User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Lúcás 2:33:35

Briathar Dé

Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: "Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar --agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin -- chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe."

Lúcás 2:33:35

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Bhí ionadh ar Mhuire agus Iósaef nuair a chuala siad an méid a bhí le rá ag Simeon. Ní hamhlaidh gur aontaigh siad le claon a gcinn, ag rá Réitíonn an scéal seo lenár dtuairim. Fearacht gach máthar, bhí a fhios ag Muire gur dhuine ann féin é a pheata linbh. Ach is de réir a chéile amháin a bhí sí ag teacht ar an eolas cén bhrí a bheadh leis sin, ina shaolsan agus ina saolsa féin. Blais an ócáid.
  • Feictear Anna, iníon Fanuéil, den chéad uair, san eachtra seo, agus ansin imíonn sí as ár radharc go deo. Cuirtear síos uirthi mar dhuine a d’fhan agus a d’fhair go dílis le hoibriú Dé ina saol – agus mar dhuine nár lig a deis le sruth. Iarraim an grásta is gá dom agus mé ag fanacht le comharthaí go bhfuil lámh Dé ag saothrú im thimpeall, ionas go bhfeicfidh agus go n-aithneoidh mé cá bhfuil spiorad Dé i mbun oibre dom.
  • Nuair a thug Iósaf agus Muire an leanbh Íosa le haghaidh na beannachta, thuig siad go n-ardódh an linbhín seo ceisteanna ina saol agus go dtabharfadh sé dúshlán dá gcompord. Guím go mbeidh chuile thuismitheoir ullamh chun glacadh leis an dúshlán agus leis na ceisteanna a ardaítear le gach beatha úr.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha