Briathar Dé
Ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost. Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Bhí Muire ag súil le leanbh, nuair a bhí sí ar tí Iósaf a phósadh. Bhí iontas air, rud a léiríonn nach raibh aon chaidreamh collaí eatarthu.
- Nuair a bhí sé ar tí scaradh uaithi, dúirt aingeal an Tiarna leis i mbrionglóid gan é sin a dhéanamh. B'uathúil neamhghnách an teachtaireacht a tugadh dó: ghin an Spiorad Naomh an leanbh ina broinn. Caithfidh gur bhraith Iósaf go raibh sé féin á ghlaoch chun fiontair speisialta fosta.
- Iarradh ar Iósaf aire a thabhairt do Mhuire agus dá leanbh. Bhí misean diaga ag an duine a bhí le breith: a phobal a shábháil óna gcuid peacaí. Ní foláir gur thuig Iósaf go raibh páirt faoi leith aigesean fosta san eachtra seo uile. Ghéill sé ar an toirt agus, is cosúil, le teann gliondair. Phós sé Muire, an bhean iontach seo. A thiarcais, a leithéid de phribhléid!
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- D’iarr Dia ar Iósaf scaoileadh lena chuid pleananna féin agus é féin a chur ag freastal ar Íosa agus ar Mhuire. Ní luaitear aon fhocal dá chuid sna soiscéalta. Ní deirtear ach amháin gurbh fhear cóir fial é, gur thóg sé Muire go dtí a theach agus gur chosain sé Muire agus Íosa. Chuaigh na blianta thart i Nazarat. Léirigh sé a dhílseacht sa ghnáthobair a rinne sé arís agus arís eile gan aon aird a tharraingt air féin.
- Tugadh coimisiún tábhachtach amháin dó: “Tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”
- Caith roinnt ama ag ligean do scíthe ina chomhluadar. Tá tusicint aige ar do thascanna laethúla. Lig dó féachaint go grámhar ort agus ar a bhfuil le déanamh agat inniu. Bí ar do shuaimhneas i láthair an duine a mhair i lathair Íosa agus Mhuire.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tugann Matha deis dúinn macnamh ar bhreith Íosa trí shúile Iósaef, fear céile Mhuire. Chomh luath is a fhaigheann Iósaef amach go bhfuil Muire torrach, agus go raibh an leanbh gafa aici “sula ndearnadar aontíos,” tá cruacheist mhorálta le réiteach aige. Is fear fíréanta é Iósaef ar mian leis caitheamh mar is ceart le cách agus de réir toil Dé. Seoladh aingeal chuige chun léargas a sholáthar dó.
- Ní bhíonn gach uile cinneadh a bhíonn romhainn sa saol ina dhubh agus ina bhán ó thaobh iad a bheith ceart nó mícheart. Is minic go mbíonn orainn feidhmiú i réimsí a bhfuil éiginnteacht ag baint leo ó thaobh na moráltachta, nó i suímh - mar a thugtar orthu - “nach mbeireann bua” (cuma cén rogha a dheanann muid, ní thuigfear dúinn). Ní mór dúinn tarraingt ar thaithí daoine eile agus guí ar son eagna an Spioraid Ró-Naofa.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Céard is eol dúinn faoi Iósaef Naofa? Is eol gur ghráigh sé Muire chomh mór sin is gur mhúch sé aon aimhreas a bhí air faoina hóghacht agus gur cheadaigh sé go n-aithneofaí é mar athair a linbh, cé go raibh 'fhios aige nárbh é (nuair a thug Íosa an t-urlár ar féin sa sionagóg i Nazarat [Lúcás 4.22] ba í an chaint a chaith lucht an doichill: "Nach é seo mac Iósaef?"); gur thóg sé an leanbh sin faoi mar ba leis féin é, ainneoin deacrachtaí agus dainséir mhóra, go háirithe ag an tús; gur mhúin sé a cheird féin dó; gur ghráigh sé é; agus gur chruthúnas é sláinte mhascalach Íosa mar dhuine fásta (teacht aniar fisiciúil, misneach, a threise cuspóra agus a tharraingteacht do fhir, mhná agus pháistí) ar an dea-thógáil a thug a athair altroma dó. Is é Iósaef an t-éarlamh soiléir do aithreacha altroma.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Cáilíocht agus bua mór a bhí ag Iósaef ná a oscailte agus a fhonnmhaire a bhí sé os comhair Dé. Tharla rud i mbrionglóid dó a threoraigh é chun a mhuinín iomlán a chur sa teachtaireacht a fuair sé ó Dhia, fiú i dtoscaí fíoraisteachta na mná a bhí luaite leis mar bhean a bheith ag súil le breith cheana féin. Tráth is ea an urnaí chun ár muinín i nDia a mhéadú agus a dhaingniú. I gcás Iósaef de, mhéadaigh agus dhaingnigh ar a mhuinín ó lá go lá agus é ag saothrú mar athair altroma ar Íosa.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tháinig teachtaireacht an aingil chuig Iósaef le linn tráth mórbhuartha agus stró dó. A Thiarna, nuair a dhealraíonn sé go bhfuil mo chuid fadhbanna ina dtromchúis gan réiteach, go meabhraí mé go bhfuil tú ag faire orm chun cabhrú liom, fiú sna cúinsí is éadóigh. Ní miste dom fanacht ciúin a dhóthain chun glór an aingil a chloisteáil, agus misniúil go leor chun beart a dhéanamh dá réir.
- A Dhia, tugann tú do chabhair agus do threoir do na daoine a chuireann a muinín asat. Céard faoi a dteastaíonn do chabhair agus do threoir uaim inniu?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Foghlaimíonn muid dhá rud riachtanacha faoi Íosa ins an dornán seo véarsaí. Ar an chéad ásc, is de bhunús diaga é Íosa, ach is cuid den chine daonna é chomh maith. Ar an dara hásc, ní hé amháin is misean dó baol an pheaca a fhógairt, faoi mar a dhein fáithe Iosrael roimhe. De bhreis air sin, déanfaidh Íosa gníomh slánaithe an domhain ón pheaca. A Thiarna, cuidigh liom mo mhuinín a chur ins an ghealluint seo.
- Insíonn Naomh Lúcás an scéal dúinn ó thaobh Mhuire de. Insíonn Naomh Matha an scéal ó thaobh Iósaif de. Léirítear Iósaf mar gnáth-Ghiúdach, fear maith, a bhí umhal don Dlí. Cuireann Dia a lámh isteach san scéal, agus déanann neamhní dena raibh Iósaf ag súil leis ina shaol. Tugtar gairm dó freastal do Dhia ar leibhéal níos airde umhlaíocht. A Thiarna, an bhfuil mé toilteanach ligean duit cur isteach ar mo shaolsa? An éistim leis an fhís a shamhlaíonn tú dom, a d’fhéadfadh cabhrú leis an domhan a athrú?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Léirigh Iósaf bua na discréide, bíodh is go bhféadfadh sé a cheapadh gur deineadn éagóir air. Déanaim machnamh air, agus é ag fanacht, agus ansin ag meá an mhéid a bhí le rá ag Dia leis, sular chinn sé ar rud a dhéanamh.
- Guím go mbeidh an stuamacht chéanna agam, agus an stuaim is gá dom, sula dtéim i mbun rud a dhéanamh gan leormhachnamh.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is beag atá ar eolas againn i dtaobh Iósaef, ach gur thug sé cúram dílis do Mhuire agus d'Íosa. Tá sé ina éarlamh ag cúramóirí, agus sé aire go tairiseach dá theaghlach beag. Fear le creideamh daingean ba ea é, a d'éist le leis na haingil a d'inis dó cad ba mhian le dia go ndéanfadh sé. Rud a a dhein sé. Dhein Íosa mar ana gcéanna. Fuair Íosa cuid den dea-shampla ab ‘fhearr ina bheatha ó na daoine a thug aire dó ina óige - Iósaef agus Muire. Cuireann an ghuí i gcuimhen dúinn conas mar amúnlaíodh muid i gcreideamh agus i ngrá ag creideamh is grá daoine eile.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ar uaire, cumaimid coincheap idéalach den teaghlach naofa a théann thar fóir, sa mhéid go ndéanaimid dearmad de, go raibh ar Mhuire agus ar Iósaef dul i ngleic leis na fadhbanna go léir a bhuaileann le gach teaghlach, go háirithe teaghlaigh le déagóirí buachalla. Ghabh Íosa tríd na gnáthchúrsaí normálta a bhíonn roimh chuile ógánach maidir le forbairt cholainne, ghnéasach, shíceolaíoch, intleachta. Ach tar éis dhá mhíle bliain, níl eolas dá laghad againn cad a chiallaigh an t-eispéireas sin dó. Níl amhras ar bith, áfach, faoin tionchar dearfach agus an chabhair a thug Muire agus Iósaef dó ina fhorbairt mar dhuine daonna.
- Gabhaim buíochas le Dia inniu as Muire is Iósaef, agus guím ar son gach tuismitheora, go háirithe ar son na máithreacha agus na n-aithreacha go léir atá ag iarraidh déileáil le leanaí a bhfuil fadhbanna acu.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Léirigh Iósaf bua na discréide, bíodh is go bhféadfadh sé a cheapadh gur deineadn éagóir air. Déanaim machnamh air, agus é ag fanacht, agus ansin ag meá an mhéid a bhí le rá ag Dia leis, sular chinn sé ar rud a dhéanamh.
- Guím go mbeidh an stuamacht chéanna agam, agus an stuaim is gá dom, sula dtéim i mbun rud a dhéanamh gan leormhachnamh.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tugann Matha deis dúinn macnamh ar bhreith Íosa trí shúile Iósaef, fear céile Mhuire. Chomh luath is a fhaigheann Iósaef amach go bhfuil Muire torrach, agus go raibh an leanbh gafa aici “sula ndearnadar aontíos,” tá cruacheist mhorálta le réiteach aige. Is fear fíréanta é Iósaef ar mian leis caitheamh mar is ceart le cách agus de réir toil Dé. Seoladh aingeal chuige chun léargas a sholáthar dó.