• Cuireadh

    Tabhair aird ar cibé ar bith fuaimeanna a airíos tú i do thimpeall

    Nuair a thosaíos tú ar am marana paidriúla, is mór is fiú tamall a thabhairt duit féin lena éirí níos socra, níos ciúine agus níos dírí. Is iomaí bealach lena dhéanamh seo agus tharlódh gurb eol duit cheana féin bealach a fheileas duit féin go breá. Agus tú ag tosú ar an am guí inniu, tabhair aird ar cibé ar bith fuaimeanna a airíos tú i do thimpeall. Tharlódh gur in áit an-chiúin atá tú; mar sin féin, is dóigh ná a mhalairt go bhfuil fuaim éigin a airíos tú. Nó sin tharlódh go bhfuil go leor torainn thart ort, tranglam uile na beatha laethúla. Is cuma cén bhail atá ar an áit timpeall ort, tabhair aird ar na fuaimeanna, agus tabhairt aird freisin ar an áit arb as a thagas siad.

  • Cleacht mórchiúnas

    Dírigh ar fhuaimeanna ar bith atá i ngar duit

    Anois, tarraing d’aird isteach, agus dírigh ar fhuaimeanna ar bith atá i ngar duit. Lig tharat na cinn eile – beidh siad ann sa gcúlra i gcónaí. Ach dírigh ar fhuaim ar bith a airíos tú in aice láithreach, sa seomra a bhfuil tú nó ar fhuaim ar bith a thagas ón rud nó ón duine is gaire duit. Tabhair aird ar na fuaimeanna seo is gaire duit ar feadh nóiméid.

    Anois lig do na fuaimeanna seo a ghabháil in éag, de réir a chéile, sa gcúlra a fhad is atá d’aird-se ag iompú isteach.  Faigh áit chiúin ionat féin, agus ná déan tada ach scíth a ligean ar feadh nóiméad nó dhó sa gciúnas i do lár istigh.

    Éist le briathar Dé á labhairt isteach san áit chiúin sin, agus tú ag éisteacht leis an gcuntas a thugtar i leabhar Gheineasais ar Dhia ag glaoch ar Abrahám.
     

  • Scrioptúr

    Geineasas 12: 1 - 7 
    Dúirt an Tiarna le hAbrám: "Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d'athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine. Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú." D'imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh Lót in éineacht leis. Bhí Abrám cúig bliana déag is trí fichid nuair a d'fhág sé Hárán."

    Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D’imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd. Thaispeáin an Tiarna é féin d’Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.

  • Machnamh

    Cén chaoi ar thosaigh d’aistear creidimh féin

    Is é ‘Abrám’ a ndearnadh ‘Abrahám’ de ar ball, an chéad ainm ar liosta shinsir Íosa a luas Matha ina shoiscéal. Is é an sliocht atá díreach léite agat an cuireadh i gcruth gairme a fuair sé aghaidh a thabhairt ar Thír Tairngre. Is trí aird a thabhairt ar an ngairm sin a rinneadh ‘an t-athair seo againne sa gcreideamh’ d’Abrahám, mar a deirtear sa liotúirge Caitliceach. Cén áit agus cén chaoi ar thosaigh d’aistear creidimh féin?

    D’éirigh Abrám amach mar gur thug Dia gealladh dó. ‘Déanfaidh mé náisiún iontach díot.’ Baineann sé muinín as Dia agus as dílseacht Dé dó. Dá dtabharfaí do dhúshlán-sa cuntas a thabhairt ar do chreideamh, agus ar an bhfáth ar Críostaí thú agus a bhfanann tú i do Chríostaí, cén freagra a thabharfá? An eol duit rud ar bith a gheall Dia duitse i do shaol féin?

    Ní d’Abrahám amháin a thugas Dia gealladh. Éiríonn Abrahám amach lena bhean, a nia, go leor dá theaghlach sínte, a líon tí uile. Agus síntear an gealladh ar aghaidh: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Cé hiad na daoine a bhíos i do theannta ar d’aistear creidimh, a thugas tacaíocht duit agus a mbíonn súil acu le cúnamh uaitse agus iad ag iarraidh a bheith ina ndeisceabail de chuid Chríost?

  • Ag labhairt le Dia

    Is féidir buíochas a ghabháil le Dia as ucht cuid de na nithe maithe atá déanta aige duitse

    Níos deireanaí ina shoiscéal, inseoidh Matha faoi Íosa a bheith ag glaoch ‘Dia Abrahám, Dia Íosác, agus Dia Iacób’ ar an Dia arb eol dó gur Athair é. Ainmnítear Abrahám anseo i dteannta a mhic agus a gharmhic, an chéad triúr i nginealach Íosa de réir mar a thugas Matha é. Comhlíontar gealladh Dé anuas trí na glúine seo. Mar sin féin, ní shaolaítear Íosác nó go mbíonn Abrahám agus a bhean anonn san blianta, agus is beag eile nach ndéantar íobartach de. Agus is trí chleas a imirt ar a dheartháir is sine ná é, Éasáú, a éiríos le hIacób a theacht i seilbh an gheallta a ghoideas sé uaidh. De réir cosúlachta, comhlíontar gealltaí Dé ar bhealaí nach mbítear ag súil leo, amanna nuair atá deireadh dúile bainte díobh ag daoine. An léir duit féin amanna ar oibrigh Dia mar seo i do shaol?

    Ag deireadh an tsleachta seo, agus Tír Tairngre bainte amach aige, tógann Abrahám altóir ann le buíochas a ghabháil le Dia as ucht gach a bhfuil déanta ag Dia dó. B’fhéidir nár mhiste duitse deireadh a chur le do ghuí inniu trí chúpla nóiméad a ghlacadh le buíochas a ghabháil le Dia as ucht cuid de na nithe maithe atá déanta aige duitse, agus as ucht na ngealltaí atá comhlíonta aige i do shaol féin.
     

Abhaile