User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Lúcás 7:11-17

Briathar Dé

Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan. Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: "Ná bí ag gol." Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: "A fhir óig, deirim leat, éirigh!" Agus d'éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é. Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: "Tá fáidh mór éirithe inar measc"; agus: "Rinne Dia a phobal a fhiosrú." Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.

Lúcás 7:11-17
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Nuair a bhíonn tú i láthair an radhairc seo le linn duit bheith ag guí, bíonn mothúcháin as cuimse ann. Mothaíonn tú brón ó chroí faoin mbaintreach a chaill a haonmhac. Ansin bíonn áthas iontach ann, is dócha, nuair a tháinig sé ar ais ó na mairbh. Is ait nach gcuirtear é sin in iúl dúinn ach tugann an scéal tagairt do thionchar na míorúilte ar na daoine timpeall. Ghlac eagla ar dtús iad. Ansin thug siad glóir do Dhia as Íosa a chur chucu, Íosa bhí ag déanamh na n-iontas sin i measc na ndaoine.
    • An bhfuil aon amanna nó imeachtaí i do shaol, cinn nach bhfuil chomh suntasach leis an scéal seo, nuair a ghabh tú buíochas le Dia as beannacht éigin?
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Rinne Íosa an mhíorúilt mar bhí trua aige don bhaintreach seo. Machnaím ar an imeacht. Iarraim go mbeadh aithne níos fearr agama ar Íosa ionas go mbeadh níos mó grá agam dó. Iarraim go n-iompróinn mé féin mar a d’iompair seisean roimh dhaoine a bhí ag fulaingt, go fiú más daoine iad nach bhfuil aithne agam orthu.
    • Tugaim chun cuimhne daoine trócaireacha a bhfuil aithne agam orthu. Chuaigh a gcuid trócaire agus a gcuid imní i leith daoine eile i gcion orm. Tugaimse fosta glóir do Dhia mar go bhfuil siad inár measc. Is comharthaí follasacha iad go bhféachann sé go fabhrach orainn. Spreagann siad dóchas agu muinín sa saol a mbíonn cuma fhuarchroíoch air go minic.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Inactive
    Default
    • Ceiliúrann an sliocht inniu an chumhacht agus an trua iontach sin a bhí ag Íosa a bheatha a thabhairt ar ais don ógfhear agus croí a mháthar a ardú.
    • Inniu ceiliúraimid agus tugaimid chun chuimhne na fíréin uile a d’imigh as an saol seo. Agus sin á dhéanamh againn, táimid ag teacht leis an trua sin a bhí ag Íosa, trí bhronntanas na cuimhne agus trí chumhacht ár bpaidreacha.
    • Nuair a thugaimid na mairbh chun cuimhne, meabhraítear dúinn fosta go bhfuil uair ár mbáis féin ag teacht.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • A Thiarna, chonaic tú go mba mhó ná gnáthshocraid í seo. Ar an gcróchar bhí aonmhac baintrí. I saol sin na bhfear bhí sí fágtha gan chosaint. Ba í an mháthair a fágadh ina baintreach a raibh trua agat di. Agus tú ag tabhairt dúshláin dlithe na híonachta deasgnáthaí, leag tú do lámh ar an gcróchar, agus thug tú an mac ar ais dá mháthair. Ag an am sin, mar a tharlaíonn fós, bogadh do chroí le hainnise dhaonna.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Ba iad an urnaí, an almsóireacht agus an troscadh an trí ghníomhaíocht a mbíodh súil leo ón nGiúdach cráifeach in aimsir Íosa. Faoi mar a bhí curtha in iúl aige roimhe seo, níor tháinig Íosa ar mhaithe leis an dlí a scrios ach chun é a thabhairt chun foirfeachta, é a ardú chuig plána níos airde. Dá bhrí sin áitíonn sé orainn gur chóir na dea-oibreacha seo a chur i gcríoch ní ar son go bhfeicfí muid agus go mbeadh daoine ár moladh, ach ‘faoi rún’, mar tá feiceáil ag ár nAthair ar an gcroí agus tabharfaidh sé luach saothair dúinn.
    • Bronnann cultúr an tomhaltais an-fhiúntas go deo ar an ní feiceálach seachtrach agus is minic a bheireann muid maol orainn féin agus tionchar á imirt orainn ag mórbholscaireacht a dhéantar ar iompar na ndaoine mór le rá, cé gur maith is eol dúinn nach bhfuil sa chuid is mó de ach cur i gcéill agus fuilibiliú saorga. Mar sin, is fíordhúshlán iad briathra Íosa i gcónaí dom, agus ligim dóibh solas a chaitheamh ar mo ghníomhartha agus mo chuid roghanna. Iarraim go mbeadh glaine croí na mbiáide agam, agus iarraim pardún ar son aon rogha saoil baoth nó fánach a dhéanaim.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Féachaim ar an radharc agus samhlaím go bhfuil mé i láthair i gcathair Náín, agus mé i mo fhinné ar an miorúilt seo. Feicim Íosa agus an chomhbhá atá aige don bhaintreach, agus an mhiorúilt a dhéanamh aige cé nach n-iarrtar air é. An bhfuil duine ar bith ann ar mhaith liom guí ar a son inniu, duine éigin atá i ndiaidh dul trí chaill thromchúiseach, atá dobrónach, nó a airíonn caillte? Múin dom, a Thiarna, an atrua faoi mar atá agatsa.
