Briathar Dé
Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti - agus Ióánna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Anseo feicimid Íosa mar fhear a raibh misean aige agus a raibh sé an-díograiseach faoi. Is é an rud a bhí i gceist ná dea-scéala ríocht Dé a fhógairt agus a thabhairt do dhaoine. Is mar sin a chuirtear síos air sa sliocht seo. Guím gur mar seo a thuigfidh mise fosta mo mhisean féin. Guím go mbeidh an grásta céanna ag an Eaglais.
- Thuig Íosa i gcónaí a mhisean mar rud a bhí le déanamh aige le daoine eile agus ní mar mhisean a bhí le déanamh aige ina aonar. Ag amharc dom ar na daoine a roghnaigh sé fiafraím díom féin cad ba mhian leis a insint dúinn tríd an rogha seo.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tuairiscí fabhracha a thugann Lúcás i gcónaí ar mhná agus déanann sé cuid suntais den bhfreagairt dhearfach a bhíonn acu ar Íosa. Is eisean an t-aon duine amháin de na soiscéalaithe a thugann an mioneolas seo faoi na mná a ghluais ina chuideachta.
- Tá samhail os ár gcomhair sa radharc seo den eaglais ina haimsir óg. Tá sí sa tsiúl agus í comhdhéanta de ghnáthmhná agus gnáthfhir a bhfuil Íosa lárnach dóibh. Chiallaigh sé seo go raibh orthu cúl a thabhairt leis an gcineál saoil shocair a bhí á chaitheamh acu roimhe sin. Bhí 'dea-scéal ríocht Dé' á bhreith leo acu ní i mbriathra amháin ach trí bheith ag maireachtáil i gcomhthionóil fhuinte inar roinn siad le chéile pé acmhainní a bhí acu. Nach leochaileach mar thús ag an Eaglais é! Ar na saolta seo, d'fhéadfadh gurb í mo thaithí ar an Eaglais ná go bhfuil sí leochaileach agus mí-dheisiúil don mhór-thasc an Dea-Scéal a chraobhscaoileadh. Is é mo ghuí go gcuirfidh Dia a bheannacht ar mo chuid iarrachtaí an dea-scéal a roinnt le pé duine a chastar orm.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is beag atá ar eolas againn faoi Shúsanna agus Ióánna seachas gurbh áil leo Íosa a leanúint agus gur aithin Lúcás iad mar dheisceabail. Smaoiním ar na deisceabail chiúine úd go léir ar chuir a mbeatha agus a nguí leis an eaglais ach gur beag é a n-oidhreacht fheiceálach. Guím ar a son siúd uile a thacaíonn le daoine eile trína bheith i láthair - go háirithe an bhantracht – ar son go mbeidh sé ina údar misnigh dóibh a fhios a bheith acu conas mar a fheiceann, a aithníonn agus a ghránn Íosa a seirbhís uiríseal.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is duine í Edith Stein atá ina lóchrann dóchais dúinn i ndomhan an lae inniu mar a lorgaimid brí spioradálta leis an saol. Rugadh í ina Giúdach, caith seal ina haindiagaí, ansin thiontaigh ina fealsamh, sular dhéan Críostaí agus Caitliceach di, agus ansin bhí sí ina príomh-urlabhraí thar cheann na mban Críostaí sa Ghearmáin faoi Hitler. Ansin thiontaigh sí ina bean rialta Charmailíteach. Nuair a tháinig na Naitsithe chun í agus a dheirfiúr a ghabháil, dúirt sí, ‘Téanam ort, Rosa, rachaimid ar son ár muintire’.
- Fuair sí bás mairtírigh. Ar na briathra deiridh a dúirt sí, sular ropadh í chun seomraí gáis Auschwitz in 1942, tá: ‘Más mian leat an Slánaitheoir a leanúint le glaine croí, caithfidh do chroí bheith saor ó gach mian shaolta. Is mian le hÍosa, a céasadh, do bheatha-sa a fháil ionas gur féidir leis a bheatha-san a thabhairt duit’. Deineadh a hanam uasal a fhaghairt agus a mhúnlú i dtinte uafáis a linne. Go nglaca muid misneach óna beatha eiseamláireach.