Briathar Dé
Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine; beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean. Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.
“Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb’eol don fhear tí cén t am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh. Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Agus ár mbliain nua eaglaise san Aidbhint á tosú againn cuirtear ár bpríomhaidhm sa saol i gcuimhne dúinn – bheith ullamh agus bheith ag tnúth le bheith in aontíos leis an Tiarna i ndeireadh báire. Tig leis an nglaoch seo teacht go tobann chugainn. Ach is mian leis an Tiarna muid a bheith inár gcairde leis nuair a ghlaonn sé. Déanann sé an muintearas seo linn i rith ár saoil.
- Déan do chairdeas féin leis an Tiarna – mar atá tú ag déanamh anois agus tú ag caitheamh an ama seo ag guí
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tá roinnt samhlaoidí anseo atá dian – tuilte, gabháil, gadaíocht, bithiúntas. Ábhair scanrúla iad a thiontaíonn an saol bunoscionn, go háirithe nuair nach bhfuil ach aon saol amháin againn, saol atá luachmhar leochaileach. Caithfimid bheith i dtiúin agus i gcompás le hÍosa de shíor, agus muid ullamh faoi choinne pé rud a radann an saol mór inár dtreo, gan ár saol féin a chur amú agus muid ar suansiúl.
- A Thiarna, deonaigh go n-aireoidh mé do láithreacht laethúil i mo shaol. Mar a deireann an file,Rabindarath Tagore, ‘Seo chugainn é, tagann sé, tagann sé choíche’. A Íosa, ná himigh uaim; ná cailleadh mé thú trí dhearmad a dhéanamh ort, fiú i ngnáthchúrsaí mo shaoil.