User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Matha 3:1-12

Briathar Dé

Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.” Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh:

Glór duine ag éamh san fhásach:
Réitígí bóthar an Tiarna,
déanaigí díreach a chasáin.

Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.

Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d’Abrahám as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”

Matha 3:1-12

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Chaith an Cine Tofa a shaol le dóchas. Bhí siad ag fanacht leis an lá a thiocfadh toscaire nó gníomhaire Dé i láthair ar an talamh agus a chuirfeadh cúrsaí an tsaoil i gceart. Go mbeadh an ceart ag na ‘daoine córa’ a d’fhan dílis don Tiarna agus dá theachtaireacht a bhí curtha in iúl ag na fáithe.
  • Bheadh an Meisias deiridh seo ina ionadaí é féin don Tiarna. Teacht an Tiarna, Lá an Tiarna, Deireadh an Ama, a bheadh ann. Bheadh ar an bpobal iad féin a íonghlanadh agus a bheith faoi réir. Cineál amháin d’íonghlanadh ba eá glanadh le huisce – baisteadh.
  • Ach tugann Eoin Baist rabhadh go raibh íonghlanadh ní ba dhoimhne le teacht ó lamha ‘duine . . .ag teacht i mo dhiaidh’: íonghlanadh le tine. Tugaimid chun cuimhne a raibh ráite i bhfad roimhe roimhe sin, nach féidir le haon duine féachaint ar ghnúis Dé agus maireachtáil: ‘ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil; óir ni féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin’ (Eaxodus 33:20). D’fheadfadh gile agus naofacht Dé aon mhigheanmaíocht a raibh ann a loscadh.
  • Tá ar dhaoine a saol a chur in ord a fhad is atá am ann fós, gan bheith ag brath go díreach ar ghealltanas Abrahám, nó ar bheith dílis do dhlíthe de dhéantús an duine.
  • Inár saol féin ní féidir a fhios a bheith againn cathain – i bplean Dé – a d’fhéadfadh pleananna ollmhóra a bheith ar na bacáin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha