Briathar Dé
Agus labhair sé parabal leo: "Féachaigí an crann fígí agus na crainn eile. Nuair a bhíonn siad ag eascar, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achmaireacht feasta. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche."
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Cad iad na comharthaí a léiríonn dom go bhfuil Dia ag obair? I mo shaol féin? Sa domhan mórthimpeall orm? An mbraithim Ríocht Dé i mo chroí? An bhfeicim bachlóga ar an gcrann figí?
- Tá an chruinne ársa; cuireann na milliúin bliain mearbhall ar an aigne. San am céanna tá siad gearr; rud gearrshaolach i gcomparáid le focal Dé a mhairfidh go deo. Dúirt Íosa go n-imeodh neamh agus talamh ach nach n-imeodh a bhriathra choíche.’
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Sna scrioptúir na laethanta beaga anuas bhí Íosa ag rá linn faoi dheireadh rudaí agus faoi na himeachtaí uafásacha a bhainfidh le deireadh rudaí, mar a thuigimid iad. Inniu cuireann sé síos ar an deireadh seo go beacht le scéal an chrainn fige. An léiriú ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí anois ann, tá Íosa ag rá linn an léiriú sin a thabhairt faoi deara. Cuideoidh an léiriú sin linn an difríocht idir na rudaí fíorluachmhara agus na rudaí gearrshaolacha a aithint.
- Tá an fhírinne i bhfocail Íosa nach mbeidh deireadh go deo léi.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- D’fhéadfaí leas a bhaint as an bparabal seo chun léiriú a thabhairt ar chuid dá mbíonn i gceist againn sa lá atá inniu ann le ‘éargna.’ Luaitear an focal seo leis an bpróiseas trína ndéantar toil Dé a lorg agus trína ndéantar cinneadh faoin gcaoi a fhreagrófar dó. Trí ár marana a dhéanamh ar an soiscéal ceadaíonn muid dúinn féin leagan amach agus luacha Íosa a shú isteach. Is iadsan na slata tomhais agus na critéir lena ndéanaimid pé cás atá i gceist a mheas nó pé ceist atá idir chamáin a réiteach. Ar dhóigh, tá muid ag faire amach do ‘chomharthaí.’ Ní corraíola cosmacha i nglinnte na spéartha a bheidh i gceist leo seo áfach ach bogadh inmheánach i leith sóláis nó i leith scárthachta spioradálta.
- Agus an bhliain liotúirgeach ag teacht chun críche an bhfuil aon ní i mo bheatha ar gá dom a bheith éargnaí ina leith? Má tá, is é mo ghuí go n-aithneoidh mé na comharthaí agus go gciallóidh mé i gceart iad.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is dian an ceacht é sin: nuair atá anbhuain agus éiginnteacht inár saol gurb in an uair atá ríocht Dé in achomaireacht. Tá Dia i láthair inár rúndiamhra dólásacha chomh maith lenár rúndiamhra sólásacha. Is é a deireadh Naomh Eoin na Croise: Is é an grá toradh an chreidimh, is é sin le rá toradh an dorchadais. Teanann muid go dlúth leat, a Thiarna, inár éiginnteacht. A Thiarna, deir tú linn i dtólamh a bheith ullamh. Tá rud éigin chun tarlú. Is ionadh linn beatha nua an nádúir gach uile earrach, agus ar an gcaoi chéanna cuirfidh Dia iontas orainn le borradh úr earraigh ionainn féin. Go bhfana an chiall sin don dóchas beo ionam. Tugaim chun cuimhne na línte seo le Belloc: Kings live in palaces and pigs in sties But youth in expectation. Youth is wise. agus focla Raifearaí: Ó, fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse mar a éiríonn an ghrian nuair a scaipeann an ceo… d'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- A Íosa, dealraíonn sé gur fhoghlaim tú mórán ceachtanna as leabhar na cruinne! Deonaigh an fhiosacht chéanna domsa, ionas go bhfoghlaimeoidh mé go bhfuil Dia i láthair, agus ag saothrú, agus ag tabhairt cúraim dom, i gcúrsaí mo shaoil go léir.
- Leis an crann fígí seo a lua, cuirtear i gcuimhne dom an crann fígí siúd ar tugadh seans eile dó torthaí a thabhairt. An mbíonn de mhisneach ionam tosú arís as an úire nuair a theipeann orm an chéad uair?