User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Eoin 5:1-3, 5-16

Briathar Dé

Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim. Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid. Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne, daill agus bacaigh agus pairilísigh, ina luí ag feitheamh le corraí an uisce. Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid. Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: "Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?" "A dhuine uasail," arsa an t- easlán leis á fhreagairt, "níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t- uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham." Dúirt Íosa leis: "Éirigh, tóg do shráideog agus siúil." Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis. Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: "Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar." D'fhreagair sé iad: "An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: 'Tóg do shráideog agus siúil.'" D'fhiafraigh siad de ansin: "Cé hé an duine a dúirt leat: 'Tóg do shráideog agus siúil'?" Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit. Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: "Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit." D'imigh an duine agus d'inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.

Eoin 5:1-3, 5-16
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • An fear gan ainm a bhí sínte le hais an linn ar a dtugtaí Béatzata, bhí ocht mbliana déag ar fhichid caite aige ag fanacht le leigheas. Is dócha go bhféadfaí a rá go raibh sé “beo ar an tnúthán” i gcaitheamh an ama sin. Ní fhaigheann muide freagra láithreach ar ár bpaidreacha ach oiread. Bíonn orainne freisin a bheith “beo ar an tnúthán.” Meabhraigh an líne as dán de chuid T.S. Eliot: “Ach is sa bhfuireach atá an creideamh agus an grá agus an dóchas go huile.”
    • Ina dhiaidh sin, lochtaigh an dream a bhí i bhfreasúra le hÍosa an fear a leigheasadh faoi gur iompar sé a shráideog ar an tSabóid. Tapaíonn siad a ndeis chun tabhairt faoi Íosa ar thosaigh siad, de réir mar a insíonn Eoin, ag géarleanúint air anois. Tá sé de chlaonadh ionainn smaoineamh ar an mhaitheas agus an cineáltas mar thréithe mealltach; ach sa chás seo, is amhlaidh a dhúisíonn an gníomh truachroíoch a rinne Íosa náimhdeas. Cad chuige? Ar tharla sé ariamh i do thaithíse gur olc a rinneadh a spreagadh mar thoradh ar dhea-ghníomh duine?
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Is féidir liom fanacht ar feadh mo shaoil le corraí an uisce. Nach bhfuil sé slán sábháilte agam gan an corraí a fheiceáil in am, ionas gá dom bogadh! Ní féidir le héinne an milleán a chur orm as an gníomh a ligean tharam, ar an ábhar nach bhfuil éinne ann chun mé a iompar. Nuair a fhiafraíonn Íosa, ‘Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?’, ní thugaim freagra cinnte dearfa. Níl mé ró-shiúráilte. Dá leigheasfaí mé, bheadh orm bogadh as an ionad compordach mar a bhfuilim i mo luí leis na cianta.. A Dhia, corraigh mo chroí!
    • Tá an fear le hais na linne ag fanacht ar leigheas a fháil de bharr chorraí an uisce. Ní a fhios aige go bhfuil Íosa, foinse an uile leighis, ina sheasamh ina aice. An mbím ag lorg leighis ó fhoinsí míchearta?
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Glacaim mo ionad cois na linne leis na hothair eile. Lá aon, siúlann Íosa thar bráid, agus labhraíonn sé liom, amhail is nach raibh rud ar bith eile le déanamh aige ach dreas comhrá liom. Céard a mhothaím im chroí nuair a fhiafraíonn sé díom ar mhaith liom go ndéanfaí slán mé? Ansin, cad a tharlaíonn?
    • Diúltaíonn mórán daoine do Dhia ar an ábhar nach bhfuil foghlamtha acu faoi ach gur tíoránach é ar mian leis cur isteach ar an tsaoirse atá acu. Ach baineann an Soi-Scéal uile lenár bhfuascailt, lenár saoradh. Léirítear é seo go glé ins an eachtra seo. Nuair a bhogann Dia ár gcroí, déantar sinn a shaoradh gan aon agó. Is ansin is féidir linn maireachtáil de réir an ghrá agus taitneamh a bhaint as an saol go hiomlán.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Is féidir liom fanacht ar feadh mo shaoil le corraí an uisce. Nach bhfuil sé slán sábháilte agam gan an corraí a fheiceáil in am, ionas gá dom bogadh! Ní féidir le héinne an milleán a chur orm as an gníomh a ligean tharam, ar an ábhar nach bhfuil éinne ann chun mé a iompar. Nuair a fhiafraíonn Íosa, ‘Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?’, ní thugaim freagra cinnte dearfa. Níl mé ró-shiúráilte. Dá leigheasfaí mé, bheadh orm bogadh as an ionad compordach mar a bhfuilim i mo luí leis na cianta.. A Dhia, corraigh mo chroí!
    • Tá an fear le hais na linne ag fanacht ar leigheas a fháil de bharr chorraí an uisce. Ní a fhios aige go bhfuil Íosa, foinse an uile leighis, ina sheasamh ina aice. An mbím ag lorg leighis ó fhoinsí míchearta?

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha