne ná mar a fheicimid ar dtús lenár n-aigne chomhfhiosach.

Ag fágáil na gceisteanna ar leataobh go fóill, cad a dhéanaim leis an ábhar seachráin go léir a bhíonn ag plódú m’aigne? B’fhéidir gur fhágas an sorn ar siúl, nó go bhfuil ríomhphost nár chuireas. Le nithe práinneacha, féach ina ndiaidh agus d’fhéadfaí nóta a bhreacadh síos de nithe nach bhfuil práinneach. Ach go minic in ionad smaointe a bheith ina n-ábhar seachráin dúinn b’fhéidir gur ábhar urnaí dúinn iad.

Default
Scripture

Comhrá le hÍosa

Samhlaigh go bhfeiceann tú Íosa suite taobh leat. Taispeánann sé seo do chreideamh trí do chuid samhlaíochta. Níl Íosa i láthair mar a shamhlaímid ach is cinnte go bhfuil Íosa linn agus cabhraíonn ár gcuid samhlaíochta linn chun a bheith aireach faoi seo. Anois, labhair le hÍosa agus muna bhfuil éinne timpeall labhair os ard – i nguth ciúin, séimh. Éist le hÍosa, mar a fhreagraíonn sé thú, a bhfuil á rá aige leat nó a shamhlaíonn tú a bheith á rá aige leat. Sin í an difríocht idir smaoineamh agus guí. De ghnáth nuair a bhímid ag smaoineamh bímid ag caint linn féin. Nuair a bhímid ag guí bímid ag caint is ag déanamh comhrá le Dia.

Anthony de Mello SJ, Sadhana lch. 78-79

Glaonn Naomh Iognáid ‘colloquy’ ar an gcomhrá seo agus deir sé:

Déantar an comhrá faoi mar a labhródh cairde le chéile nó mar a labhródh seirbhíseach lena mháistir, ag iarraidh air gar a dhéanamh dó nó á cháineadh féin mar gheall ar choir éigin nó ag insint a chúrsaí féin dó agus ag lorg a chomhairle mar gheall orthu. … Sa chomhrá is ceart a bheith ag achainí agus ag réasúnaíocht de réir an ábhair. Is é sin le rá, faoi mar a bheadh duine faoi chathú nó faoi shólás, nó ag lorg suáilce seachas a chéile, nó á réiteach féin chun dul sa treo seo nó i dtreo eile, nó fós gur mian leis brón nó lúcháir a dhéanamh agus é sin go léir de réir ábhar a chointeampláide, agus ar deireadh thiar, an rud a iarraidh a bhfuil sé ag tnúth leis go mór i gcúrsaí áirithe.

Na Cleachtaí Spioradálta uimhir 54,199

B’fhéidir go gcabhródh na nithe seo a leanas: Íocón de Chríost, An Chros Chéasta (crois), íomhá d’Aiséirí Chríost, nó íocón den Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa.

Toggle Music

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha