User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Eoin 20:19-23

Briathar Dé

Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: "Síocháin daoibh!" Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís: "Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin." Arna rá sin dó, d'análaigh sé orthu agus dúirt leo: "Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe."

Eoin 20:19-23
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Léirítear sa sliocht seo na deisceabail á mbaisteadh sa Spiorad Naomh. Breith nua agus baisteadh nua é seo. Cuireann cumhacht athghiniúna an Spioraid ar ár gcumas go ndéanfaí clann Dé dinn. Mar thoradh ar an mbreith nua seo, cruthaítear as an nua sinn, ár múnlú ag Spiorad Dé a leath ar fud an domhain mar insítear sna línte tosaigh de Gheineasas, nuair ba “fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin.”
    • Céard a fhágann dalladh púicín orm maidir lena bhfuil le léamh agam faoi fhírinne na Cincíse? Céard a chuireann orm a shéanadh go bhféadfadh an rud céanna tarlú i mo chás-sa a tharla do na hAspail? Go bhfuil ionamsa, gí nach fiú, mé teampall ina bhfuil an Spiorad de shíor ag adhradh? An amhlaidh, a Thiarna, gur eagal liom má admhaím go bhfuil do ollacht agus do mhóireacht i mo cheartlár-sa, go mbeifear ag súil le héachtaí móra uaim? An bhféadfadh sé mar gheall ar an bhfonn atá orm pian a sheachaint, go bhfuilim san am céanna do mo dhealú féin amach ó lúcháir a bhrath.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Treánn Íosa aiséirithe trí sheasamh cosantach na ndeisceabal, sáraíonn sé a n-eagla agus beireann lúcháir chucu. Iarraim air a bhealach a dhéanamh trí mo chórais slándála uile agus mé a shaoradh ó pé ní a choscann orm, 'go mbeadh an bheatha agam agus go mbeadh sí agam go fial.'
    • Beireann Íosa síocháin agus athmhuintearas leis i gcónaí. Is éard a thug Agaistín ar an tsíocháin, 'sáimhríocht an oird,' arb éard is ciall leis ord i mo chaidreamh le Dia, le daoine eile agus laistigh díom féin. Cá háit a bhfuil easpa síochána i mo shaol? Cé leis ar gá dom síocháin a cheangal? An gcruthaím spás chun maithiúnas Dé agus tíolacadh a shíochána a eispéiriú? Aiscim a shíocháin-sean d'fhonn go mbeire mé síocháin chuig daoine eile.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Glacaim an seal ama seo chun bheith ciúin, chun fanacht leis an Tiarna, go dtuige mé go bhfuil Íosa ag teacht i mo threo, faoi mar a chuaigh sé i measc na ndeisceabal, lena shíocháin a thabhairt dom. Cluinim é ag rá liom, ‘Síocháin duit.’ Airím mar a théann a bhriathra i bhfeidhm orm; tugaim faoi deara aon chuntar de mo chuid; ach feicim freisin deiseanna chun bronntanas seo Spiorad Dé a ghlacadh, agus guím go mbeidh mé in ann na tíolacthaí seo uaidh a athbhronnadh go fial ar dhaoine eile.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Nuair nach mbíonn cúrsaí ag dul ar aghaidh chomh sásúil dúinn agus ba mhaith linn, téimid féin faoi scáth cosanta, laistiar de dhoirse glasáilte. Tuigeann Íosa go maith conas mar atá againn, agus is cuma cé mhéad glasanna a chuirimid ar ár ndoirse, ní choinneoidh siad bac air teacht isteach inár láthair.
    • Glaonn Íosa ar a chuid deisceabal chun misean a chur i gcrích. Sinne mar an gcéanna, tá de mhisean againn bheith inár dteachtairí ar son an Dea-Scéil san am agus san áit lena mbainimid féin.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • I Leabhar Gheineasas, d’anáil Dia ar dhaoine chun iad a bheoú, Anois, análann Íosa a Spiorad isteach ins na deisceabail chun beo úr a chur iontu. Beidh cumhacht acu ar an pheaca, an aicíd a mhilleann croí an duine.
    • A Spioraid Naoimh, fearaim fáilte romhat isteach i mo chroí beag, mo chró beag. Bíodh an lá inniu ina ‘chead lá den tseachtain domsa’, is é sin, an chéad lá de mo chruthaithe as an nua. Ceiliúraimis é sin le chéile.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha