User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Eóin 5:17-30

Briathar Dé

Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.” Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia. Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna. Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse. Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh agus iad a dhéanamh beo, mar an gcéanna déanann an Mac beo an mhuintir is toil leis; mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine ach thug sé an uile bhreith dá Mhac, i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é. Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha. Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht – tá sí ann cheana – nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad. Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin, thug sé don Mhac mar an gcéanna beatha a bheith ann féin aige, agus thug sé údarás dó breithiúnas a dhéanamh de bhrí gurb é Mac an Duine é. Ná déanaigí ionadh den mhéid sin, óir tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé, agus tiocfaidh siad amach – iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t-olc chun aiséirí an bhreithiúnais.

Eóin 5:17-30
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Níl sé chomh furasta an soiscéal seo a ghuí! Léigh é cúpla uair agus tú ag stopadh áit ar bith a dtarraingíonn frása d’aird. Pléigh é leis an Tiarna.
    • “Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.” Deireadh Naomh Iognáid Loyola go mbíonn an Tiarna i gcónaí ag saothrú ar ár son: toradh nach mbeadh aon choinne leis, tá tú san áit cheart ag an am ceart. Comharthaí oirchille Dé i gceist. Gabh buíochas leis an Tiarna as na bomaití seo.
    • “Ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.” Faighimid spléachadh ar chroí Íosa ar aon bhuille lena Athair. Ní dhéanann Íosa tada gan guí chun a Athar. Críochnaigh trí bheith ag guí go mall, “A Athair”, cúpla uair.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Is é an caidreamh idir Íosa agus a athair sna flaithis is ábhar don sliocht diamhair seo. Rianaíonn Íosa gach dá bhfuil ina bheo agus gach dá mbaineann leis na roghanna a dhéanann sé ar ais chuig a bhfoinse i nDia. “Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.” “Óir ní hí mo thoil féin a shantaím, ach toil an té a chur uaidh mé” (an tAthair). Tá seisean agus a Athair fite fuaite ar gach uile dhóigh, a oiread sin is gur aon eisean agus an tAthair (Eoin 10:30). Is ionann onóir a thabhairt dósan agus onóir a thabhairt don Athair.
    • Tabhair faoi deara an ráiteas suaithinseach: “Tá m’Athair ag obair anois, agus ariamh, agus táimse ag obair chomh maith.” Tá Dia i láthair inár measc (“Imeánúéil”) ach ní láithreacht fhulangach atá i gceist .i. láithreacht nach bhfuil i gceist léi ach a bheith ann amháin. Láithreacht ghníomhach atá i gceist trína bhfuil Dia rannpháirteach i ndráma ár mbeatha mar chomh-aisteoir nó mar chomhpháirtí.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Nuair a thagraítear i Soiscéal Eoin do "na Giúdaigh", is iad na Giúdaigh sin a dhiúltaigh do Íosa atá i gceist – tar éis an tsaoil ba Giúdaigh eisean agus a dheisceabail. Nuair a dúirt Íosa go ndearnadh an tSabóid don duine, agus nuair a ghairm sé "a athair" do Dhia, bhí dúshlán á thabhairt aige dá mhuintir féin maidir le fís Dé: níos mó de athair a ghránn a pháistí uile ná de dhuine a leagann síos dlithe.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Bíonn claonadh againn samhlú nach bhfuil faic le déanamh ag Dia ar feadh an lae! Ach cuirtear in iúl dúinn anseo go bhfuil an tAthair ‘ag obair anois, agus riamh’, agus go bhfuil an Mac ag obair i gcomhréir leis. Tá siad i mbun oibreacha chun an domhan s shlánú. Is eol dóibh na riachtnais a bhaineann liom féin, agus oibríonn siad chun mé a thógáil ‘ó bhás go beatha.’. Caithim roinnt ama ag gabháil buíochais leis.
    • Bíonn ar go leor baill den Tearmann Naofa (agus Sacred Space mar aon) uaireanta fada oibre a chur isteach gach lá. De bhrí go gcuidíonn ár gcuid oibre le daoine eile, réitíonn sé sin le hobair Dé. An clár gnó a bhíonn againn ó lá go lá, is cuid beag é de chlár gnó Dé. Murab ea, ní foláir dúinn ár gclár a athrú.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha