User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Matha 10, 37-42

Briathar Dé

"An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. "An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh. "Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag.

Matha 10, 37-42

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Is annamh a iarrtar cupán uisce orainn. Ach téann an luach saothair a ghealann Íosa thar an almsóireacht aonair chucu siúd a bhíonn ag saothrú ar mhaithe le daoine eile faoi rún ar iliomad bealaigh, mar shampla, córas uisce cathrach a choinneáil ar siúl, nó cúram a thabhart don sláinteachas poiblí, mar státsheirbhísigh, pluiméirí, innealtóirí, eolaithe, glantóirí sráide nó tuismitheoirí clainne. Tá cónaí orainn i sochaí atá éirithe níos casta, ach fáitear an cúram agus an fhéile chéanna i ngach uile ghairm bheatha, áit ar bith a gcaitheann daoine iad féin ar mhaithe le daoine eile.
  • Táim buíoch dhíot, a Thiarna, as an deis a thugann tú dom freastal ar dhaoine eile.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha