User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Eoin 1:35-40

Briathar Dé

Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.” Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa. D’iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D’fhreagair siad é: “A raibí” – is é sin le rá “a mháistir” – “Cá bhfuil cónaí ort?” “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d’fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair. Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar.

Eoin 1:35-40
  • Smaointí ar Scrioptúir an lae

    Active
    Default
    • Bhí Eoin Baiste sásta cead a gcinn a ligean lena dheisceabail: bhí a fhios aige nach ar líonmhaireacht a lucht leanúna féin a bhraith an seasamh a bhí aige mar dhuine i súile Dé. Dá mhéad sásamh agus spreagadh a bhainimse as na liostaí de chairde agus de leantóirí atá agam ar líne, guím go bhfaighe mé an tsaoirse sin a bhí ag Eoin Baiste, ionas gur féidir liom machnamh a dhéanamh ar chuspóir mo bheatha.
    • Ligim do Íosa ceist a chur orm, ‘Cad tá uait? Cad is mian leat a lorg?’ Mar fhreagra ar a spéis, labhraím leis go macánta faoina bhfuil i mo chroí. De réir mar a scaoilim leis mo chuid aislingí, ligim dó mé a bheannú agus a tharraingt i ndlúthchaidreamh leis.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha