Briathar Dé
Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d’fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?” Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.” Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.” Ach d’ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine, agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- An raibh iontas ort riamh faoi na rudaí a labhair Íosa nuair a bhí sé lena Athair agus é ag urnaí? Anseo, d’fhéadfaimis glacadh leis go raibh sé ag caint faoina mhisean. Mar sin, nuair a bhí sé críochnaithe d'iarr sé ar na haspail cad a cheap daoine faoi. Tugann Peadar freagra aisteach dó. Ach tá na haspail féin soiléir gur sheol Dia é mar an Messias agus tá Peadar in ann é seo a rá go fírinneach.
- Tá saol ár gcreidimh bunaithe ar an bhfíric go ndearna muidne an dearbhú creidimh seo in Íosa. Is mór leis an Tiarna go mór an gníomh creidimh atá againn ann, go háirithe nuair a ghabhaimid buíochas leis as doimhneacht an ghrá a thaispeáin sé trína Pháis, Bás agus Aiséirí. Is é seo an spás as a ndéanaimid ár n-urnaí chun Dé - ó áit bhuíochais inár gcroí.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Sa lá atá inniu ann is é Íosa a chuireann na ceisteanna móra seo, ‘Cé hé a deir na sluaite mise? Cé hé a deir sibhse mé?’ Ligim dom fein na ceisteanna seo a chloisteáil agus éistim le mo fhreagra, ag iarraidh an ghrásta aithne níos fearr a chur ar Íosa ionas go nglacfainn leis go grámhar mar an Meisiais Dé dom.
- Ar lá féile na nArd-Aingeal, gabhaim buíochas le Dia as na hidirghabhálaithe seo a thabhairt dúinn. D’imir siad rólanna chomh tábhachtach sin i stair ár slánaithe agus déanann fós. Guím ar son mo chairde agus ar son lucht m’aitheantais atá ainmnithe as na hArd-Aingil Micheál, Gaibriéil nó Raiféal.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tabhair faoi deara go nguíonn Íosa roimh mhóimintí tábhachtacha dá mhinistreacht, mar a rinne, mar shampla, nuair a thogh sé an dáréag aspal. An mba údar sóláis dó, gur aithin na deisceabail murab ionann agus Héaród gurbh é an Meisias é? B'fhéidir gur bhuail an smaoineadh é go raibh teipthe air é féin a chur in aithne mar an té ba é go fíor. Ach cén bharúil a bheidh ag a dheisceabail anois faoina Pháis?
- Ag urnaí dom, samhlaím go bhfiafraíonn Íosa díom, 'Cé adeir na sluaite mise?' Cad adeirim? An gcreidim go mbeidh an Meisias mistéireach seo ó Dhia im' fhochair go fiú má bhíonn orm fulaingt go mór amhail mar a d'fhulaing seisean, agus nuair a bheidh an uain oiriúnach ann dó go n-ardóidh sé suas mé?
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Thagair na sluaite dá stair, agus iad ag aithint conas mar a shaothraigh Dia san aimsir a bhí caite. Thuig na deisceabail conas mar a bhí Dia ag saothrú ina measc san am i láthair. Gabhaim buíochas as ucht mo stair, mo scéal. De réir mar a fheicim cár shaothraigh Dia, is é mo ghuí go bhfuil muinín agam go bhfuil Dia ag saothrú anois, go bhfuil dóchas agam as fóntacht leanúnach Dé agus go mbeidh an spreacadh is gá ionam chun briathar Dé a choimhéad.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Tá lé ag Naomh Lúcás le hurnaí. Mar sin, déanann sé na heachtraí fíorthábhachta i saol Chríost a chur i gcomhthéacs na hurnaí. Tá Lúcás ag tabhair leide dúinn an rud céanna a dhéanamh, más mian linn dul ar aghaidh ar ár slí chun Dé.
- Bíonn sé dian Dia a aimsiú san fhulaingt. Nuair a deireann Íosa ‘nach foláir’ dó mórán a fhulaingt, is é atá i gceist aige ná gur chuid de bheart mór Dé an fhulaingt sin. Sa traidisiún Críostaí, luaitear ‘fuinneamh na Croise’. Is é is ciall leis sin, an fhulaingt dhosheachanta, nuair a ghlactar léi go foighneach, go dtugann sí maitheas mhór don domhan, ar an ábhar go léiríonn si grá mór. Deonaigh dom, a Dhia, é sin a chreidiúint: sin é an fáth go dtugtar i mBéarla ‘Good Friday’ ar Aoine an Chéasta. Ar an láthair sin, sáraíonn an mórghrá mailís an duine, agus slánaítear muid dá bharr.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is ócáid barrthábhachtach í seo i saol Íosa. Cuireann sé an cheist atá ag croílár an chreidimh Chríostaí agus na diagachta Críostaí: ‘’Cé hé adeir sibhse mé?’. Is é Peadar a thagann chun tosaigh mar urlabhraí don díorma beag seo de chreidmhigh. Ach tógfaidh sé tamall eile sula bhfaigheann siad greim ar cad a chiallaíonn an focal ‘Meisias’ do Íosa. Tá fulaingt, diúltu, agus bás i gceist, agus an méid sin ag druidim leis, sula mbainfidh sé a réim ghlórmhar amach.
- A Thiarna, chun tú a leanúint, ní foláir domsa freisin tóraíocht phearsanta a dhéanamh chun a fháil amach cé tú. Tabhair dom an grásta chun bóthar an aistir chreidimh seo a shiúl. Nár choinní mé i bhfad uaim thú trí sciath chosanta a chur umam féin; ach a mhalairt, cuidigh liom barróg a thabhairt duit gach lá agus mé ag triall ar chonair na deisceabaltachta, lena cuid pianta agus sonas go léir.