User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Lúcás 7, 1-10

Briathar Dé

Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomhchlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáum. Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b’ionúin leis é. Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlanú. Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, á rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó; óir tá grá aige dár náisiún agus is é a thóg an tsionagóg dúinn.” Agus d’imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.” Agus ar dhul ar ais chun an tí dóibh, fuair na teachtairí an seirbhíseach slán.

Lúcás 7, 1-10

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Baineann rian éigin den naofacht leis an taoiseach céad seo. Is eiseamláir é den chomhbhá, ag déanamh a dhíchill ar son a sheirbhísigh (sclábhaí, dáiríre). Bá é dearcadh coitianta na linne fáil réidh le sclábhaí nach raibh in ann obair a thuilleadh. Is eiseamláir den umhlaíocht é chomh maith. Cé gur oifigeach é i Arm an Impire, achainíonn sé fabhar ar an raibí fánach seo. Agus is eiseamláir den chreideamh é fosta, ag aithint údarás Íosa. Is ábhar iontais é d’Íosa.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha