User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Lúcas 6:43-49

Briathar Dé

Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog. Tógann an dea dhuine an dea rud amach as dea stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal. Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?

“Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil. Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha.

“An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”

 

 

Lúcas 6:43-49
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Tá an Pápa ár spreagadh chun bheith géarchúiseach: cén toradh a bhíonn ar gach rogha? Féachaim ar mo chuid roghanna. An bhfuilim sásta lena dtoradh?
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Más mar chrann a fheicimse mo shaol, is féidir liom ceist a chur faoi conas a chothaítear é agus faoi mhachnamh a dhéanamh ar chaighdeán a bheatha. Cén t’uisce’ a shúim isteach ón talamh thart orm, cén ‘solas’ a mbainim pléisiúr as, cén ‘scáth’ nó ‘toradh’ atá agam ar mhaithe le daoine eile?
    • An bhfuil teagasc an Tiarna ann ar féidir liom mo shaol a bhunú air go cinnte? An bhfuil teagasc ann a bhfanaim amach uaidh? Iarr ar an Tiarna mo shúile a oscailt maidir leis seo.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Céard é 'dea-stór' mo chroí? An bhfuil aon stór ar chor ar bith agam ann? Ní mór dom féachaint laistigh agus cuardach: feicfidh mé ansin gurb é Dia a chónaíonn i mo chroí go buan mo stór. Cén dóigh a bhfuil 'fhios agam go bhfuil Dia annsin? Mar gheall Íosa (Eoin 14:23) go dtiocfaidh seisean agus a Athair agus go mbeidh siad in aontíos mar aon leo siúd a fhéachann lena bhriathar a choinneáil. Mar bhall de chomhluadar Tearmann, féachaim lena bhriathar a choinneáil.
    • Tá sé scríofa ag Thomas Merton: 'Ag ceartlár ár mbeithe, tá ball den neamhní nár theagmhaigh an peaca ná an seachmall leis; ball nó spréach is ea é ar le Dia é go huile is go hiomlán. Is é fíorghlóir Dé ionainn é.' Seo an dea-stór ionam. Mar adúirt an file Seán Ó Ríordáin, 'Níl faic ann ach Dia.'
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Má shamhlaím mo bheatha le crann, tig liom a fhiafraí conas a dhéantar é a chothú agus machnamh ar cháilíocht na beatha ann. Cad é an ‘t-uisce’ atá á shú agam as an ithir i mo thimpeall, cén ‘solas’ atá ag soilsiú orm, cén ‘scáth’ nó ‘toradh’ a thugaim ar mhaithe le daoine eile? Déanaim cúram de aon chonclúidí diúltacha de mo chuidse, ag tabhairt do m’aire gur ag Dia amháin atá tús na breithe. Ní iarraim ach go ndéanfaidh briathra Íosa mé a leathadh d’eagna agus d’fhírinne Dé.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Bhí ciall reatha ag an siombalachas a d’úsáid Íosa teagasc a thabhairt do na daoine a bhí ag éisteacht leis. Chiallaigh an crann fíge an torthúlacht, an tsíocháin, an rathúnas. Chiallaigh caora finiúna ábhar lúcháire; ní raibh ins na driseacha agus na deilgneacha agus na spíonta ach ábhar don tine, lena dhó. Teastaíonn tamall ón toradh maith, amhail tréithe maithe pearsanta, chun teacht chun aibíochta. Déanann Íosa an croí maith fóinteach agus torthaí maithe a chur i dteannta a chéile – mar tá baint acu le chéile.
    • A Thiarna, bíonn praghas lena íoc as an deisceabaltacht aibí a bhaint amach. Sa lá inniu, bíonn mórán deacrachtaí agus suaití le sárú ag Críostaithe. Mura mbíonn dúshraith dhaingean fúm, beidh mé i mbaol mo scriosta. Cuardaíonn tú mé, agus is maith an aithne atá agat orm: mar sin, deonaigh ciall agus neart dom chun éisteacht le do bhriathar agus mo shaol a chaitheamh de réir do fhírinne. Is tusa mo aon charraig dhaingean in am an oanfa agus na suaite.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha