User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Eoin 11:45-56

Briathar Dé

Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann. Ach d’imigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus d’inis siad dóibh cad a rinne Íosa. Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: “Cad atá á dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí á ndéanamh ag an duine seo. Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n áit [naofa] agus ár gcine.” Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ardsagart na bliana sin, dúirt sé leo: “Ní fios daoibh rud ar bith, ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.” Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine, agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe. Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis. Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d’imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d’fhan sé ansiúd fara a dheisceabail. Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú. Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: “Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?”

Eoin 11:45-56
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • D'fhreagair na daoine d’Íosa agus dá theagasc ar bhealach difriúil, mar a dhéanann siad inniu. Chreid cuid acu ann tar éis dó Lazaras a thógáil ó na marbh. Ní raibh daoine eile cinnte, mar sin chuaigh siad chuig a gceannairí reiligiúnacha, chun a fháil amach cad air a raibh siad ag smaoineamh. Ba bhealach é seo chun éalú ó fhreagra dá gcuid féin a thabhairt ar cérbh é Íosa dóibhsean.
    • Bhí sé aitheanta ag gach duine gur dhuine éachtach é Críost. Tháinig eagla ar na húdaráis go gcreidfeadh gach duine ann mura gcuirfidís srian leis. Cheap duine amháin acu, Cáiafas, gurbh fhearr go bhfaigheadh fear amháin bás chun an pobal Giúdach a shábháil. Ba thuairim pholaitiúil é a thuairim agus níor thuairim reiligiúnach é. Bhí fírinne ina ndúirt sé, ach ní sa tslí a raibh sé ag smaoineamh.
    • Choinnigh Íosa é féin ó bhaol ar feadh tamaill in Eafráím. Ach cé gur shíl go leor daoine nach rachadh sé suas go hIarúsailéim chun na féile, bhí sé réidh i gcónaí an rud ceart a dhéanamh.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Ba Shadúcach é Cáiafas, duine neamhthrócaireach, polaitiúil. Bhí sé meáite ar thacaíocht a thabhairt don status quo agus do phribhléidí a aicme rachmasaí. Baineann sé úsáid as argóint na móruaisle i ngach ré: caithfimid deireach a chur leis an duine achrannach a chruthaíonn fadhbanna in ainm leas an phobail – is é sin a rá, só na Sadúcach. Ach labhair sé níos eolaí na mar a cheap sé. Bhí duine amháin, Íosa, le bás a fháil ar son na ndaoine, agus ar mo shonsa.
    • Agus é ag machnamh ar an téacs seo, luaigh an Pápa Proinsias go bhfuair Íosa bás ar son a mhuintire agus ar son gach duine. Ach, d’áitigh an Pápa, ná bíodh sé seo i gceist ó thaobh aicme de; ciallaíonn sé go bhfuair Íosa bás go háirithe ar son gach uile dhuine beo againn, duine ar dhuine. Léiríonn sé seo ar deireadh thiar thall grá Íosa do gach duine.
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Tá faitíos ar Cháiafas go dtarraingeoidh an dea-mhéin choitianta atá ag an phobal d’Íosa aird agus fearg na Rómhánach, agus dá thoradh sin go scriosfaidh na Rómhánaigh an Teampall – an áit naofa – agus an náisiún. Tá Cáiafas chomh dall sin nach léir dó gurb iad na Giúdaigh féin an teampall. An léir domsa freisin gur teampall me de chuid an Dé Bheo? A Thiarna, bain díom an daille seo orm chun go mbreathnóidh mé orm féin mar a bhreathníonn tusa orm.
    • Níor aithin na príomh-shagairt ná na scríobhaithe – na daoine ba léannta in Iosrael – cérbh é Íosa. Agus iad meallta le claontuairimí, chinn siad ar é a chur chun báis. An dtarlaíonn sé riamh go dtagann an mian orm, fiú go fo-chomhfhiosach, nár mhiste liom dá mbeadh a leithéid seo de dhuine sínte marbh?
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Sadúcach ab ea Cáiafas, é neamhthrócaireach, polaitiúil, agus rún daingean aige taca a chur leis an status quo agus leis na pribhléidí a bhain lena aicme gustalach. Baineann sé leas as na hargóintí a tharrraingíonn lucht cumhachta chucu i ngach aois: ní mór dúinn an mac mioscaise doscúch a chriogadh in ainm leas na coitiantachta - arb éard is brí leis sócúlacht na Sadúcach. Ach ba mhó gaois a bhí ina ráiteas ná mar a thuig sé. Bhí fear aonair ann, Íosa, a bhí le bás a fháil ar son na muintire, agus ar mo shonsa.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha