• Fáilte

    Go dtaga tú ar thuiscint níos doimhne ar Dhia

    Fáilte go dtí Cúrsa Spioradálta Aidbhinteach na bliana. Tugann gach uile chúrsa spioradálta deis do dhuine suaimhneas a ghlacadh ó chúraimí na beatha coitianta agus marana a dhéanamh i gcruth urnaí ar staid an chaidrimh aige le Dia, leis na daoine timpeall air, agus leis an saol a bhfuil sé ag maireachtáil ann. Is deis iontach le haghaidh cúrsa spioradálta den sórt seo a dhéanamh, séasúr seo na hAidbhinte a réitíonn an Eaglais í féin le teacht Chríost a chomóradh lena linn.

    Mar chúnamh agus mar threoir dár nguí i mbliana, beidh liosta de shinsir Íosa a bhfuil cuntas orthu ag tús Shoiscéal Mhatha. Le linn duit a bheith ag guí leis an ábhar a chuirtear ar fáil anseo, tá súil againn go méadaí ar an tuiscint atá agat ar Dhia agus é i mbun oibre, ag réiteach I gcaitheamh na n-aoiseanna i gcomhair bhreith a Mhic. Tá súil againn freisin, go dtaga tú ar thuiscint níos doimhne, san am céanna, ar Dhia i mbun oibre I do shaol féin.
     

  • Gnóthaí Praiticiúla

    Céard iad na bronntanais agus na grástaí ba mhian leat a fháil ó Dhia

    Tosaímid le roinnt leideanna praiticiúla a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt duit sa gcás nach bhfuil cúrsa spioradálta den sórt seo déanta agat cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ina meabhrú duit sa gcás go bhfuil. Níor mhiste duit smaoineamh orthu seo faoi na trí cheannteideal seo a leanas: cén, cén uair, agus céard.

    Fiarfraigh díot cén fhad a fhéadfas tú caitheamh le gach uile sheisiún den chúrsa spioradálta. Is fiú cinneadh a dhéanamh roimh ré ina thaobh seo agus cloí leis. Ná héirigh as ró-luath má bhraitheann tú an phaidir a bheith leamh, agus ná lean ar aghaidh ró-fhada má bhraitheann tú go bhful ag éirí go maith léi. Tuairim is 20-25 nóiméad a mhaireas an t-ábhar a thairgtear i ngach uile cheann de na seisiúin seo. Tharlódh go mbeifeá ag iarraidh níos mó ama a ghlacadh le haghaidh tú féin a réiteach nó le fanacht leis ina dhiaidh. Roghnaigh achar ama a fhéadfas tú a fhí istach go compordach i do ghnáthimeachaí.

    Níor mhiste duit smaoineamh ar an am den lá is fearr a fheileas duit i gcomhair guí – ar maidin, tráthnóna nó le linn briseadh i lár an lae. Freisin, smaoinigh ar an áit is fearr duit le haghaidh guí agus smaoineamh.

    Ar deireadh, fiafraigh díot féin cé lena aghaidh a bhfuil tú ag déanamh an chúrsa spioradálta seo. Céard iad na bronntanais agus na grástaí ba mhian leat a fháil ó Dhia le linn na n-amanna guí seo. Bí cinnte go n-iarrann tú iad seo ar Dhia i dtús do ghuí agus go n-iarrann tú rud ar bith eile is mian leis-sean a bhronnadh ort.

    Nuair a bheas tamall caite agat ag smaoineamh ar na ceisteanna seo, beidh tú faoi réir le tosú ar an mbreathnú paidriúil seo ar shinsir Íosa. Sul má thosaíonn tú, tuig go gcuireann Dia fáilte romhat bualadh leis ar an mbealach seo, agus tuig freisin go bhfuil go leor eile ar fud an domhain ag déanamh an chúrsa spioradálta seo i do theannta.

  • Réamhrá

    Bhí réiteach á dhéanamh ag Dia ó thús stair Iosrael lena Mhac Íosa a chur ar an saol

    Le blianta beaga anuas, is mór i gceist cúrsaí ginealaigh. Bunaítear cláir teilifíse ar dhaoine mór le rá agus iad ag cuartú a sinsear. Tá suímh ghréasáin ann i gcomhair gnáth-dhaoine. Is mór an cúnamh faisnéis an daonáirimh ach más mian leat a ghabháil níos faide siar ná sin ní mór do dhuine obair níos crua a dhéanamh sna cartlanna paróiste lena gcuid cuntas breithe, pósta agus báis. Is minic a bhaintear siar as duine nuair a aimsíos sé gaolta i bhfad as láthair nó i mbun gairmeacha neamhghnácha. Tá caora fuaid nó dhó i ngach uile theaghlach, ach aimsíonn daoine eolas freisin faoi ghaolta a chaith saol fiúntach in ainneoin an tsaoil.

    Tosaíonn soiscéal Mhatha le caibidil a ndéantar cur síos inti ar ghinealach Íosa ag gabháil siar dhá ghlúin is dá fhichead! Tosaíonn sé le hAbrahám, fear a dtugtar ‘an t-athair seo againne sa gcreideamh’ air. Is léir go bhfuil leagan amach an-chinnte ar an gcaibidil agus í roinnte ina trí chuid de cheithre dhuine dhéag. Tá dhá eachtra mhóra i stair reiligiúnach na nGiúdach a bhriseas isteach orthu seo, mar atá ríocht Dháiví, an duine ba mhó le rá de na ríthe Giúdacha, is dóigh, agus am na héigeandála nuair a cuireadh scothaicme an náisiúin ar deoraíocht go dtí an Bhablóin. Is é aidhm bhunúsach Mhatha a thaispeáint go raibh réiteach á dhéanamh ag Dia ó thús stair Iosrael lena Mhac Íosa a chur ar an saol.
     

  • Scrioptúr

    Matha 1:1-17

    Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám. Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram; ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón; ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái; ghin Iseái Dáiví rí.

    Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías; ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf; ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias; ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias; ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias; ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil; ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób; ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.

    A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.

  • Anuas trí na glúine bhí Dia ag réiteach áite duitse sa saol seo

    Le linn an chúrsa spioradálta seo, caithfimid súíl ar chúpla duine de shinsir Íosa, go bhfeicimid cén chaoi ar féidir lena gcuid scéalta siúd an creideamh seo againne a mhéadú agus muid ag réiteach i gcomhair bhreith Íosa a mbeidh muid á comóradh i gceann cúpla seachtain. Agus muid ag tabhairt faoin gcúrsa spioradálta, níor mhiste tamall a chaitheamh ag déanamh do mharana ar fhoinse do chreidimh féin. An rud é is féidir leat a leanacht siar go dtí do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí, nó níos faide siar ná iad sin go fiú? Tabhair faoi deara nach fearr freagra amháin ná freagra eile. Tá gach uile dhuine againn i dtuilleamaí daoine eile as ucht ár gcreidimh – go fiú más leabhair a thug chun na Críostaíochta thú, is féidir leat páirt na n-údar a admháil. Mar sin féin, caithfidh gach uile dhuine amháin againn cinneadh pearsanta a dhéanamh a bheith inár ndeisceabal agus gan a bheith ag súil go nglaca duine ar bith eile seasamh chomh tromchúiseach ar ár son.

    I ndeireadh báire, an rud atá fíor faoi Íosa, tá sé fíor fútsa freisin. Bhí Dia ag réiteach le do thabhairt-se chun beatha sul má túsaíodh an saol. Anuas trí na glúine, bhí Dia ag réiteach áite duitse sa saol seo, in áit áirithe nó in áiteanna áirithe agus I láthair daoine áirithe. Le linn sheachtainí an chúrsa spioradálta seo agus muid ag breathnú ar an gcaoi a ndearna Dia é seo ar son Íosa, guímid go dtuigimid níos fearr an grá gaoismhear cinniúnach lena meallann agus lena gcruthaíonn Dia an uile dhuine againn.
     

Abhaile