    • B’fhéidir gur mar a chéile mise agus an fear óg, gan mothú ionam d’aon rud, agus mé ar muin mairc daoine eile. Nó b’fhéidir go bhfuilim mar an gcéanna leis an duine atá ag iompar mar a bheadh marbhán ann. Nó mar an gcéanna, b’fhéidir, leis an mháthair chroíbhriste. Is é mo ghuí go mbuailfidh mé le hÍosa, ar féidir leis trína atrua athrú chun feabhais a chur ar mo shaol trí bheatha agus lúcháir a bhronnadh orm.
    • “A fhir óig, deirim leat, éirigh! Guím ar son go mbeidh ar mo chumas mo mhuinín a chur i bpóitéinseal ógánaigh na linne seo, agus dearcadh dearfach a bheith agam orthu.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Bíonn mórshiúlta sochraide ag brath ar an nós agus an seanghnás ach, go fiú sa chás seo, ní miste le hÍosa béas nua a tharraingt chuige. Aithníonn sé beatha i ndóchas agus i ngrá na máthar dobrónaí agus sa slua chomhbhách. Léiríonn sé dóibh nach dóchas in aisce acu é, nach é deireadh grá é. Cabhraigh liom, a Thiarna, chun go bhfeicfidh mé conas mar atá tú i mbun oibre, ag breith beatha go fiú nuair is é a chosúlacht gur tosca dofhulaingthe atá i dtreis.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Inniu Féile na Marbh Uile. Ghabh atrua Íosa ar son na baintrí a fágadh ina haonar, nuair a bhásaigh a haonmhac, aontaca a beatha. Nuair a chailltear duine gaoil liom, tagann Íosa ionsorm sa tslí. An bhfuil ar mo chumas ligean do shúile comhbhácha Íosa féachaint isteach i mo shúile-se, le comhthuiscint, agus le cabhair a thairiscint dom?
    • Sa sliocht seo tugtar leid go bhfuil aiséirí in ann do na mairbh. I súile Dé, níl a leithéid agus ‘marbhán’ ann. Is eisean Dia na mbeo. Má mhachnaím ar na cairde atá imithe uaim mar dhaoine atá imithe romham agus iad fós lánbheo i gcomhuadar diaga, bíogann sé ionam dóchas agus tnúth.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Ag an nóiméad a chuir Íosa an ruaig ar an bhás, dhealraigh sé go raibh an lámh in uachtar ag an bhás, ach briseann Íosa air go hiomlán. Ar uair ‘ar mbáis, bíonn an saol i gcoitinne réidh chun slán go deo a chur linn, ach fearann Dia fáilte romhainn abhaile.. Cheana féin, is muintir tí muid ag an Athair, agus is tréine a ghrá siúd dúinn ná bagairt an bháis. Maireann ár mbeatha de shíor, mar níl críoch lena ghrá.
    • Bímid ag foghlaim de réir a chéile lenár linn conas scaoileadh le srianta an tsaoil seo, agus conas a rá, gan chol gan chuntar, ‘Is toil liom dul’ le hÍosa nuair a thagann sé chun ár sochraide. Is féidir linn Dia a ligean isteach inár meon, beagáinín i ndiaidh beagáinín, lá i ndiaidh lae, trí éirí níos fuascailte, níos folmhaithe. ‘Ar son gach a raibh, Mo bhuíochas. Ar son a bhfuil le teacht, Is toil liom. (Dag Hammerskjold).
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Is í an chomhbhá freagairt láithreach Íosa ar an fhulaingt. Tagann sé chun leigheas a dhéanamh, chun saoirse a thabhairt, chun beatha a athbhronnadh. Go lige mé dó ar an phointe boise a lámh leigheasta a leagan ar mo chréachtaí.
    • Cén sórt freagartha a thugaim nuair a fheicim daoine eile ag fulaingt? An ngabhaim an bealach leo, nó píosa de, ina gcuid anachana? An gceapfadh daoine go bhfuil croí comhbhách agam? A Thiarna, deonaigh go mbeidh mé i mo shoiscéalaí ar son na comhbhá le mo linn féin agus im ionad féin.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Sa chuntas seo tá cur síos ar thruamhéil an tsaoil – socraid aonmhic ar siúl, mac le baintreach. In éagmais a mic, níl aon lámh chosanta fágtha aici sa saol, agus níl seasamh dá laghad aici i sochaí fhireann phaitriarcach. Bogadh croí Íosa le trua di agus í i bpéin, agus chuaigh sé i mbaol a cháinte mar gheall ar neamh-ghlaine dhlíthiúil (trína lámh a leagan ar chróchar an fhir mhairbh), d’fhonn teacht i gcabhair uirthi.
    • A Íosa, nochtann tú Dia dúinn a thagann i ngar dúinn. Leigheasann tú ár n-anchaoi le cineáltas agus le comhbhá. Caithim mo shaol i ndomhan atá briste deorach. Nuair is mó an baol go gcloífear mé faoi thromualach na fulaingte a bhagraíonn orm, cuidigh liom tú a aithint i mo ghar, ag coinneáil súil orm, agus ag teacht chugam le comhbhá agus le cumhacht chun mé a ardú.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha