Briathar Dé
Sa séú mí, cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: "Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná." Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo. Ach dúirt an t-aingeal léi: "Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht." Dúirt Muire leis an aingeal: "Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?" Agus dúirt an t-aingeal á freagairt: "Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia." Dúirt Muire: "Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d'fhocail." Agus d'imigh an t-aingeal uaithi.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Dúirt an t-aingeal le Muire, ‘gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac.’ Níor iarr an t-aingeal ar Mhuire ‘an bhfuil tú toilteannach mac a bhreith?’ Seo mara thiocfaidh Dia chugainn freisin. Bíonn cúinsí inár saoil nach roghnaímid féin.
- Níl ní ar bith dodhéanta ag Dia! In amanna dúshlánacha is maith an rud é a thabhairt chun cuimhne go bhfuil Dia i bhfeighil ár saol. Tarlaíonn gach rud de réir toil Dé. Tá ár ndóchas ann i gcónaí.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- “ Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat.” Muire, an cailín óg nach raibh stádas ar bith aici, ó shráidbhaile Nazarat, áit neamhthábhachtach amach is amach, dírítear aird uirth, glaoitear uirthi, roghnaítear í, agus caitheann an Spiorad Naomh scáil uirthi. Is bronntanas uathúil í, “cúis ár n-áthais”.
- “ Ná bíodh eagla ort” - focail duitse fosta. Tá a lán ann a chuireann eagla ort. Ach gheall an Tiarna bheith in éineacht leat i gcónaí go deireadh an tsaoil (Matha 20:28).
- “ Agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” Arbh fhéidir gur thug Muire na focail seo chun cuimhne agus í ina seasamh os comhair a Mhic a bhí ag fáil bháis? “ Féach, mise . . .” Cabhraigh liom, a Thiarna, do thoil a dhéanamh mar a rinne Muire, bheith géilliúil do do theagasc.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ní chuireann an scrioptúr aon amhras orainn faoi Dhia a bheith ina phleanálaí fadraoin. Is féidir leis sraith iomlán imeachtaí, atá le teacht in inmhe, a shocrú, ina am féin is ina thráth féin. De dhéanta na fírinne, tá sé seo déanta aige ar mhaithe linn uilig: é ag pleanáil, fiú roimh thús an domhain, go mbeimis inár ndeartháireacha agus inár ndeifiúracha ag Íosa.
- Leis an bplean mór a thabhairt chun críche bhí comhoibriú Mhuire ag teastáil. Agus is é sin an fáth gur chreid na fíréin le fada gur ghá do Mhuire pribhléid faoi leith a bheith aici, is é sin trí í féin a bheith saor ar fad ón bpeaca o bhroinn.
- Déanann scríbhneoir an tSoiscéil anseo ‘pictiúr gar-amhairc’ a thabahirt de noiméad cinniúnach Mhuire nuair a ghlac sí le plean Dé chun go mbeadh sí ina Máthair ag Íosa. Cuirtear ar a suaimhneas í tar éis di ceist a chur: tuirlingeoidh an Spiorad Naomh anuas uirthi agus beidh cumhacht an Té is Airde ina scáil anuas uirthi.
- Is iomaí fáidh a chreathnaigh roimh íomhá aingil a tháinig ag scairteadh air chun a róil faoi leith féin. B’fhéidir go gcabhraítear le Muire ‘cuma éigin a chur uirthi féin’ tríd an nuacht gur bronnadh leanbh ar Eiliosaibeit aosta. Is ansin atá a fhios ag Muire gur ghlac an Tiarna páirt ní hamháin ina saol féin ach i gcúrsaí an domhain uilig.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ó thaobh Mhuire dhe, beannú is ea teachtaireacht an aingil, ach is beannú faoi cheilt é. Fágtar i gcruachás ceart í ón taobh sóisialta, ón taobh pearsanta, ó thaobh a reiligiúin agus cultúr a muintire. Ní mór di a muinín a chur sa gcorraíl inmheánach ina croí agus ‘dul leis.’ Agus sin a dhéanann sí.
- Sa saol se’againne freisin bíonn ‘pointí tiontaithe’ mar a mbraithimid cuireadh ní deacair éigin a ghlacadh orainn féin seachas diúltú dó. Rud éigin go fiú a scriosann ár n-aislingí dúinn féin nó dóibh siúd is gean linn. Is gá na spioraid a aithint le héargna!
- An bhfuil saoirse á fháil ó ní éigin agus cead á fháil le bheith ann ar shlí eile: a bheith níos oscailte, níos flaithiúla, níos uirísle - seirbhís níos fódúla a thabhairt d’Íosa Críost?
- Má thiteann rud éigin amach a bhaineann as ár gcleachtadh sin, ní hionann sin is gur drochrud é. Cén freagra a thabharfadh an ‘leath is fearr’ díot?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is samhail é an radharc seo ar an rud is fíorphaidir ann. Tagann Dia ar cuairt chugam trí theachtaire – líne éigin as an scrioptúr, eachtra éigin, cuimhne cinn éigin. Déanaim friotháil ar Dhia! Gníomhaíonn Dia ar a chonlán féin, agus beannaíonn sé dom - cúis iontais – mar an té ‘atá lán de ghrásta.’ Conas a bhrathann tú mar dhuine ar ionúin le Dia thú?
