Cuireadh
Tabhair thú féin faoi deara ag análú iseach agus ag análú amach
- Tabhair aird ar d’anáil ag tosach do ghuí inniu agus gluais níos doimhne isteach sa gciúnas. Seachain an bhféachfá lena rithim na a dhoimhne a athrú. Ná déan ach a tabhairt faoi deara. Tabhair thú féin faoi deara ag análú iseach agus ag análú amach. Tabhair faoi deara an t-aer a tharraingítear isteach i do chuid scamhóg, agus tabhair faoi deara é á sheoladh ar ais go dtí an t-atmaisféar agus tú ag análú amach. Tabhair aird go simplí agus go socair ar an gcéad leath-dhosaen análacha agat.
Cleacht mórchiúnas
Bíodh aird agat i gcónaí ar an Spiorad i do lár féin
- Bíodh aird agat ar d’anáil agus í ag gabháil isteach i do chliabhrach an babhta seo. Is é an focal céanna a chuireas ‘anáil’ agus ‘spiorad’ in iúl san Eabhrais. Samhlaigh anáil Dé, spiorad Dé á thógáil isteach agat, agus do lár a bheith faoi thuile ag teolaíocht agus gile Dé.
- Anois lig do d’análú leanacht ar aghaidh sa gcúlra, ach bíodh aird agat i gcónaí ar an Spiorad i do lár féin agus é ag ligean scíthe san áit chiúin sin.
- Tabhair aird ar bhriathar Dé anois san áit chiúin seo de réir mar a chastar ort é sa sliocht seo as Leabhar Rút:
Scrioptúr
Rút 2: 8 - 13
Dúirt Bóaz le Rút: “Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa. Bíodh do shúil agat ar an gcuid sin den ghort a bhíonn á bhaint acu agus bí ina ndiaidh aniar. Tá ordú tugtha agam do mo sheirbhísigh gan cur isteach ort. Má bhíonn tart ort, buail síos chun na soithí agus ól deoch as ar tharraing na giollaí.” Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?” D’fhreagair Bóaz: “Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d’fhear bás; mar a d’fhág tú d’athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo. Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.” Ansin dúirt sí: “Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá
shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.”Machnamh
An bhfuil tú féin in ann cuimhneamh ar am éigin a ndearnadh cineáltas gan choinne ort
- De réir an liosta de shinsir Íosa a thairgeas Matha ag tús a shoiscéil, is iad Bóaz agus Rút seantuismitheoirí an Rí Dáiví. Níl i Rút ach an dara bean a luas Matha anseo. Is mó an t-ionadh dá réir sin gur coimhthíoch í agus nach duine den Chine Tofa ar chor ar bith í. Is as Móáb í, tír ar an taobh thall den Mhuir Mharbh ó Iosrael. An bhfuil amhras ort féin nó ar dhaoine de do lucht aitheantais faoi choimhthígh nó an amhlaidh nach mbaineann tú muinín astu? An dtugann sé sin tuiscint duit ar an gcaoi ar bhreathnaigh na Giúdaigh ar Rút agus í ag cónaí ina measc?
- Is baintreach bhocht Rút agus í ag tabhairt aire dó mháthair a fir a raibh aois mhaith aici. Tá sí ag iarraidh slí mhaireachtála a bhaint amach trí bheith ag bailiú arbhair i ngoirt Bhóaz, fear uasal saibhir sa bpobal Giúdach. Ar dtús ní thuigeann sí gur luigh a shúil uirthi agus gur iarr sé ar a chuid fear í a chosaint. An bhfuil tú féin in ann cuimhneamh ar am éigin a ndearnadh cineáltas gan choinne ort? An dtugann an cleacht sin tuiscint níos fearr duitse ar an gcaoi a bhfuil Rút ag aireachtáil sa sliocht seo?
Ag labhairt le Dia
Cén áit is mó a n-airíonn tusa Dia ag obair trí imeachtaí coitianta agus trí chaidrimh i do shaol féin
- Tá cloiste ag Bóaz faoin gcaoi ar fhág Rút a tír dhúchasach agus faoin gcaoi agus í ina baintreach ar thug sí aire do mháthair a fir Náóimí. Guíonn sé go dtuga Dia luach saothair di agus go gcosnaí sé í. Freisin, tairgeann sé a thacaíocht féin di agus ar ball tairgeann sé a ghrá féin di. Is é a mac Óbaed an chéad bhláth eile ar an gcraobh ghinealaigh a shroichfeas go Críost. Léirítear Dia agus é ag obair trí chineáltas laethúil agus trí ghrá na beirte seo lena chuid pleananna a chomhlíonadh. Cén áit is mó a n-airíonn tusa Dia ag obair trí imeachtaí coitianta agus trí chaidrimh i do shaol féin?
- Agus tú ag críochnú an tsieisiúin ghuí seo, labhair le Dia ar feadh nóiméad nó dhó i dtaobh cuid de na daoine gan choinne a thug cúnamh duit a theacht níos gaire do Dhia i do shaol féin. B’fhéidir go bhféadfá a bheith san airdeall le linn na seachtaine seo ar Dhia agus é ag obair trí na daoine i do thimpeall is lú a gcuimhneodh tú orthu.