User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Lúcás 21:34-36

Briathar Dé

Agus labhair sé parabal leo: "Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine."

Lúcás 21:34-36
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Tá maoirseacht tábhachtach nuair atá dualgais le comhlíonadh againn. Cabhraíonn feitheoir maith linn a bheith dúthrachtach. Is é Dia an feitheoir deireanach agus tá an rud is fearr dúinn ag teastáil uaidh i gcónaí. Go bhfanaimis inár ndúiseacht chun fáilte a chur roimis nuair a thagann sé.
    • Bíonn sé deacair a bheith i mbun urnaí uaireanta. Ní mór dúinn smaoineamh go dtagann an neart atá de dhíth orainn i ngach gné dár saol ó Dhia amháin. Caithfimid a bheith foighneach agus buanseasmhach.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Inniu lá deireanach na bliana liotúirgí – ós rud é gurb é céad Domhnach na hAidbhinte é an lá amárach. Tosaíonn ré nua na bliana liotúirgí arís. Sa téacs seo cuireann Íosa i gcuimhne dúinn gné fhánach an tsaoil. Sa tslí seo gríosaíonn sé sinn gan ligean do dhaoine teacht aniar aduaidh orainn agus aird a thabhairt ar mhianta ár maitheasa a chomhlíonadh
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • An mbíonn tuairim agam riamh go mb’fhéidir go bhfuil mo bheatha á caitheamh agam ag rith ar thanaíochan? Go bhfuil mé ar uireasa teagmhála leis an mise is doimhne istigh? Go bhfuil an claonadh ionam bheith ag síobadh liom in ionad mo bheatha a chaitheamh go macnamhach? Cuidíonn an urnaí linn, dar ndóigh, méadú ar ár n-eolas ar an bhféin agus ar Dhia. Tá cuireadh san urnaí freisin dul ar thuras isteach chuig ‘pointe socrachta’ an anama. An nglacaim leis an gcuireadh seo i gcónaí nó an gcoinníonn an eagla ar gcúl mé? Nó easpa creidimh?
    • Is iontach go bhfuil a oiread sin de chomhairle Íosa maidir le hullmhú don Ateacht bainteach freisin leis an gcaoi a gcaithimid ár mbeatha ó lá go lá. Mar shampla: ‘Ach tugaigí aire dhaoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil.’ An bhfuil aon ní ag luí go trom orm anois faoi láthair? B’fhéidir gur rud éigin peacúil é nó b’fhéidir nach ea. An mian liom an t-ualach seo a chur díom? Arbh fhéidir go mbeadh Íosa in ann agus sásta cuidiú liom? ‘Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí …!’
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Is aduain an ráiteas é sin ach feileann sé: gan bhur croí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce. Támhshuanach is ea an deoch; déanta na fírinne, maolaíonn sé an croí agus an dúil. Maidir leis an drabhlás, cé go ndíoltar é mar ábhar spraoi agus gáire, an mhaidin dár gcionn bheadh furmhór na ndaoine ar aon intinn le Nietzsche nach áthas ach duairceas í mathair an drabhláis. Téann an t-áthas agus an mheasarthacht i dteannta a chéile. Nuair a bhíonn áthas ar ár gcroí, is maith an rud é bheith istigh linn féin, inár gcraiceann féin; ní bhíonn aon ghá a bheith ar mire le halcól ná le drugaí eile.
    • Loic ar an ullmhú agus ullmhóidh tú don loic.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Ins an 14ú haois, dúirt an misteach Meister Eckhart (c. 1260-1327) go labhraíonn Briathar Dé gan stad inár gcroí. Ach cá mbíonn muide? Séard a deireann se, go neamh-bhalbh, ‘Bíonn Dia linn, inár gcroí istigh, fad is a fhaigheann sé muid sa bhaile agus nach bhfuilimid imithe amach ar ghnó éigin eile. Go rómhinic, bainimid úsáid as na cúig ochéadfa atá againn chun ár n-anam a chur chun suain, agus chun dul i bhfolach ón saol oréalta. Ach nuair a éalaímid ónár n-anam féin agus óna bhfuil ionainn go fírinneach, bímid ag rith ón iontas atá i gceartlár ár mbeo agus ár mbeatha.
    • Bíonn imní orainn i dtaobh an oiread sin rudaí, ach mar a dúirt Íosa le Marta, ní gá ach rud amháin, an ghaolmhaireacht sin le Dia a thugann beatha dúinn.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Ba chrua a gcás do na Críostaithe tosaigh, idir an chos ar bholg, an bhochtaineas, agus an fhoréigean polaitiúil a imríodh orthu. Iarraim ar na laochra tosaigh sin cabhrú liom anois nuair a théann cúrsaí an tsaoil rite liom. Iarraim ar Íosa breis chreidimh, breis dóchais agus breis ghrá a thabhairt dom, ionas nach gcaillfear mé faoi chúraimí laethúla na linne seo.
    • Chun ‘bheith ar ár bhfaire gach uile thráth’, caithfimid ár n-aire a dhíriú ar Íosa. Féachann an pobal sa Tearmann Naofa é seo a dhéanamh gach lá, agus sa chaoi seo is beannacht iad don saol mór nach dtugann aird. Tá sé ráite ag an Phápa Beinidict gurb iad an pobal a dhéanann urnaí a choinníonn an domhan ó thitim as a chéile,

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha