User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Lúcás 18:9-14

Briathar Dé

Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’ Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’ Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

Lúcás 18:9-14
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • An féidir liom fáil réidh go hiomlán leis an bhFairisíneach atá ionam? Sílim go bhfuil sé chomh héasca sin mothú ní b’fhearr ná daoine eile ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, agus mé dall ar mo chuid lochtanna féin ag an am céanna. Is trí mo chuid féin a dhéanamh de ghuí umhal an phoibleachánaigh, agus tríd sin amháin, ar féidir liom mé féin a chosaint ar an dainséar seo: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach!’
    • Féach cé chomh héasca is atá sé ár maitheas a thomhas de réir na nithe a dhéanaimid agus ní de réir na nithe a líonann ár gcroí. Iarraim grásta croí ghlan.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Parabal ar áilleacht é seo agus é tógtha go fíor-ealaíonta sa chaoi is go bpreabann a bhrí chugainn i leith. Ina dhiaidh sin féin, bíonn breis le foghlaim i gcónaí trí ghuí air agus a iarraidh ar Íosa na bríonna domhain atá ann a fhoilsiú dúinn. D’fhéadfadh go bhfuil mionsonra éigin ann nár thug muid faoi deara roimhe seo, nó b’fhéidir go léireofaí dúinn i gcáil nua an tslí ina mbaineann sé linn féin.
    • Is cabhair í an tsamhlaíocht le dul “i bpáirt” duine éigin de phearsana an pharabail. Tabhair faoi deara a chompordaí nó a mhalairt is a airíonn muid ina chuid éide. Tabhair faoin bpaidir a rá a dúirt an bheirt ina seal. Conas a réitíonn sé sin leat? Tuigeann muid de bharr na taithí nach bhfuil éinne ina “Fhairisíneach” amach is amach (.i. ina fhimíneach) ná ina “phoibleacánach” (bailitheoir cánach) amach is amach (.i. aithne aige air féin go fíor).
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Tá an chontrárthacht idir an Fairisíneach agus an poibleacánach imithe chomh mór i gcionn ar ár gcultúr is go gcuirtear droim ar ais é scaití agus is túisce le daoine dul i bhfolach ar chúl an tséipéil ná a bheith sna suíocháin tosaigh.
    • Conas mar a réitíonn an scéal seo liom? Ba fuath liom a bheith im ábhar tarcaisne ag daoine. Ach a Thiarna, dá mba eol dóibh mé faoi mar is eol duitse, b'fhéidir gur acu a bheadh an ceart tarcaisne a aireachtáil i mo leith. Agus níl sé de cheart agam a bheith drochmheasúil orthu siúd a dtarraingítear áird sna meáin ar a bpeacaí. Déan trócaire orm.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Chuaigh duine den bheirt seo chun an teampaill d’fhonn féinmholadh a dhéanamh, agus an dara duine d’fhonn Dia a mholadh. Féachann Dia go cineálta ar chroí umhal, agus treoraíonn sé muid ón uabhar go dtí an umhlaíocht, óir tugann sé grá dúinn inár n-uabhar agus inár n-umhlaíocht.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • ‘A Dhia, glac trua dom, peacach.’ Bíodh sé seo mar phaidir agam inniu agus i gcónaí. Ní ceart dom críoch a chur le mo phaidreacha inniu, agus an port á chanadh os íseal agam nach bhfuilim ar nós an Fhairisínigh! Is é Dia amháin a ‘fhíréanaíonn’ an poibleaceánach peacúil, nach bhfuil de shuáilce ann ach é bheith macánta i láthair Dé.
    • An mbímse macánta liom féin nuair a thagaim os do chomhair, a Thiarna? Is féidir leat scéal bocht mo chroí a léamh. Is é an ‘mise’ atá ann dáiríre a dtugann tú grá dó, lena lochtanna go léir. Guím go bhfaighe mé bua na humhlaíochta.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Níl i gceist ag Íosa an Fairisíneach a dhaoradh go hiomlán. Déanta na fírinne, tá cuid mhór dá ndéanann an fear go maith. Ach ina dhiaidh sin is uile, níl an urnaí a dhéanann sé chomh hinghlactha ag Dia, toisc go mbraitheann sé ar a fhíréantacht féin, i gcomparáid leis an phoibliceánach, a chuireann a mhuinín go hiomlán i dtrócaire Dé. T duine acu Dia-lárnaithe, agus an duine eile féin-lárnaithe.
    • Baineann an Fairisíneach sásamh as a chúrsaí pearsanta, sa mhéid nach ndéanann sé na peacaí a dhéanann daoine eile. Ach is é an rud atá tábhachtach, muid féin a chur go hiomlán i lámha trócaireacha Dé, seachas an rud seo a sheachaint agus an rud meicniúil siúd a dhéanamh.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha