Briathar Dé
Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d’airgead geal. Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh.
Ar an gcéad lá d’fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?” “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m’uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’”Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d’ullmhaigh siad an Cháisc.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.” Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?” D’fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath. Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B’fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.” D’fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Toisc go raibh sé santach go pointe áirithe (ach is dócha go raibh cúiseanna eile aige fosta), d’fhiafraigh Iúdás d’uachtaráin na sagart cé mhéad a thabharfaidís dó dá dtabharfadh sé Íosa ar láimh dóibh. Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d’airgead geal – suim shuntasach. De réir dealraimh ba é an méid iomla raibh sé in ann a dhéanamh ná am agus áit oiriúnach a chur in iúl le go ngabhfaí é.
- I rith bhéile na Cásca, d'fhógair Íosa cé a bhraithfeadh é. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí ciall cheannaithe nó leideanna dúinne fosta maidir leis an staid ina bhfuilimid i rith cheiliúradh na hEocairiste.
- Ní bheadh sé ceart dúinn breithiúnas a dhéanamh ar Iúdás ná é a cháineadh. Síneann trócaire Dé chuigesan fosta. Tar éis an tsaoil, rinne sé aithrí inad dhiaidh sin agus thug sé na tríocha píosa d’airgead ar ais d’uachtaráin na sagart ag rá, “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath” (Matha 27:3-4). D'fhéadfadh go raibh aiféala amach is amach air mar gheall ar a ndearna sé agus gurbh é sin ba chúis lena bhás. Mar sin féin, bhí an phaidir ann: “ Ba chóir dom rud níos fearr a dhéanamh”.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tugann an tSeachtain Mhór cuireadh dúinn siúl go dlúth le hÍosa: dírímid ár súil air agus bímid in éineacht leis agus é ag fulaingt; ligimid dó féachaint orainn go géar agus muid a fheiceáil mar atáimid dáiríre. Ní chaithfimid cuma an mhisnigh a thaispeáint dó, ach is féidir linn a insint dó cá raibh díomá orainn, cár ligeadh síos sinn – go fiú cá ndearnadh feall orainn. Fanaimid glan ar bheith sáinnithe sa mhí-ádh againn trí rudaí a fheiceáil mar a fheiceann seisean, trí fhoghlaim óna chroí.
- A Íosa, cabhraigh liom a fheiceáil conas nach gcáineann tú. Tugann tú cuireadh do gach duine againn fírinne ár ndeisceablacta féin a aithint. Tugann tú cuireadh dúinn tú a leanúint go toilteanach, dár ndeoin féin, ár bpeacaí maite dúinn.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tagraítear don lá seo i nGaeilge agus i roinnt teangacha eile mar Céadaoin an Bhraith. Is é Iúdás an “brathadóir” agus téann sé faoi rún go slim sleamhain faoi dhéin na n-ardsagart agus é ar intinn aige Íosa a bhrath. Faoi mar is dual do spiairí, tá éiric á lorg aige agus socraíonn sé glacadh le tríocha píosa airgid. Luaitear an tsuim airgid ar mhaithe le preab a bhaint asainn: Arb é seo an méidín is fiú beatha Mhac an Duine?
- Is as focail amháin a bhaineann Íosa leas chun a chur ina luí ar Iúdás gan cloí lena shocrú leis na hardsagairt. Ní dhéanann sé beart ar bith eile chun teacht roimh a ghabháil. An bhfuil iontas ort faoi sin? An bhfuil tú ábalta é a thuiscint?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Gabhann sé leis an tSeachtain Mhór go bhfuil cuireadh againn siúl i ndlúthghar d'Íosa: coinnímid ár súile air agus déanaimid é a thionlacan ina fhulaingt; ligimid dó amharc go géar orainn agus sinn a aithint de réir ár bhfíorcháilíochtaí. Ní gá dúinn a bheith ag ligean gothaí na crógachta orainn féin ach ina ionad sin a chur in iúl dó na hócáidí ar a raibh díomá orainn, ar ligeadh síos sinn, nó go fiú ar fealladh orainn. Seachnaímid muid na cuibhreacha a choinneodh in umar an mhí-áidh sinn trí feiceáil a bheith againn ar an dul céanna is atá aigesean, trí fhoghlaim óna chroísean.
- Cabhraigh liom, a Íosa, d'fhonn go bhfeicfidh mé an dóigh ina seachnaíonn tusa daoine a dhaoradh. Tugann tú cuireadh do gach aon duine againn fírinne ár ndeisceabalacht féin a aithint. Tugann tú cuireadh dúinn thú a leanacht le lántoil, go deonach, agus gach ní maite dúinn.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Féach ar Iúdás, fair air, agus é i mbun feall a imirt go meata ar Íosa. Breathnaigh Íosa agus a chroí ag gealadh do laige an aspail. D’ainneoin na laigí éagsúla den uile shórt inár saol, bíonn grá Dé go buach buan. Lig do Dhia bheith ina chrann taca duit in uair do laige agus do pheacúlachta.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Cén spreagadh atá laistiar de mheon Iúdáis – an fearg é, de bharr míshástachta agus diomá? An raibh sé ag súil lena mhalairt de ríocht mheisiasach seachas an ríocht a bhí á léiriú anois ag Íosa? Ar tháinig cuthach feirge air nuair a d’airigh sé go raibh Íosa tar éis é a mheas i gceart de bharr an chasaoid a dhein sé ag an bhéile gur airgead amú é an méid a chaith Máire ar an ungadh luachmhar le haghaidh Íosa? Rud amháin is léir: nach raibh sé sásta glacadh le hÍosa ar théarmaí Íosa. Ní fhacthas dó, ár ndála féin, go gcaithfimid féin athrú, seachas bheith ag súil go n-athróidh Dia.
- Níorbh é an feall, nó an bhrathadóireacht a dhein sé ar Íosa, ba bhunpheaca ag Iúdás, ach an solas a dhiúltú aige. Dhiúltaigh sé a chreidiúint go bhféadfaí a pheaca a mhaitheamh. Ná déanaimis aithris air. Is cuma cé chomh mór an dochar agus an díobháil atá déanta againn, tig linn i gcónaí tiontú ar Íosa le haghaidh maithiúnais agus leighis.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Deirtear go mbíonn ‘praghas’ ar gach éinne dínn, praghas ar dheacair dúinn a dhiúltú. Bhí Iúdás sásta Íosa a bhrath ar phraghas sclábhaí. Ach ní gá go mbeadh ár ‘bpraghas’ in airgead tirim. D’fhéadfaí go mbeadh sé i dtéarmaí dul ar aghaidh san saol, rath inár ngairm, gnaoi daoine i gcoitinne a ghnóthú, clú, sócúlacht, ainm an léinn, agus go leor rudaí eile. Céard é ar a bhféadfainn brath ar mo Thiarna?
- Bíonn an claonadh inár n-intinn a shamhlú nach raibh aon chairde ag Íosa ach na cinn a luaitear ins na Soiscéil, nó an ddream a ghluais thart timpeall leis. Ach bhí mórán cairde eile aige, amhail an fear gan ainm a thug cuireadh dó Féile na Cásca Giúdaí a chaitheamh ins an seomra a chuir sé ar fáil dó. Is mar an gcéanna inniu. Bíonn neart cairde, nach mbeifeá ag súil leo, ag Íosa ins an iomad ionad éadóigh. Ar na cairde sin is féidir muide, lucht Thearmann Naofa, a áireamh chomh maith!
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tá an abairt ‘Tríocha píosa airgid' ina nath diúltach ó shin i leith. Is bealach é lena rá gur fealladh ar dhuine, gur imríodh calaois uirthi, nó air. Is mar sin a d'fhulaing Íosa le linn a pháise. Is féidir linn guí ar an dul simplí seo: bheith ina chuideachta, ag iarraidh mothú mar a mhothaigh seisean, smaoineamh mar a smaoin seisean. Tugtar cuireadh dúinn inár nguí don Pháis féachaint ar an chaoi a bhfolaíonn an diagacht í féin. Is é fear na bhfulaingtí an Dia céanna a fhulaingíonn go fóill na pianta, na héagóracha, an tsaint agus an fealladh a roinntear ar a mhuintir innis féin. Ní bhíonn Dia beag beann ar a bhfuil á fhulaingt againn.
- Iarraim trua do chách a tharraingítear i mbaol séanadh a dhéanamh, faoi mar a dhein Iúdás. Caithim tamall fada ag machnamh ar fhreagairt Íosa, le linn na laetha seo na trialach cúirte a cuireadh air.
- Is eol dom mo laige féin. Iarraim ar Íosa an neart agus an tseasmhacht a thabhairt dom ionas go mbeidh mé in ann fianaise a thabhairt air in am an chruatain.
- Bhí na deisceabail tar éis aistear fada a chur díobh chun an sprioc seo a shroicheadh. Anois, agus iad i lár a n-oiliúna mar dheisceabail, chuirfí dúshlán orthu. Smaoiním ar an aistear atá curtha díom féin, agus Íosa le mo thaobh, chun an Domhnach seo a shroicheadh roimh an tSeachtain Mhór. Faighim cothú nuair a roinneann Íosa é féin orm, agus guím go bhfaighidh mé an neart chun seasamh gualainn ar ghualainn leis in am na oduainéise.
- Meabhraím ar na pearsana san eachtra seo san tsoiscéal, féachaint cá bhfuil mé féin ina measc: dearbhaíonn cuid acu a gcreideamh; déanann cuid de réir mar a iarrtar orthu; cuid eile fós, déanann siad díreach mar a dhéanann daoine eile; agus bailíonn cuid eile acu leo in am na hanachana.
- Spreagtar fuinneamh agus beocht le léirsithe, ogramaiscí, gluaiseacht daoine agus sluaite anonn agus anall, ach ní mhúineann a leithéidí tada dom faoi conas bheith im dheisceabal. Ní fada a mhair na gártha agus an fháilte a fearadh roimh Íosa nuair a ghabh sé ar an bhealach ionsar Iarúsailéim. Ba thearc duine a sheasfadh lena thaobh. Smaoiním ar a éasca is atá sé mé a chorraí ag meon an phobail, agus dearmad a dhéanamh de fhoinse mo luachanna agus mo fhiúntais féin.
- Tríocha píosa de airgead geal: praghas a bhí ard go leor; is minic a dhíoltar Íosa ar mhéid níos lú. Ní bhíonn airgead i gceist i gcónaí nuair a bhraitear air. Is minic a dhíoltar é ar mhaithe le compord, nó chun bheith san fhaisean, nó d'fhonn tionchar agus cumhacht a fháil. Is féidr é a dhíol in airgeadra de chineál ar bith.
- Cé go bhfacthas do Íosa go bhféadfaí fealladh air, níor iompaigh sé ó na deisceabail, nó níor staon óna dhúthracht a chaitheamh ar a son. Níor lig sé dá mbuairtsin é a chur ina thost, ach labhair sé an fhírinne leo, go lom, d’ainneoin gur thuig sé nach bhfáilteoidís roimh an eolas.