Briathar Dé
Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann. Dúirt sé leo: "Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d'aon duine ar an mbóthar. Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: 'Síocháin don teach seo,' agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Ins an léacht seo, tugann Íosa cuspóir tábhachtach dúinn mar ábhar urnaí. Iarrann sé orainn Dia a ghuí d’fhonn daoine a sheoladh amach ar fud an domhain lena a bhriathar a chraobhscaoileadh. An lá atá inniu ann, is géar ár ngá áiteamh ar an Tiarna meitheala oibrithe a sholáthar chun fómhar an tSoiscéil a a bhaint agus a chur in iothlainn Dé. An maith leis mise a sheoladh amhlaidh?
- Deireann Íosa leis na deisceabail ‘gan beannú do aon duine a an mbóthar’. Sé sin le rá, tá orthu na cúrsaí a sheachaint ar an bhóthar a chuirfeadh bac nó moill orthu. Cé chomh minic a chuirimse mo chuid ama amú le dúirse-dáirse in ionad tabhairt faoi na gnóthaí atáa faoi mo láimh agus ba chóir dom a dhéanamh.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Inniu lá ceiliúrtha fhéile Naomh Lúcás, fear scríofa an tsoiscéil lena luaitear a ainm. Ins an sliocht seo, airím blas láidir chun misin. Is duine mé den seachtó a chuirtear amach chun bealach an Tiarna a réiteach. Caithfidh mé fianaise a thabhairt ar Íosa Chríost agus ar a theachtaireacht i mo shaol. An airím an ghairm seo, ní mar dhualgas amháin, ach mar phribhléid mhór?
- Sa sliocht seo freisin, tá tréith láidir eile le sonrú, is é sin, neamhspleáchas ar mhaoin an tsaoil agus muinín in ooirchill Dé. Is gá dom a mheabhrú dom féin go bhfuilim i mbun obair an Tiarna, agus go gcaithfidh mé mo mhuinín a chur go buan i gcúnamh agus in inspioráid an Spioraid Naoimh. An éirím róthógtha faoi torthaí áirithe a bhaint amach? Más ea, iarraim ar an Tiarna saoirse croí a bhronnadh orm.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Is é Lúcás an soiscéalaí leis an dearcadh ilnáisiúnta. An raibh sé ag súil le lá a mbeadh gach náisiún ar domhan tar éis teacht ar eolas an Dea-scéil a bhí fógartha ag Íosa? Nuair a chuir seisean an seachtó amach go dtí gach cathair agus gach áit, tugtar le fios dúinn nach bhfuil duine ar bith lasmuigh de obharróg scóipiúil Dé
- A Thiarna, tugann tú cuireadh dom dul leat, ar misean. Deonaigh croí saor simplí dom. Go dté mé go héasca éadrom, agus an tranglam a sheachaint a chuirfeadh bac orm an bheatha a bhaint amach. Cabhraigh liom mo intinn a dhíriú ortsa, agus do Dhea-Scéal a scaipeadh.