- Tá rud éigin ar aigne ag Dia dom le déanamh; amhail le Muire, tá mé chun dea-scéala a bhreith chuig daoine eile, agus cuideoidh an Spiorad Naomh liom. Fanann Dia le mo fhreagra. Má abraím ‘S ea!’ tabharfar chun cinn saothar Dé ar an domhan seo againne. Amhail le Muire, deirim le díogras, ‘Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d’fhocail.’ Tá na nithe seo go léir thar a bheith simplí ach san am céanna tá sé iontach!
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is í Muire, ógbhean atá ar uireasa céime sa saol, ó bhaile Nazarat, áit gan tábhacht agus gan iomrá dá laghad, is ise a aithnítear thar mhná, a ghlaotar, a roghnaítear agus a mbeidh spiorad Dé ina scáil anuas uirthi. Bogann a freagairt sise ó bheith buartha go dtí go gcuireann sí a muinín go huile is go hiomlán i rúin dhothuigthe Dé.
- A Thiarna, go bhfása mé gach uile lá chun muinín a chur sa sanas iontach atá agat dom: ‘Is mise an té a fuair mórghean uait.’ Is cóir dom gan a bheith buartha. Déanann tú gairdeas ionam! Ar aghaidh ghnóthacht an tsaoil, coinnigh na smaointe seo os mo chomhair. Amhail le Muire, go mbeidh mise freisin ullamh chun mo pháirt féin a chomhlíonadh le hionú do bhreith a thabhairt i gcrích.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Amhail le Muire, tá cúis freisin le mo theachtsa ar an saol. Ní léireofar an chúis sin domsa ar shlí chomh drámatúil is a rinneadh do Mhuire. B'fhéidir gur de bharr go raibh sí ar a socracht sa chiúineas a chuala sí briathar Dé chomh soiléir sin.
- Is ró-mhinic eagla orm roimh an fhoilmhe, an dorchadas, an ciúineas laistigh ionam. Ach fós, is san ionad sin a chónaíonn agus a ghníomhaíonn an Spiorad Naomh, go fiú nuair is mó an chuma air gur aimrid neamhthorthúil atá m'urnaí. A Dhia, cuidigh liom filleadh go laethúil ar shuaimhneas mo chroí féin agus bualadh leat annsin, le grá agus adhradh.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Nuair a fhéachaim ar an radharc aitheanta seo, buaileann an cheist mé: conas a fhreagraímse do ghéarchéim? Conas a fhreagraíonn Muire? Níl aon chluain uirthi ach tá sí bponc agus cuireann sí in iúl go bhfuil. Cloiseann sí teachtaire Dé ach iarrann an bhféadfadh an scéal seo a bheith amhlaidh? Conas a chomhréitíonn sé seo leis an staid ina bhfuil sí agus gan cuid aici d'fhear céile? Tá a fhios aici go bhfuil sé de cheart aici 'sea nó ní hea a rá agus is óna croí amach a fhreagraíonn sí.
- A Údar na hEagna, múin dom conas mo cheann agus mo chroí a úsáid ar uair na práinne.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Nuair a dúirt an bhean as lár an tslua go hard le hÍosa: 'Is méanar don bhroinn a rinne tú a iompar,' d'fhreagair sé: 'Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é. Orthu sin bhí tús áite ag a mháthair adúirt, '…déantar liom de réir d'fhocail.' Tugaimid chun cuimhne a cuid focal aon uair a ghuímid Fáilte an Aingil.
- A Thiarna, ní guí é seo atá éasca. Rinne tú féin mar ghuí é i ngairdín Gheitséamainí agus do chuid allais mar a bheadh braonta fola ag sileadh leat: Narab é mo thoilse a dhéantar ach do thoilse. Cuidigh liom ionnas gurb é sin pátrún mo shaoil. Cad iad mar cheisteanna maidir le géilleadh agus muinín a ardaítear dom?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Cheap na diagairí teoiric um peacadh an tsinsir, agus teoiric eile chun a mhíniú conas a spáráladh Muire ó mhallacht Ádhaimh -- an Ghiniúint gan Smál. Agus mé ag guí, b'fhearr liom tarraingt as an saibhreas a chuir ár bhfilí féin ar fáil dúinn ina leith:
- A chumainn mhuinteatha shoineanta shéanmhair,/ A bhláth na gile agus a lile scéimheach,/ A pháláis thofa na gcumhachtaí is tréine,/ A d'iompair an chruithneacht a chothaíonn Síol Éava.// A chraobh is deise de fhuil rí Dháiví,/ A chathaoir na heagna is a scátháin an chrábhaidh,/ Is tusa mo choimirce i ndeireadh mo thiomna,/ Agus éistfear leatsa mura n'éistfear liomsa.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ní raibh teachtaireacht an aingil ina ábhar iontais ar fad do Mhuire: bhí sí ullamh chun comhrá a dhéanamh le teachtaire Dé. Tiontaím chun Dé i mo urnaí, agus déanaim iarracht rian lámh Dé a fheiceáil i mo shaol. Bainim inspioráid as meon Mhuire.
- Bhí Muire réidh chun toiliú leis an treo a bhí ar intinn ag Dia di, agus dúirt sí, ‘Féach, déantar liom de réir d’fhocail.’ Conas a d’fhéadfainn bheith chomh tuisceanach agus chomh humhal léi-se, agus í ullamh chun glacadh leis an scéal a insíodh di, agus freagra a thabhairt dá réir.