Briathar Dé
Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.” D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. D’fhág siad an bád agus a n athair láithreach agus lean siad é.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Mar aon lena dheartháir Peadar atá níos cáiliúla, is é Aindriú an chéad duine ar ghlaoigh Íosa air chun é a leanúint. Caithfidh go bhfaca an t-iascaire umhal seo rud éigin an-speisialta san fhear seo chun a chuid eangach, a shlí bheatha, a fhágáil láithreach agus é a leanúint. Cén glaoch atá ag Íosa domsa sa tréimhse seo de mo shaol? Guím ar son an ghrásta gan neamhaird a thabhairt ar a ghlaoch ach go mbeinn pras flaithiúil i mo fhreagra air.
- Bhí Aindriú ina bhall den ghrúpa beag sin d’fhir (beag ach fós iontach) a bhí réidh chun muinín a bheith acu as Íosa go hiomlán agus réidh chun géilleadh dá ordú dochreidte an Soiscéal a thabhairt do na náisiúin uile. Is le hAindriú agus lena chompánaigh a ghabhaimid buíochas toisc go gcreidimidne, agus na céadta milliún ar a bhfearacht féin, in Íosa. Agus an chaint bainte díom, seasaim go buíoch os comhair an fhir seo agus os comhair a Mháistir.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Chuala Símóin agus Peadar guth Íosa agus é ag siúl thar bráid; d’éist agus d’fhreagair Séamas agus Eoin le linn dóibh a bheith ag obair. Labhraíonn Íosa leo, ní in áit chúlráideach ach nuair a chas sé orthu ag a gcuid oibre. Céard a chiallaíonn sé domsa a bheith ag obair ar bhealach a choinníonn m’aird ar theachtaireacht a chuideodh le mé a shlánú?
- Ina gcuid tascanna laethúla, chuir meafair ina luí ar na haspail faoi conas mar a bheidís ina ndeisceabail d’Íosa. An bhfuil bealaí ann ina labhraíonn Dia liom i mo chuid gnáth-thimireachta? Cén chaoi a bhféadfadh Dia labhairt liom i dteanga mo shaoil laethúil?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Insíonn scrioptúr an lae inniu dúinn an scéal faoi conas a d’athraigh glaoch ón Tiarna saol na chéad deisceabal: fágann siad gach rud agus leanann siad é.
- An féidir leat imeachtaí nó ócáidí a thabhairt chun cuimhne nuair a chuaigh tú ar mhalairt treo? Mar shampla, titim i ngrá, tú do do threorú ag múinteoir nó ag cara, pian nó caill a bhí mór nó beag? Tagann na roghanna seo chugainn i rith ár saoil. Is féidir leo dul i bhfeidhm go mór orainn. Braitheann leagan amach ár saoil ar an gcaoi a nglacaimid leo. Is daoine muid a ghníomhaíonn de réir ár gcinntí. Is cara dúinn Íosa ar mian leis treoir a thabhairt dúinn.
- Is tabhartas do gach duine againn an Tiarna a leanúint inár ngairm féin.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tá eiseamláir, nó más áil leat paraidím, ar fáil dúinn sa radharc seo ar an dóigh ina nglaonn Íosa ar gach éinne againn. Tabhair faoi deara gurb é Íosa, ar a chonlán féin amháin, a thionscain gach dár thit amach. Faoi mar atá le léamh againn i Soiscéal Mharcais 3:13: ‘Agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin.’ Is mian le hÍosa go leanfaidh mise agus tusa é, ní mar chompánaigh ach mar dhaoine atá páirteach leis ina mhisean. ‘Déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.’ An spioradáltacht Chríostaí, ní le ‘hÍosa agus liomsa’ amháin a bhaineann sí, ach le ‘hÍosa, liomsa, agus leo seo a seolann sé chucu mé.’ Is iascaire é gach aon duine againn: finné, fáidh, soiscéalaí, leigheasóir, teagmhálaí a sheolann an dea-scéala.
- Conas mar a bhí ag Aindriú nuair a glaodh air? A chuid mothúchán trína chéile? Aoibhneas air faoi gur roghnaíodh as féin é (is mian linn uile go mbeadh éileamh agus cion orainn!), ach é ag braiteoireacht de bheagán ó thaobh a dhroim a thabhairt lena shlí bheatha? Cén costas atá ar an deisceabalacht domsa? An bhfuil aon ní ar gá dom scaoileadh leis?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tá gairm na ndeisceabal bunaithe ar ghairm Íosa. Déanfaidh an ghairm seo a saol a athrú ó bhun go barr, agus go deo. Níorbh iad na deisceabail amhain a chuala briathar Dé ag gairm orthu, ach is amhlaidh a dhein siadsan beart dá bharr. Mar sin, d’fhág na chéad deisceabail gach a raibh acu ina ndiaidh agus lean siad Íosa. Mhúin Íosa bealach nua maireachtála dóibh, ionas gurbh fhéidir dá gcroíthe bheith ar leathadh le haghaidh obair Dé, ta éis a gcluasa a bheith oscailte ag briathar Dé.
- Is den spiorad do bhriathra, a Thiarna, agus is beatha iad. A Thiarna, múin dúinn do shlite. A Thiarna, ghlaoigh tú ar na deisceabail sin a bhí le teacht leat, tú a leanúint díreach mar a bhí siad, agus b’shin an rud a dhein siad. A Íosa, ní iarrann tú orainne gach a bhfuil againn a fhágáil chun tú a leanúint; ní iarann tú orainn ach dul leat ar ár mbealach laethúil, agus le do threoir, ní theipfimid.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- I lár gnáthlá, atá cosúil le lá ar bith eile, siúlann Íosa thart, go bhfeiceann sé mé, agus go dtoghann sé mé de rogha as measc an tslua, agus labhairt liom agus cuireadh a thabhairt dom bheith im dheisceabal aige. Titeann na heachtraí seo amach go rialta, gach lá, ins an Tearmann Naofa!
- Cad é a tharraingíonn mé chuig Íosa? Cad é a chuidíonn liom freagairt fhial a thabhairt dó? An bhfuil mé im leantóir dian ina dhiaidh, nó an amhlaidh nach dtugaim aird air ach ó am go chéile?