Briathar Dé
Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: "A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?" Dúirt Íosa leis: "Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód. "Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d'ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: 'Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.' Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: 'Íoc a bhfuil amuigh ort!' Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: 'Bíodh foighne agat liom,' ar seisean, 'agus íocfaidh mé leat é.' Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir. Chuir an máistir fios air: 'A sheirbhísigh mhallaithe,' ar seisean, 'mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?' Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán. Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí."
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- ‘Cé a deir daoine mise? . . . Ach cé a deir sibhse mise?’ Bíonn rúndiamhair ann i gcónaí i dtaobh Íosa de. An freagra s’agamsa ar a cheist ná go mbeidh mé tiomanta dó de réir mar a thuigim é.
- Is é an rúndiamhair is mó faoi Íosa, b’fhéidir, ná go gceanglíonn sé a fhulaingt ar an gCrois lena mhisean. Bhí sé chomh tábhachtach sin dó gurbh olc, dar leis, aon iarracht a rinneadh chun a intinn a athrú. Iarracht ó Shátan ab ea í. Iarraim an grásta an rúndiamhair seo a thuiscint níos fearr agus go mbeinn toilteanach Íosa a leanúint trí dhiúltú dom féin agus mo chros féin a iompar.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ní bhíonn sé éasca maithiúnas a thabhairt, ná baol air. Grásta ó Dhia is ea é. Ar ndóigh nach bhfuil sé an-fhial maitheamh do do dheartháir nó do do dheirfiúr suas go seacht n-uaire! Tar éis an tsaoil, caithfidh teorainn a bheith ann, ar aon nós b’in a cheap Peadar!
- Ní chaithfidh, dar le hÍosa: seacht n-uaire is seachtó. Gan teorainn, gan chríoch, i gcónaí. Is mar seo a ghránn an Tiarna thú. “Mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad . . .” (Matha 18:32).
- Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, as maitheamh dom seacht n-uaire is seachtó agus níos mó ná sin. Tabhair an grásta dom maitheamh do dhuine éigin inniu.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Sliocht é seo a thugann léargas ar théama Bhliain na Trócaire. Níl teora ar bith leis an méid uaireanta a n-iarrtar orainn maithiúnas a thabhairt (.i. a bheith trócaireach). Seo é ceann de na gnéithe is dúshlánaí de theagasc Chríost. Ach ina dhiaidh sin is uile, grásta is ea an maithúnas don té a thugann é agus don té a ghnóthaíonn é.
- Tá an parabal seo ina scáthán ar chóras dlí a measfaí sa lá atá inniu ann gur córas cruálach agus mídhaonna é ach san am céanna, laistigh den chóras mar a bhí sé, chítear go maireann an taise agus an maithiúnas taobh le taobh leis an díoltas agus an pionós. Ní mór dúinn idirdhealú idir teachtaireacht bhunaigh an pharabail agus an cúlra stairiúil ónar eascair sé. Lean ort ag filleadh ar véarsaí tosaigh an tsleachta.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ba cheart dom roinnt ama a chur i leataobh chun mo mharana a dhéanamh ar conas mar atá agam mar gheall ar an nglaoch chun maithiúnais. Is deacair an cás é! Tabhair maithiúnas agus lean ort á thabhairt. Ciallaíonn sé nach mór dúinn an stór de ghearáin agus d'fhaltanais is geal linn a scaoileadh chun siúil. Is ualach orm féin iad agus ní ar an té a bhfuil fala agam leis. Sa Phaidir, tugann Íosa áit chomh lárnach céanna do mhaithiúnas agus atá ag ár n-arán laethúil. Níl ní ar bith is mó agus is soiléire a idirdhealaíonn meanmna Chríost ó mheanmnaí eile ná é seo.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is minic a bhíonn sé deacair maithiúnas a thabhairt do dhuine. Dúirt C.S. Lewis, ‘Aontaíonn gach éinne gur gníomh rímhaith an maithiúnas, go dtí go mbíonn rud éigin acu le maitheamh.’ Ach nuair a theipeann orm duine eile a mhaitheamh, fanaim i ngéibheann ag an dochar a deineadh dom. Ní féidir liom bogadh ón áit sin. Cé chomh saor is atá mé chun dul ar aghaidh, nó an bhfuilim faoi smacht ag seanfhaltanais a bhaineann leis an am atá thart?
- Más gá dúinn bheith ullamh chun maithiúnas a thabhairt seacht n-uaire seachtód, caithfimid bheith réidh mar an gcéanna chun maithiúnas a lorg seacht n-uaire seachtód, agus glacadh leis go hiomlán go bhfuil maithiúnas faighte againn. An ngabhann an maithiúnas mar shruth siar agus aniar idir mé agus na daoine eile a bhfuil baint agam leo, nó an rud annamh é i gcúrsaí mo shaoil?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Caithfidh gur baineadh geit as Peadar nuair a léiríodh dó gur thobar é foinse an mhaithiúnais nach dtéann i ndísc riamh. Ar ndóigh, bhí áthas air faoi sin níos déanaí, nuair a mhaith Íosa dó, tar éis dó a Mháistir a shéanadh. Chonaic sé nach n-éireodh Dia as maithiúnas a thabhairt dó; mar sin, bhí de dhualgas air iarracht a dhéanamh daoine eile a maitheamh mar an gcéanna. Is iad na daoine a thugann maithiúnas a bhaineann le ríocht Dé.
- A Thiarna, caithfidh mé guí faoi choinne an ghrásta chun daoine a mhaitheamh ó mo chroí. Ní féidir liom é sin a dhéanamh as mo stuaim féin. Tuigim sin. Cé chomh minic is a bhím im ‘sheirbhíseach mallaithe’! Tá tusa chomh fial sin dom, agus mé chomh crua-chroíoch i leith daoine a chiontaíonn im aghaidh. Déan trócaire orm agus bog mo chroí-sean.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Anuraidh d’achainigh taoiseach cogaidh Afganastánach ar dheontóirí eachtrannacha uisce a thabhairt dá thí, a bhí ina fásach; ansin chuir sé cóir ar thuairisceoirí ina phalás, a raibh sé linn snámha aige ann. Dála creidiúnaí neamaiteach an tSoiscéil, ní dócha gur aithin sé a neamhfhreagraí is a bhí sé.
- A Thiarna, tuigim mo mhianta féin agus bíonn bá agam leo, ach ní hionann mar a phléim le daoine eile. Sa bparabal seo tugann tú le fios dom gur cheart dom mé féin a scrúdú go dian.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ós rud é go leagann Íosa béim leanúnach ar an mhaithiúnas, tagaim go humhal i láthair Dé, a mhaitheann chuile rud dom, a thugann grá dom d'ainneoin gach peaca. Minic go leor, bíonn sé deacair dom glacadh leis an mhaithúnas a thugann Dia dom. Smaoiním ar cé chomh fial is a thugann sé dom é, ionas go mbeidh ar mo chumas é a chur ar aghaidh níos fusa chuig daoine eile.
- Guím orthu sin atá tar éis dochar a dhéanamh dom. Más amhlaidh nach féidir liom mo dhea-thoil a roinnt leo anois, guím go mbeidh ar mo chumas é a dhéanamh lá éigin níos faide anonn.