Briathar Dé
Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.” Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Feiceann na deisceabail Íosa agus é léirithe ina ghlóir iomlán diaga. Is am faoi leith é dóibh mar a dheimhníonn Peadar – ‘is maith mar tharla anseo sinn’.
- Guth Dé an tAthair ag macallú tríd an scamall, cuireann sé teachtaireacht tábhachtach in iúl do na deisceabail agus dúinne: ‘Éistigí leis’. An croí a éisteann, is croí é a rinneadh gnaíúil trí ghrá Dé agus a teagascadh trína chuid focal. Is e an té a n-éistimid leis ná Mac Dé, Íosa, claochlaithe ina dhaonnacht.
- Is fearr cur síos ar urnaí mar éisteacht seachas mar labhairt.
- Caith roinnt ama ag macallú a chuid focal nó díreach ag éisteacht i d’urnaí le mothú an ghrá agus na síochána.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- Bhí de phribhléid ag na deisceabail Íosa a fheiceáil faoina ghlóir, agus an t-eolas a fháil go bhféadfadh sé – a bhí ina chara acu – bheith ina láthair go hiomlán agus i láthair Dé go hiomlán freisin. Chonaic Íosa gur eispéireas é seo a bhí thar a gcumas, agus dúirt sé leo é a choimeád mar rún ina gcroí agus iad ag gabháil anuas ón sliabh, ar ais go dtí gnáthchúrsaí an tsaoil. Gabhaimse buíochas le Dia as an inspioráid agus as an spreagadh a fhaighim i mo chuid urnaithe, agus iarraim mar aisce an tuiscint chun an soilsiú seo a mhuirniú agus a chaomhnú i lár mo chúrsaí laethúla, ionas go mbeidh sé ar mo chumas bheith i láthair Dé agus i láthair mo chairde araon.
Smaointí ar Scrioptúir an lae
ActiveDefault- An croí a thugann éisteacht, déantar é a atéamh le grá Dé, agus teagasctar é le briathra Dé. Is é Mac Dé an té lena n-éistimid, agus é ina dhaonnacht. Is fearr cur síos ar urnaí mar ghníomh éisteachta ná mar ghníomh cainte. Caith roinnt ama ag aithris a bhriathra, nó éist go simplí le fonn binn an ghrá agus na síochána atá le cloisteáil san urnaí.