Briathar Dé
Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad? Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir:
'Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’
“Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’ Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Cuireann an sliocht seo i gcuimhne dúinn go mbíonn claonadh ag leanaí a gcuid mothúchán a léiriú, díreach ag an am a mbíonn na mothúcháin acu. Is féidir le daoine fásta a gcuid mothúchán a roinnt. Is féidir leo ord a chur isteach sa saol agus tús áite a thabhairt don chiall agus don iontaoibh. Cuidíonn Dia linn an cineál seo aibíochta a fhás ionainn. Trínár gcaidreamh Leis foghlaimímid conas a bhealaí a leanúint. Tugann sé a eagna dúinn ionas gur féidir linn bheith i gceannas ar ár saol, gan bheith inár n-íospartaigh de bharr ár mothúchán. A Thiarna, go raibh mo radharc agam agus go dtuige mé.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tá sé thar a bheith éasca leithscéalta páistiúla a fháil chun bheith éiginnte, ag clamhsán faoi na slite éagsúla atá ar fáil gan páirt a ghlacadh. Iarraim an chríonnacht a mbíonn baint aici i gcónaí le gníomh praiticiúil, in ainneoin go mbíonn sé deacair réiteach a fháil nuair a bhíonn cásanna dáiríre ann.
- Ní mé cé hiad na páistí a dheimhníonn an eagna a bheith ceart. Iad siúd is dócha atá críonna go leor chun glacadh lena bhfuil i ndán dóibh; a bhíonn ag streachailt chun a dteaghlaigh a thógáil go suaimhneach ach go dílis; a chomhlíonann a ndualgas gan chamadh gan chlaonadh; a bhíonn ag streachailt chun saol macánta a bheith acu fiú nuair a mhothaíonn siad go mbíonn siad ina-n-aonar, scoite, nuair nach mbíonn daoine eile ag caitheamh an tsaoil mar a chéile acu. Iarraim a bheith i measc na bpáistí beannaithe críonna seo.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tá Íosa ag féachaint anseo le suathadh a bhaint asainn. An gá mé a shuathadh? An amhlaidh nach bhfuil mé ach leathbheo? Tig le m'anam éirí mairbhiteach, é a bheith i bpairilis, é a bheith mar a bheadh faoi thionchar an deoch suain, ina spruáin. Tig liom fanacht i mo staic cuma céard a dhéanann Dia ar mhaithe liom. Scaití, ní bhogann an phian atá ag gabháil do dhaoine eile an croí ionam. Is féidir go mbeadh sé deacair mé a shásamh: caintíonn síceolaithe ar dhaoine a chaitheann 'saol na míle samhnas beag'! Is féidir gur go lag agus go spadach a thagann buíochas agus moladh ar mhaitheas Dé asam.
- A Íosa, tarraing amach mé as an bás sa mbeo i mo thuambaí féindhéanta sa chaoi is go gcaithfidh mé mo shaol feasta in éineacht leat ina lániomláine. Is mian liom a bheith amhail leatsa, agus beatha Dé do mo dhéanamh lán den bheatha agus den bheochan.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ábhar gearáin i measc páistí is ea é nuair nach gcloítear le rialacha an chluiche. Chítear d’Íosa gur féidir le daoine fásta freisin a bheith ag feitheamh go simplíoch thar a gcuid agus gur furast leo comparáidí a dhéanamh ar bhonn tanaí. Iarrann sé orainn féachaint níos sia ná an dromchla, meabhrú níos iomláine a dhéanamh, ligean dár nguí dul níos doimhne. Má thig linn am agus aire a chaitheamh chun a thabhairt faoi deara cá bhfuil Dia ag bogadh inár measc, tharlódh go n-éireoidh linn tíolaca Dé ar eagna agus ar léargas a ghlacadh.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is mian le Dia go mbainfimis sult as maitheasaí an tsaoil. Cinnte, ba chóir dúinn cairdeas a cheiliúradh, agus pósadh, agus teaghlach, agus breitheanna, buanna, agus cluichí. I ndeireadh báire, fiosróidh Dia dínn, ‘Ar bhain sibh taitneamh as mo chruthaíocht?’ Beidh sé ag súil leis an fhreagra, ‘Bhain!’
- Ach tá taobh eile le scéal na beatha. Ní foláir dúinn Íosa a leanúint i mbriseadh an Aráin, agus in ól chupán a Pháise. Bíonn leisce orm, a Thiarna, do Chrois a ardú ar mo ghualainn gach lá. Seachnaím pian, dochar, easnamh. Múin dom conat tú a fháil i bPáis pheannaideach Chríost, agus sólásaigh mé! I dtús aimsire, séard ba chiall le ‘compord’ (cum fortilis) ná ‘misneach agus neartú’ seachas ‘easpa péine’.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Níl eagla ar Íosa an fhírinne a labhairt. Ní chuireann sé fiacail sa cháineadh a dhéanann sé ar an dúire intinne a chloíonn leis an earráid, ná ar chontrárthacht aigne agus ar cheanndánacht na bhFairisíneach agus na Scríobhaithe. Murab ionann is na poibliceánaigh (na bailitheoirí cánach) agus na peacaigh, diúltaíonn siad láithreacht Dé in Íosa a aithint. Achainí ar bith a dhéanann sé leo, ní bhogann sí a gcroí. Séanann siad an aithrí , agus mar sin, cailltear orthu ócáid na grást.
- A Thiarna, tig liomsa freisin bheith contrartha crosta, dall agus bodhar dod fhírinne. Bíonn tráthanna diúltaithe agus casaoide agam nuair nach sásaítear mé le rud ar bith. Tar chugam im bhochtaineas spioraid. Léirigh ciall an ghrá dom, agus deonaigh go n-áireofar mé i measc na clainne mac agus iníonacha ar leatsa iad.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ar uaire, chuir dúire a lucht éisteachta frustrachas ar Íosa, rud ba chúis leis an dornán seo d'abairtí. Tá a fhios aige go nglacfaidh cuid de na daoine leis ar bhonn creidimh, agus go mbainfidh a lucht dílis leanúna ciall as a mhodh beatha. Agus muid ag guí, is minic a bhíonn ceist againn cén chiall go díreach atá le baint againn as cuid dá nathanna agus dá scéalta. Le briathra Íosa treoraítear muid isteach i rúndiamhair na cumarsáide a dhéanann Dia linn.