User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Lúcás 11:14-23

Briathar Dé

Bhí deamhan á chaitheamh amach ag Íosa - deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de. Ach dúirt cuid acu: "Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach." Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh. Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: "Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile. Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh. Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta. Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt.

Lúcás 11:14-23
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Nuair a bhíonn ort labhairt go poiblí, cabhraíonn sé má bhíonn an lucht éisteachta ar do thaobhsa nó ar a laghad má thugann siad éisteacht chothrom duit. I gcás Íosa de, is é a mhalairt a tharlaíonn go minic – fir ag argóint ina choinne, ag iarraidh teacht aniar aduaidh air. I sliocht an scrioptúir inniu tá sé níos measa fiú. Cuirtear ina leith go raibh sé i mbun comhcheilge le Sátan.
    • Conas a bhraith sé? Íosa, Mac Dé, a fuair bás go toilteanach ionas go mbeadh beatha againne. “Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial” (Eoin 10:10).
    • Tá a fhios agat cé chomh pianmhar is bhíonn sé nuair a bhaintear an mhíbhrí as na cúiseanna a bhíonn agat, má bhíonn léamh ait ar do dhea-rúin. Cabhraíonn a leithéid de thaithí leat tú féin a chur in áit Íosa agus trua a bheith agat dó. Bí ansin leis; roinn do thaithí leis.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Is minic gur údar mearbhaill dúinne an modh ina dtugadh Íosa agus iad siúd a bhíodh ag aighneas leis faoina gcuid argóintí. Is í an bhuncheist atá os ár gcomhair anseo ná foinse na cumhachta atá ag Íosa chun deamhain a dhíbirt as daoine. An bhfuil sé ag tarraingt ar chumhacht Bhéalzabúl, rialtóir na ndeamhan, nó an bhfuil sé ag tarraingt ar chumhacht Dé (méar Dé)? Dá mbeifeá i láthair le linn na n-eachtraí sin, cén tuairim a bheadh agatsa?
    • Tabhair faoi deara nuair a bhíonn Íosa i mbun deamhain a dhíbirt (á ndíbirt trí chumhacht Dé) go gcomharthaíonn Sé go bhfuil ríocht Dé tagtha inár measc. Is fíor é seo freisin faoina chuid míorúiltí uile.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Cuid acu siúd a bhí ag éisteacht le hÍosa agus a chonaic an fear balbh á leigheas aige, diúltaíonn siad aon dea-mhéin a roinnt leis agus cumann siad scéal ithiomráiteach faoi. Griogann sé seo mé: an fusa liom caitheamh anuas ar dhaoine eile ná an dea-rud a mhaíomh orthu? A Thiarna, tabhair dom an grásta leis an taobh is fearr a fheiceáil i ndaoine eile, faoi mar ab áil liom a dhéanfadh siad amhlaidh liomsa.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Tarlaíonn coimhlintí éagsúla laistigh dínn uile: is féidir ríocht an chroí a dheighilt ina dá chuid: idir an mhaith is mian linn a dhéanamh; agus an ainmhaith nó an t-olc a fhaigheann bealach isteach freisin. Ins an urnaí, cuirimid am ar fáil chun an mhaith atá ionainn a chothú, ionas go mbeidh an bua ag an mhaith ar an olc.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Cé lena gcuirfidh mé mé féin igcomparáid den lucht féachana a chonaic míorúilt seo Íosa? Leo siúd a chreideann ann, bíodh is go gcuirtear ionadh orthu? Nó leo siúd a shéanann é? Nó leis na Tadhganna a bhaineann leis an dá thaobh, ag fanacht le tuilleadh comharthaí? Cuireann Íosa iallach orainn bogadh ón ionad idir eadarthu. Ní féidir linn fanacht neodrach. Caithfimid bheith ar a shon, nó ina éadan.
    • An bhfuil mé idir dhá chomhairle, im éadan féin – ag éisteacht le hÍosa ar uaire, agus ag éisteacht le Sátan scaití eile? An bhfuil grinneas croí agam chun an difríocht a aithint?
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Is é misean Íosa an t-olc a chloí, pé áit a bhfuil sé, pé cruth a bhíonn air. Is aisteach iontach an gnó é seo: íocfaidh sé as lena bheatha, ach tá muinín againn go n-éireoidh leis. Níl an dorchadas in ann an solas a ghabháil (Eoin 1:5). Gabhaim buíochas le Dia as sin. Tugann sé uchtach dom saothrú ar son an tsaoil atá anseo ar domhan.
    • Sé is ciall le ‘Sátan’, céile comhraic, adversarius (óna dtagann áibhirseoir). Is ionann é agus gach rud atá in éadan mhaitheas Dé. Tharlódh go mairfinn faoi rialtas mímhacánta, mar a n-imrítear cos ar bolg ar na bochta, agus mar a ngnóthaíonn lucht rachmais maoin de dheasca cánacha míchothroma. Ar mo chonlán féin, ní féidir liom institiúidí lofa stáit ar bith a athrú, ach b’fhéidir go bhfuil Diar am ghairm chun seasamh in aghaidh na héagóra. Agus is féidir liom gu! Agus arís, is féidir liom pobal Thearmann Naofa a áiteamh chun guí in éineacht liom, trí Shéipéal na nIntinní. (Féach mar a thit ball Bheirlín gan fuil a dhoirteadh.)
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Na daoine a dhein beachtaíocht ar Íosa, dhírigh siad ar na deamhain, seachas ar an té a d'fhéach lena ndíbirt. Ar uaire, éirím ró-thógtha le mionrudaí diúltacha, le teip agus le díomá. Iarraim ar Íosa cuidiú liom le linn an Charghais seo ionas go dtuigfidh mé go bhfuil sé ag glaoch orm gabháil slán ina theannta ó pé olc atá ag cur bac orm.
    • De réir mar a thuigim gur gá dom feabhas a chur ar mo bheatha le linn an Charghais seo, smaoiním nach ceart dom dul i muinín mo chumais féin, ach brath ar Íosa a chnuasaíonn mé chuige ina bhaclainn.
    • Fiú na dea-ghníomha is fearr, bíonn siad i mbaol na míthuisceana. Guím go ndéana mé an míniú is fearr agus is fónta a aimsiú ar na heachtraí a tharlaíonn thart timpeall orm, agus iarraim inspioráid ó Dhia chuige sin.
    • Áit ar bith a dtugaim an mhaith faoi deara, gabhaim buíochas as le Dia, atá i mbun oibre tríd an saol. I mo chuid smaointe, bailím im intinn a bhfuil den mhaitheas ann agus atá ar son na beatha, agus ofrálaim buíochas as go léir do Dhia. Guím go mbeidh mo láithreacht ina fianaise do dhaoine eile go bhfuil Dia ag gníomhú.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha