User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Matha 9:9-13

Briathar Dé

Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: "Lean mise." D'éirigh seisean agus lean sé é. Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail. Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: "Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?" Chuala sé iad agus dúirt: "Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne. Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: Trócaire is áil liom agus ní íobairt.' Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch."

Matha 9:9-13
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Guím le buíochas as an soiscéalaí Matha a thug an méid sin eolais dúinn faoi Íosa agus a theachtaireacht: na Biáide, an tÁr nAthair, a sheanmóireacht faoi Riocht na bhFlaitheas, agus a lán eile sa soiscéal seo atá níos faide ná ná na ceithre cinn eile .
    • Thug an chuid is mó de na daoine cúl le Matha mar gur pheacach é. Fós féin bhí i bhfad níos mó ná sin ann i súile Íosa. Tá ionadh orm nuair a fhéachaim ar Íosa ag glaoch air chun bheith mar dhuine dá chompánaigh ba ghaire dó agus agus mar dhuine den ghrúpa beag a d’fhág portráid i scríbhinn dá máistir. Bhí a fhios aige gur ghrásta é a ghairm agus ba mhian leis ceiliúradh lena chairde. B’fhéidir go gceiliúraimidne ár ngairm chomh hannamh sin mar nach bhfuilimid lánchinnte de go raibh an ghairm tuillte againn nuair a fuaireamar í.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • ‘Cén fáth a mbíonn bhur máistír ag ithe leis na poibleacánaigh agus leis na peacaigh?’ Fiafraím díom féin an bhfuil fala agam le daoine atá ar imeall na sochaí, nó ar an láimh eile le aonduine a bhfuil an chuma air go bhfuil ag éirí níos fearr leis nó léi sa saol, ná mar atá liom féin? Tá mé meabhrach i dtaobh an chaoi a dtig le aon fhala atá agam le daoine an dea-spéir a bhac ar m’anam. Nuair a bhíonn mothúcháin scriosacha feirge agus dochair ag gabháil dom, ní hé amhain go ngoilleann siad ar mo shonas féin ach goilleann chomh maith ar shíocháin agus ar shonas na ndaoine atá i mo chomhluadar.
    • Glaonn Íosa orm chuig staid atá níos fearr. Iarraim sé orm a bheith trócaireach ina leith siúd atá ar an imeall, comhbhá agus grá a léiriú dóibh. Is earra róchostasach é an fearg. Lig dom, a Thiarna, mo chuid faltanais a scaoileadh tharam, agus ina ionad sin solas thrócaire agus ghrá iontach Dé a roghnú.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Bhí drochmheas amach is amach in aimsir Íosa ar na poibleacánaigh – lucht bailithe cánach – faoi mar a bheadh ar mhangairí drugaí nó ar thiarnaí talún neamhthrócaireacha ar na saolta seo. Is eol do Mhatha go maith cén ghráin atá ag na Giúdaigh air: ach ar a shon sin tá an ghráin aigesean ar na Giúdaigh. Amharc ar Íosa ag teacht faoi bhealach lena dhíorma giobach deisceabal. Stadann Íosa ag teach an chustaim agus cuireann Matha faoi réir é féin ar eagla an chlampair. Luíonn súil Íosa ar shúil Mhatha: tá meas á léiriú ina leagan súl go fiú, tharlódh go bhfuil meangadh fáilteach ar a shúil. Ansin deir sé: 'Lean mise!' D'éirigh Matha agus lean sé é.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Déanann Íosa cúram faoi leith de ina mhinistreacht, lámh chúnta a shíneadh i dtreo an chuid sin den phobal is lú meas ó thaobh na fíréantachta de, agus ó thaobh seasamh sóisialta de. Bhí Matha ina phoibliceánach (is é sin, bailitheoir cánach ar son Impireacht na Róimhe chun costais arm eachtrannach forghabhála na hImpireachta a íoc), agus ar an chúis sin, bheadh fuath ag cách dó. Ní beag an méadú a tháinig ar an mheas a bhí ag Matha air féin nuair a thug Íosa le fios go bhfaca sé go raibh maitheas ann, agus gur theastaigh ó Íosa dá bharr go mbeadh an poibliceánach seo i bpáirt leis sa ghluaiseacht chorraitheach nua a bhí á bunú aige. Is cuma cén sórt féinmheasa atáim orm féin, áiríonn Íosa mé mar chara leis, amhail mar a d’airigh sé Matha.
    • Thug Matha cuireadh chun cóisir mhór dá chairde ar dhiúltaigh an bhunaíocht reiligiúnach aon chaidreamh sóisialta a dhéanamh leo. Ar an ábhar gur aithin Íosa an mhaitheas a bhí ann, bhí cúis ag Matha chun mórcheiliúradh a dhéanamh. Agus ó thaobh Íosa de, bhaineadh sé taitneamh i gcónaí as béilí a chaitheamh i bpáirt le daoine eile. Ní chuirtí éinne ó dhoras agus ní chuirtí cosc ar dhuine ar bith bia a chaitheamh i ogcuibhreann leis. Ní deireann sé riamh, ‘Ní shuífidh mé síos lena leithéid sin de dhuine!’ San eachtra seo, tugtar samhlaoid den Eocairist dúinn – an comhluadar go léir ag teacht le chéile i gcomaoin le Críost agus i gcomaoin lena chéile, agus gan éinne fágtha ar lár toisc go bhfuil a ainm ar liosta éigin ‘de dhaoine atá le seachaint’. Níl liosta mar sin ag Íosa.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Mar bhailitheoir cánach (nó poibliceánach), bhí Matha ina bhall de chóras a chothaigh an tsaint agus an ghadaíocht ó na bochtáin. Ní raibh meas madaidh ag na Giúdaigh ar na poibliceánaigh, nach raibh iontu dar leo ach scabhaitéirí a sháraigh dlí Dé. Ach nuair a d’éirígh Matha óna dheasc chun Íosa a leanúint, gheall sé go sollúnta go mbeadh sé caoin cóir ina ghnóthaí feasta. Tá ábhar dóchais ann dúinn go léir! Is féidir linn uile grásta athiompaithe a fháil faoi mar a fuair seisean.
    • Is é an rud is tábhachtaí i gcroí Íosa ná trócaire. Léirítear a nádúr sa trócaire. Glaonn sé ar gach duine againn chun páirt a ghlacadh i mbeatha nua mar a bhfuil an trócaire, an chóir, an chineáltacht, agus glaine croí i réim. Cad é an rud is tábhachtaí domsa i mo chroí-se?
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • ‘D’éirigh seisean agus lean sé é.’ Samhlaím Íosa mar dhuine a bhí chomh tarraingteach sin i súile Mhatha. Iarraim aithne níos fearr a chur air ionas go mbeinn in ann é a ghrá níos mó agus a leanúint níos dlúithe.
    • ‘Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.’ Déanaim iarracht cumhacht an ráitis seo a thuiscint. Cuirim ceist orm féin cá gcuirfinn mé féin. B’fhéidir go mothaím an rud ceannann céanna is a mhothaígh na finnéithe úd nuair a chonaic siad Matha agus Íosa ina suí ag an mbord le peacaigh. Iarraim a bheith in ann an trócaire thar an íobairt a roghnú.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha