Briathar Dé
Nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: "A bhfuil le feiceáil ansin agaibh -- tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas." D'fhiafraigh siad de ansin: "Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?" Dúirt sé: "Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: 'Is mise é'; agus: 'Tá an t am in achmaireacht.' Ná téigí ina ndiaidh. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin." Dúirt sé leo ansin: "Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ag an am a scríobhadh Soiscéal Lúcáis, thuig roinnt Críostaithe as focail áirithe de chuid Íosa go mbeadh sé ag filleadh go luath chun an stair a thabhairt chun críche. Anseo tá Lúcás ag cur i gcuimhne dá léitheoirí gur thug Íosa rabhadh dá lucht leanúna gan bheith meallta acu siúd a deir go bhfuil a fhios acu nach fada uainn an deireadh. Lucht leanúna Íosa, ní bheidh siad saor ó ainrialachas agus foréigean a fheiceáil. Ní chiallaíonn siad seo go bhfuil an deireadh i ngar dúinn nó i bhfad uainn. Is é bealach an Chríostaí an bealach céanna a shiúil Íosa, tríd an bhforéigean agus an éagóir, ach freisin trí ghrá agus cúram fadradharcach Dé. Iarraim ar Dhia cuidiú liom maireachtáil le croí lán de shíocháin agus de mhuinín tríd an míshocracht atá ina chomhartha sóirt ag ár saol.
- Tá a fhios ag Íosa cé chomh héasca is atá sé a bheith curtha ar seachrán in amanna anacra móra. Bíonn mínithe agus freagraí soiléire uainn. Thuar sé go mbeadh go leor daoine ag maíomh, fiú ina ainm, go raibh an eochair acu chun míniú a thabhairt ar a mbíonn ag tarlú. Tugann Íosa rabhadh dúinn gan daoine den sórt sin a leanúint ach a bheith beo san am i láthair le muinín foighdeach as Dia.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Na Léachtaí as seo amach go dtí an Aidbhint, tá siad lán de rabhaidh agus de fhógraí fainice faoi chríoch dhéanach an tsaoil. Ach ní cóir go mbeadh scanradh orm, mar is é deonú Dé go dtiocfaidh mé slán as gach olc a ionsaíonn an domhan s’againn.
- Guím ‘A Íosa, is cás leat an domhan uile. Cé go mbíonn an chosúlacht air go bhfuil stair an chine dhaonna lán de thubaistí, tá tú ag saothrú sa chaoi go mbeidh an lá leis an mhaith sa deireadh. Tabhair misneach agus fuinneamh dom, ionas gur féidir mé mo ról beag féin a chomhlíonadh, agus gairdeas a dhéanmh in éineacht leat ag deireadh thiar.’
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Níorbh é amháin é an teampall croílár shibhialtacht na nGiúdach: ba é an áit mar ar chónaigh Dia ina measc. D?inis Íosa leo go raibh sé go léir chun titim as a chéile! An bhfuil caoi ar bith ina bhféadfadh mo ?lár daingean? féin ? go pearsanta no go náisiúnta ? bheith i mbaol titim? Nuair a thit na Comh-Thúir i Nua-Eabhrac, ba chomhartha chumhachtach é dá lán againn. Is iad na focail bhuntábhachtacha ó Íosa ná: ?ná glacaigí scéin?. An dtig liom ligean d?Íosa, an Sólásaí, labhairt liom cuma cá bhfuilim?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Insíonn Íosa dúinn bheith ullamh, seasamh go daingean inár gcreideamh. Tathantaíonn sé orainn ár ogcos a chur í dtaca, agus ins an am céanna bheith ullamh chun gach rud a chaitheamh uainn. Meabhraíonn sé dúinn, mura mbíonn seisean i lár ár saol againn, go gcaillfear muid.
- Nuair a chloisimid an nuacht na laetha seo, is furasta a shamhlú go bhfuil an tráth seo ina mairimid níos measa ná am ar bith eile. Trí fheidhmiú na teicneolaíochta is úire, is féidir scéala a chuireann diomá agus beaguchtach orainn a theacht chugainn ar luas lasrach. Ach gabhaim buíochas, mar is féidir leis an teicneolaíocht chéanna an bealach a léiriú dom chun fírinne Dé.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Sna laetha deiridh seo de bhlian na hEaglaise, cluinimid Íosa,nuair atá an bás ag druidim leis in Iarúsailéim, ag rá lena dheisceabail go mbeidh géarchéimeanna a gus éigeandáil roimh a lucht leanúa. Ní chuireann sé fiacail ann maidir leis na deacrachtaí. . Lean sé féin ar aghaidh chun na géarchéime ba mhó agus an tsuaite ba chorraithí a fhulaingt. Ach níorbh í an ghéarchéim sin an focal deiridh.